Black Lives Matter
Gluaiseacht idirnáisiúnta um Chearta an Duine is ea Black Lives Matter (BLM), (Gaeilge: Mór Againn Beatha Daoine Gorma) a tháinig chun cinn ar dtús sa phobal Afrai-Mheiriceánach, a théann i mbun feachtais in aghaidh an fhoréigin agus an chiníochais shistéamaigh in éadan daoine gorma.
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Ainm gearr | BLM | ||||
Cineál | gluaiseacht shóisialta | ||||
Idé-eolaíocht pholaitíochta | frithchiníochas | ||||
Stair | |||||
Dáta a bunaíodh | 13 Iúil 2013 | ||||
Bunaitheoir(í) | Alicia Garza, Patrisse Cullors, Opal Tometi, Shaun King, DeRay Mckesson, Johnetta Elzie (en) , Tef Poe (en) agus Erica Garner | ||||
Ócáid shuntasach | |||||
26 Bealtaine 2020- | agóidí George Floyd | ||||
9 Lúnasa 2014 | dúnmharú Michael Brown | ||||
State of Florida v. George Zimmerman (en) | |||||
17 Iúil 2014 | killing of Eric Garner (en) | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Cuid de | gluaiseacht cearta sibhialta | ||||
Eile | |||||
Gradam a fuarthas
| |||||
Suíomh gréasáin | https://blacklivesmatter.com/ | ||||
Mana agus méim[1] is ea BLM sa lá atá inniu ann chomh maith.
Is in 2013 a cuireadh bun faoin fheachtas atá i ndiaidh scaipeadh ar fud na cruinne sna sála ar dhúnmharuithe a rinne póilíní i SAM ar dhaoine gorma.[2] Maíonn an ghluaiseacht go seasann siad ar son cothromais agus cearta daonna d’achan duine. Táthar ag iarraidh dlúthpháirtíocht dhomhanda a chothú.
Stair
cuir in eagarBhí fadhbanna an chiníochais lárnach sa pholaitíocht sna Stáit Aontaithe ó bunaíodh iad, ón sclábhaíocht a thug saibhreas don tír nua, go dtí cinedhíothú na mbundúchasach, siúlóidí ar son chearta daonna na ndaoine gorma agus feachtas BLM an lae inniu.[3] Ó cuireadh tús leis na Stáit Aontaithe bhí leatrom córasach ar an phobal ghorm ach go háirithe, leatrom a mhaireann go dtí an lá inniu.
Chruthaigh mná dubha an méim agus an mana BLM i ndiaidh mharú Trayvon Martin sa bhliain 2012.[4] Fuarthas neamhchiontach i ngach cúis an dúnmharfóir agus ansin scaipeadh an haischlib #BlackLivesMatter don chéad uair in 2013. Cuireadh borradh faoi ansin i ndiaidh mharú Michael Brown in 2014.[5]
Tá an mana ‘I can’t breathe’ in úsáid ag an ngluaiseacht BLM ón uair ar thacht póilín Eric Garner[6] i Nua-Eabhrac thiar sa bhliain 2014.[7]
Scaip na manaí 'BLM' agus ‘I can’t breathe’ ar fud an domhain ag agóidí ar son chearta an phobail dhuibh sa bhliain 2020, nuair a dhúnmharaigh póilín bán George Floyd i gcathair Minneapolis ar an 25 Bealtaine.
Gluaiseacht agus teaicticí
cuir in eagar“Is eagraíocht de chuid an 21ú haois í BLM";[8] is é atá i gceist, níl struchtúr eagraíochtúil ann, tá sé measartha scoite, scaoilte agus sin ceann de na buanna atá aige agus ceann de na laigí atá ann chomh maith.
Tarlaíonn agóidí BLM go rialta, ag labhairt amach i gcoinne na bpóilíní a mharaíonn daoine gorma, agus saincheisteanna níos leithne mar próifíliú ciníoch brúidiúlacht na bpóilíní, agus neamhionannas ciníoch i gcóras dlí choiriúil na Stát Aontaithe. Scaoileann na póilíní i SAM le duine dubh gach 24 bomaite. Is mó seans go scaoilfidh na póilíní páiste dubh ná páiste geal agus rachaidh gasúr dubh as gach triúr a tháinig ar an saol in 2000 go príosún.[8]
Cur in aghaidh
cuir in eagar‘Blue Lives Matter’ is ea mana na frithghluaiseachta conspóidí a tháinig chun cinn mar fhreagra ar an ngluaiseacht BLM. Samhlaítear an dath ‘gorm’ i mBéarla Mheiriceá leis na seirbhísí póilíneachta sa tír sin agus is don tsamhail sin a thagraítear sa mana ‘Blue Lives Matter’.
Gluaiseacht chiníoch atá i Blue Lives Matter sa chaoi is go ndéanann sé “beag is fiú” den ghluaiseacht Black Lives Matter agus de dhaoine a bhfuil imní orthu faoin bhforéigean in aghaidh daoine gorma a chuirtear i leith phóilíní Mheiriceá go minic.
Maraíodh Rafael Ramos agus Wenjian Liu as an NYPD i mBrooklyn ar 20 Nollaig 2014 agus bunaíodh an fhrithghluaiseacht i ndiaidh an eachtra seo. Tharla ionsaí eile i gcathair Baton Rouge i Louisiana ar 18 Iúil 2016 inar maraíodh 3 póilíní.[9] Fuath ba bhun leis an gcoir. Tugadh reachtaíocht isteach i Stát Louisiana chun na póilíní a chosaint.
Tháinig clú ar ghluaiseacht eile, na Proud Boys sna 2010idí mar gheall ar roinnt agóidí atá eagraithe acu mar fhreagra ar ghluaiseacht BLM agus mar gheall ar throideanna a mbíonn a gcuid ball páirteach iontu.[10]
BLM in Éirinn
cuir in eagar‘Gorm Chónaí Ábhar’
cuir in eagarSa bhliain 2017, thosaigh lucht na Gaeilge ar líne ag baint suilt as an íoróin a bhaineann le haistriúchán Gaeilge a rinneadh ar an mana conspóideach ‘Blue Lives Matter’.[11] ‘Gorm Chónaí Ábhar’ an Ghaeilge a cuireadh air. Sa Ghaeilge tugtar duine gorm ar dhuine a bhfuil craiceann dubh air, rud a fhágann lorg na híoróine ar an drochaistriúchán atá le feiceáil ar léine an fhir.
2020
cuir in eagarTá an ciníochas beo beathaíoch in Eirinn chomh maith[13] agus eagraíodh léirsithe Black Lives Matter in Éirinn sa bhliain 2020.[14][15][16]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ ‘meme’ i mBéarla
- ↑ "Bigil 'Black Lives Matter' i mBéal Feirste < Meon Eile". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2021-03-15.
- ↑ Ciarán Ó Pronntaigh (21 Lúnasa 2017). "An masc ag titim < Meon Eile". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2021-03-15.
- ↑ "Trayvon Martin" (as en) (2021-02-27). Wikipedia.
- ↑ "Shooting of Michael Brown" (as en) (2021-03-13). Wikipedia.
- ↑ "Killing of Eric Garner" (as en) (2021-03-13). Wikipedia.
- ↑ Alex Hijmans (2021). "‘I can’t breathe!’ – súil siar ar bhliain achrannach 2020" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-03-15.
- ↑ 8.0 8.1 Robert McMillen (2016). "‘Black deaths matter’ – oscailt súl í caint Gary Younge ag Féile an Phobail" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-03-15.
- ↑ Nuacht RTÉ (2016-07-18). "Achainí déanta go gcuirfí síocháin i bhfeidhm i Meiriceá" (as ga).
- ↑ Máirín Ní Ghadhra (2 Deireadh Fómhair 2020). "Cé hiad na Proud Boys a bhfuil ugach tugtha ag Donald Trump dóibh?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-03-15.
- ↑ Maitiú Ó Coimín (2017). "‘Blue Lives Matter’ = ‘Gorm Chónaí Ábhar’ – Gaeilgeoirí ar líne ag baint spraoi as drochaistriúchán" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-03-15.
- ↑ Sara Ní Chuirreáin (2020). "Tionscal an fhaisin ag tacú le Black Lives Matter, ach gníomh seachas geallúintí ag teastáil" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-03-15.
- ↑ Seán Mag Leannáin (22 Iúil 2020). "Meabhrú dúinn gur féidir leis an nGaeilgeoir a bheith chomh ciníoch le duine ar bith eile…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-03-15.
- ↑ "GAILEARAÍ: Slua mór i mbun léirsithe ar son Black Lives Matter i mBaile Átha Cliath" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-03-15.
- ↑ Póilín Ní Chiaráin (2020). "Cur chuige ciotach ag an PSNI i leith na léirsithe Black Lives Matter" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-03-15.
- ↑ Pádraic Ó Ciardha (Meitheamh 2020). "‘Go back to your cotton fields’ – cur síos déanta ag fear óg Gaeltachta ar na maslaí ciníocha a caitheadh leis" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-03-15.