An Colgán

réaltbhuíon sa leathsféar neamhaí theas

Réaltbhuíon dheisceartach is ea an Colgán, ceann den dá réaltbhuíon déag a chruthaigh Pieter Dirkszoon Keyser agus Frederick de Houtman idir na blianta 1595 agus 1597 ar son an réalteolaí Phléimeannaigh Petrus Plancius. Thug an réalteolaí Gearmánach Johann Bayer isteach ina léarscáil neamhaí Uranometria é sa bhliain 1603.

An Colgán
an Colgán
an Colgán
Ainm Laidine (IAU)Dorado
NodDor
Ginideach LaidineDoradus
Siombalaíochtan Colgán
Dronairde5 h
Diallas−60°
Achar179 céim cearnach
Céim 72ú
Líon na réaltaí
(amharcmhéid < 3)
0
Réalta is gileα Dor
(méid 3.27)
Réaltbhuíonta
ar theorainn leista
Infheicthe sna leithid idir +20° agus −90°
Sárfheicthe i rith na míosa seo: Feabhra an infheictheacht is fearr

Is é Dorado an t-ainm Laidine a thugtar ar an réaltbhuíon seo, cé nach focal Laidine go fíor é ar chor ar bith: focal Spáinnise is ea dorado, a chiallaíonn "órga" nó "óraithe" agus a thugtar go coitianta ar an dorád (Coryphaena hippurus), iasc a fhaightear i mara trópaiceacha is fothrópaiceacha ar fud an Domhain. Mahi-mahi a thugtar ar an dorád i measc lucht Haváí, agus dolphin-fish, dolphindorado as Béarla. Is é Doradus an fhoirm ghinideach atá ar Dorado, cé nach bhfuil an fhoirm seo ar an ngnáthfhoirm ghinideach as Laidin.

As Béarla tugtar Dorado, The SwordfishThe Goldfish ar an réaltbhuíon seo. Thug an t-eolaí Gearmánach Johannes Kepler Xiphias ("Claíomh") air ina Tabulae Rudolphinae sa bhliain 1627; sa bhliain 1758 bhain an tacsanomaí Sualainneach Carl von Linné úsáid as an focal Xiphias chun an colgán a chur in iúl. Is dócha gurb é sin an chúis a dtugtar an t-ainm seo go coitianta ar an réaltbhuíon.

Is é an tsaintréith is suntasaí de chuid na réaltbhuíne seo ná go bhfuil an chuid is mó de Scamall Mór Magellan le feiceáil air. (Tá an chuid eile ar réaltbhuíon an Tábla.) Tá Pol Theas an Éicliptigh ar an réaltbhuíon seo chomh maith.


Príomhghnéithe

cuir in eagar


Réada suntasacha domhainspéire

cuir in eagar


Ba iad an bheirt mhairnéalach Ollannacha Pieter Dirkszoon Keyser agus Frederick de Houtman a chruthaigh réaltbhuíon an Cholgáin idir na blianta 1595 agus 1597. Ar an 2 Aibreán 1595 chuir ceithre long chun na farraige ó Texel san Ollainn; ba é sin an chéad loingeas Ollannach a thaistil ar na hIndiacha Thoir. Bhí Keyser mar ardmháta agus ardphíolóta ar bord na loinge Hollandia sa loingeas.

Roimhe sin, áfach, rinne an ministir Pléimeannach Petrus Plancius teagmháil leis. Bhí Plancius ar cheann de bhunaitheoirí Chomhlacht Dúitseach na hIndia Thoir, ach bhí sé ina réalteolaí agus a chartagrafaí chomh maith. Sa bhliain 1589 rinne sé cruinneog neamhaí, ach níorbh fhéidir leis réigiún an phoil neamhaí theas a líonadh toisc nach raibh mórán eolais ar fáil i dtaobh cheantar sin na spéire. Mar sin de, thug sé gléasra réalteolaíoch do Keyser agus mhúin sé é conas é a úsáid chun réaltléarscáil a tharraingt den leathsféar neamhaí theas.

Fuair Keyser bás sa bhliain 1596, ach chríochnaigh a chúntóir Frederick de Houtman (in éineacht le mairnéalach eile, Vechter Willemsz) an léarscáil. Sa bhliain 1597 tháinig an loingeas ar ais go dtí an Ollainn, agus thug de Houtman an léarscáil neamhaí agus réaltchatalóg do Plancius. Bhí 12 réaltbhuíon nua ar an léarscáil agus 135 réalta ar an gcatalóg. Sa bhliain 1592 rinne Plancius cruinneog neamhaí nua a thug isteach na réaltaí agus na réaltbhuíonta nua (chomh maith le réaltbhuíon eile a chruthaigh sé féin, .i. an Colm). Sa bhliain 1603 tháinig na réaltbhuíonta nua amach i gcló don chéad uair ar réaltatlas Uranometria de chuid an réalteolaí amaitéaraigh Gearmánaigh Johann Bayer.

Sa lá atá inniu ann, glacann an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta le gach ceann de na réaltbhuíonta a chruthaigh Keyser agus de Houtman (féach an bosca thíos) – agus an Colgán san áireamh. Is é an t-ainm Ollainnise a thug an bheirt mhairnéalach ar an réaltbhuíon seo ná Den Dorado, ach d'aistrigh Plancius go Laidin é mar Dorado.

Miotaseolaíocht

cuir in eagar

Ós rud é gur réaltbhuíon nua-aimseartha í an Colgán, ní bhaineann aon mhiotaseolaíocht léi.

Féach fosta

cuir in eagar

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  • Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.2. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23673-0.


An 12 réaltbhuíon a chruthaigh Pieter Dirkszoon Keyser agus Frederick de Houtman idir 1595 agus 1597 agus a thug isteach Johann Bayer ina léarscáil neamhaí Uranometria sa bhliain 1603

an Caimileon | an Colgán | an Chorr | an Chuileog | Éan Parthais | an Féinics | an tIasc Eitilte | an tIndiach | | an Phéacóg | an Phéist Bheag | Triantán an Deiscirt | an Túcán


Na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha
an Abhainn | an tAerchaidéal | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAonbheannach | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | an Caimileon | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | an Chíle | an Clog | an Colgán | an Colm | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Chorr | an Chros | an Chuileog | an Cupán | an Cúpla | an Dealbhóir | an Deilf | Deireadh na Loinge | an Dragan | an Eala | Éan Parthais | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Féinics | an Fhoirnéis | Folt Bheirnicé | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIasc Eitilte | an tIndiach | an tIolar | an Laghairt | an Leon | an Leon Beag | an Lir | an Lincse | an Líontán | an Madra Beag | na Madraí Fiaigh | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Micreascóp | an Míol Mór | an tOchtamhán | an Phéacóg | Peigeasas | an Péintéir | Peirséas | an Phéist | an Phéist Bheag | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Riail | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Sciath | an Seiseamhán | na Seolta | an Sionnach | an Sioráf | an Siséal | an Tábla | an Tarbh | an Teileascóp | an Triantán | Triantán an Deiscirt | an Túcán | an tUisceadóir
  NODES
Chat 1
Done 1