Amhrán náisiúnta
Is é is amhrán náisiúnta ann ná amhrán nó saothar ceoil eile a bhfuil ábhar tírghráúil aige, agus rialtas is údaráis oifigiúla an stáit ag baint úsáide as mar shuaitheantas don tír ag ócáidí oifigiúla. Ina lán tíortha, reachtaíodh dlíthe faoi cheartúsáid an amhráin náisiúnta, ach níl a leithéid riachtanach le go nglacfaí le hamhrán ar leith mar shiombaile náisiúnta den chineál sin. Mar shampla, is é an traidisiún an t-aon bhunús amháin le stádas an amhráin úd God Save the Queen sa Ríocht Aontaithe.
Is é amhrán na hÍsiltíre, Het Wilhelmus nó Amhrán Uilliam ó Nassau, an t-amhrán náisiúnta is sine sa domhan. Scríobhadh timpeall na bliana 1570 é, nuair a bhí an Cogadh Ochtó Bliain á chur ag an Ísiltír ar na Spáinnigh.
Níor éirigh an t-amhrán náisiúnta, mar nuáil chultúrtha, coitianta roimh an naoú haois déag. Is aireagán Eorpach é, go praiticiúil. Bíonn blas an cheoil chlasaicigh Eorpaigh ar amhráin náisiúnta na dtíortha neamh-Eorpacha féin, amach ó chúpla eisceacht a théann i dtuilleamaí cheol traidisiúnta na tíre (an tSín agus an tSeapáin, ach go háirithe).
An chuid is mó de na hamhráin náisiúnta, cantar i dteanga iad atá coitianta mar ghnáthurlabhra phobail sa tír. Mar sin féin, tá cúpla eisceacht ann. Nó cé gurb í an Urdúis teanga oifigiúil na Pacastáine, is í an Pheirsis teanga an amhráin náisiúnta. Teanga thábhachtach chultúrtha í an Pheirsis do mhuintir na Pacastáine, ach is ar éigean a labhraíonn aon duine ó dhúchas í sa tír sin.