Aimsir na bliana 2024
Bhí sé ina dheargtheas ar fud na cruinne aon uair amháin eile sa bhliain 2024. Ba í 2024 an bhliain ba theo riamh ó tosaíodh ag coinneáil taifead.
Cineál | events in a specific year or time period (en) | ||
---|---|---|---|
Dáta na bliana | 2024 | ||
Suíomh | Domhan | ||
Bhí Dé Domhnaigh 21 Iúil 2024 ar an lá ba theo riamh ar fud an domhain ó cuireadh tús leis na taifid.[1][2] Ar an meán, bhí an teocht dhá mhéadar os cionn dhromchla an domhain chomh hard le 17.09 céim Celsius, .01C níb airde ná an teocht ab airde roimhe sin sa bhliain 2023.[3]
Cúlra
cuir in eagarBhí aimsir na bliana 2022 is teo dár taifeadadh ariamh in Éirinn agus sa Bhreatain go dtí an dáta sin.[4] D'fhág tuilte na Pacastáine aon trian den tír báite; bhí breis is 33 milliún duine, nó duine amháin as seachtar, buailte.
Sa bhliain 2023, bhí sé ina dheargtheas ar fud na cruinne aon uair amháin eile. Ba í 2023 an bhliain ba theo riamh, go dtí an dáta sin, ó tosaíodh ag coinneáil taifead.[5][6][7][8] Ar an meán, bhí ardú 1.5 céim ar an teocht domhanda in 2023 ó thosaigh an Réabhlóid Thionsclaíoch.[9]
- Olltoghchán na hÉireann 2024 ar an 29 Samhain 2024. Níor caitheadh an oiread ama ag plé cúrsaí aeráide le linn an fheachtais toghcháin agus a caitheadh ag plé cúrsaí tithíochta, an costas maireachtála, srl. Buaileadh go dona Comhaontas Glas. Ina theannta sin, rinne an Dr. Cara Augustenborg agus na hollúna Hannah Daly agus Mary Murphy anailís neamhspleách thar ceann Chairde na Cruinne agus an ChOBÁC ar pholasaithe aeráide Fhianna Fáil, Fine Gael agus Sinn Féin. Léirigh an cíoradh a rinneadar nach raibh beartais ná amchlár i bhforógraí na bpáirtithe sin a dheimhneodh go mbainfí amach fiú an lag-laghdú ar astaíocht charbóin atá socraithe de réir dlí a bhaint amach faoi 2030. Thug na saineolaithe ‘teip’ mar sin ar bheartais aeráide na bpáirtithe.[10] Reáchtáladh
2024
cuir in eagarDar le gníomhaireacht monatóireachta an Aontais Eorpaigh, Copernicus, bhí 2024 ar an mbliain is teo a taifeadadh riamh. Bhí teocht na cruinne i mbliana 1.55 céim Celsius níos airde ná an mheánteocht a bhí ann idir na blianta 1850-1900, díreach sular tosaíodh ag dó breoslaí iontaise ar bhonn tionsclaíoch. Bhí 2024 an chéad bhliain don teocht a bheith níos mó ná 1.5 céim os cionn mheánteocht na mblianta úd.[11][12]
Ní amháin sin, ach gach mí idir Meitheamh 2023 - Lúnasa 2024 - ceithre mhí dhéag as a chéile - chuir Copernicus tuarascáil ar fáil ag rá go raibh gach mí ar an mí ba theo riamh ó cuireadh tús leis na taifid, i.e., bhí Márta 2024 ar an Márta ba theo riamh; bhí Aibreán 2024 ar an Aibreán ba theo riamh agus bhí Bealtaine 2024 ar an mBealtaine ba theo riamh agus mar sin de.[1]
Is é an t-athrú aeráide is cionsiocair leis an anaimsir arb í is siocair le roinnt de na tubaistí móra daonna atá ag tarlú níos minice ar na saolta seo, cuir i gcás, an lomscrios a rinne na maidmeanna tuile a bhí in oirthear na Spáinne in 2024.
Bhí baint ag an bpatrún aimhrialta aimsire El Niño leis an scéal freisin. Cé gur feiniméan nádúrtha é El Niño a chothaíonn as féin ardú teochta, fearthainn throm agus triomach, creideann saineolaithe áirithe go bhfuil téamh leanúnach na cruinne ag cur lena fhíochmhaire.[11]
Tubaistí
cuir in eagar- Ar an 6 Nollaig 2024, rinne stoirm Darragh dochar criticiúil don chalafort Caergybi – cruthúnas eile, má bhí cruthúnas eile ar bith ag teastáil, go bhfuil truailliú na haeráide ag bagairt go láidir ar Éirinn. Deir saineolaithe go mbeidh tuilleadh stoirmeacha tréana den chineál seo ann sa todhchaí is go léiríonn an dochar a rinneadh in Caergybi an phráinn a bhaineann le teacht ar réiteach ar fhadhb na haeráide.[13]
- Bhuail tuilte an Stát Rio Grande do Sul i bhfíordheisceart na Brasaíle idir 29 Aibreán - tús na Bealtaine 2024, de thoradh titim throm báistí.
- Tuilte na Spáinne. Bhí os cionn 220 duine[14] maraithe de bharr maidhmeanna tuile in oirthear na Spáinne i mí Dheireadh Fómhair 2024.[15][16][17][18][19]
Ceapadh beartais
cuir in eagar- Thug Parlaimint na hEorpa a beannacht don Dlí Athchóirithe Nádúir an Aontais Eorpaigh ar an 27 Feabhra 2024. (Caithfidh tíortha an Aontais Eorpaigh plean a leagan amach faoin gcaoi a ndéanfar athchóiriú ar 20% de thalamh agus réimsí farraige an AE faoin mbliain 2030. Caithfidh siad na pleananna a leagan amach roimh 2027).[20][21][22]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 Nuacht RTÉ (2024-07-23). "Domhnach 21 Iúil ar an lá ba theo riamh ó thús na dtaifead" (as ga-IE).
- ↑ de réir eolais atá curtha ar fáil ag Seirbhís an Aontais Eorpaigh um Athrú Aeráide, Copernicus.
- ↑ Bhí stráicí móra de na Stáit Aontaithe, den Eoraip agus den Rúis buailte go trom ag tonnta teasa in 2024.
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-12-28). "2022 ar an bhliain is teo dár taifeadadh ariamh sa Bhreatain" (as ga-IE).
- ↑ Alex Hijmans (28 Nollaig 2023). "Cogadh dearg agus deargtheas – súil siar ar an domhan in 2023" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-12-29.
- ↑ "‘Foláireamh Dearg’ faoin athrú aeráide fógartha ag áisíneacht aimsire na Náisiún Aontaithe" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-03-19). Dáta rochtana: 2024-03-19.
- ↑ WMO (2024-03-15). "State of the Global Climate 2023" (en). World Meteorological Organization. Dáta rochtana: 2024-03-19.
- ↑ "Climate change indicators reached record levels in 2023: WMO" (en). World Meteorological Organization (2024-03-15). Dáta rochtana: 2024-03-19.
- ↑ "Copernicus: 2023 is the hottest year on record, with global temperatures close to the 1.5°C limit | Copernicus". climate.copernicus.eu. Dáta rochtana: 2024-01-11.
- ↑ Cathal Mac Coille (30 Samhain 2024). "Focal iarthoghcháin ón ‘Saoi Aeráide’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-12-01.
- ↑ 11.0 11.1 Nuacht RTÉ (2024-11-07). "2024 le bheith ar an mbliain is teo a taifeadadh riamh" (as ga-IE).
- ↑ De réir an chomhaontú aeráide a síníodh i bPáras in 2016, tá iallach ar thíortha an domhain an t-ardú teochta a choinneáil faoi bhun 2 chéim agus dianiarracht a dhéanamh é a choinneáil ag 1.5 céim.
- ↑ Eoin Ó Murchú / An Páipéar (2024-12-21). "Buille mor is ea dúnadh chalafort Caergybi" (ga-IE). Dáta rochtana: 2024-12-22.
- ↑ "Actualización de datos del Gobierno de España" (es). www.lamoncloa.gob.es. Dáta rochtana: 2024-11-21.
- ↑ Taifeadadh 185 mm in aon uair amháin sa bhaile Turis, taifead nua don Spáinn.
- ↑ RnaG (2024-11-01). "Sara Judge : Bean as Port Lairge atá lonnaithe i Valencia." (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2024-11-09.
- ↑ RnaG (6 Samhain 2024). "Colm Mac Grianna as Rann na Feirste ach a bhfuil cónaí ar i Valencia." (as ga-IE).
- ↑ RnaG / Caoimhin Mac Lochlainn as Leitir Ceanainn. (8 Samhain 2024). "Tá Caoimhín agus a chairde atá ag cur fúthu ansin i Valencia lag cuidiú leo sin atá buailte mar gheall ar na tuillte agus tá feachtas bailiúcháin airgid curtha ar bun acu." (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2024-11-09.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-10-30). "Os cionn 70 duine maraithe de bharr tuilte in oirthear na Spáinne" (as ga-IE).
- ↑ Glacadh leis an dlí seo le farasbarr 54 vóta. Vótáil Fine Gael i bhfabhar ach bhí Páirtí Phobal na hEorpa (European People's Party / EPP) in aghaidh i ndeireadh an lae.
- ↑ RnaG / Tús Áite (2023). "Tús Áite: Dlí Athchóirithe Nádúir." (as ga-IE) (Vótáil Pairlimint na hEorpa 12 IÚIL 23 ar son an Dlí nua Athchóirithe Nádúir le 336 feisire ar a shon, 300 ina choinne agus triúr déag a shéan ón vótáil. Labhraímid faoi seo le Seán Kelly (Feisire Eorpach le Fine Gael).).
- ↑ Catherine Connolly TD (Iúil 2023). "Catherine Connolly TD speaking on the Motion on Nature Restoration Law." (as en-IE).