Sicín
Is éan clóis é an sicín. Is baill d'fhine na Phasianidae iad na sicíní. Gallus gallus domesticus a thugtar orthu mar ainm eolaíoch. Sa bhliain 2003, bhí breis is 24 billiún sicín ann ar fud an domhain.
Gallus gallus domesticus | |
---|---|
Taifead | |
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | brollach sicín, circeoil agus ubh shicín |
Tacsanomaíocht | |
Aicme | Aves |
Ord | Galliformes |
Fine | Phasianidae |
Géineas | Gallus |
Fospeiceas | Gallus gallus domesticus |
Tugtar coileach ar an bhfireannach agus tugtar cearc ar an mbaineannach.
Tréithe
cuir in eagarEitilt
cuir in eagarCé go n-úsáideann formhór na n-éan a n-eití chun eitilt, níl sicíní rómhaith ag eitilt. Tá siad in ann eitilt go dtí a bpéirsí nó thar an claí ach den chuid is mó den am, fanann siad ar an talamh. Tá lachain agus géanna go maith ag eitilt. Má tá siad ina gcónaí i gcró atá oscailte ar barr, bíonn ar an bhfeirmeoir cléití eite amháin a bhearradh ionas nach mbeidh siad in ann eitilt as an gcró. Tá an bearradh cleití seo mar bhearradh gruaige agus ní ghortaíonn sé an t-éan.[1]
Comparáid
cuir in eagarTá sicíní agus turcaithe cosúil lena chéile maidir le dhá phríomhthréith. Tá cosa ar a dtugtar crúibíní ag an dá cheann acu. Tá na crúibíní seo an-láidir agus úsáideann siad iad chun tochailt sa chré chun bia a fháil. Ina theannta sin tá goba géara ag an dá cheann acu chun bheith ag gobadh ar fheitheidí agus ar ghráinní.[1]
Seanfhocail agus nathanna cainte
cuir in eagarCearc
cuir in eagar- Is minic ubh mhór ag cearc bheag.
- Is trom cearc i bhfad.
- Chuirfeadh sé cosa faoi chearca duit.
- Chomh salach le teach na gcearc.
- Is olc an cearc ná scríobfaidh do féin.
- Is maith an cearc ná beireann amuigh.
Coileach
cuir in eagar- Glaonn gach coileach go dána ar a atrainn fhéin.
Sicín
cuir in eagar- Ní féidir ceann sicín a chur ar sheanchearc.
- Sicín fómhair, Dónaillín geimhridh
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 agriaware.ie. "Bia ón bhfeirm". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-06-18. Dáta rochtana: 2023.