An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Ollscoil Éireannach is ea An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath nó COBÁC (Béarla: University College Dublin (UCD)), (nó Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath mar a ghlaoitear uirthi go minic), (University College Dublin - National University of Ireland, Dublin tráth), atá suite i mBelfield i ndeisceart na príomhchathrach, Baile Átha Cliath. Is an ollscoil is mó in Éirinn í le breis agus 20,000 mac léinn cláraithe inti. Is comhcholáiste de chuid Ollscoil na hÉireann í.
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál | ollscoil phoiblí ollscoil taighde | ||||
Stair | |||||
Dáta a bunaíodh | 1854 | ||||
Gníomhaíocht | |||||
Ball de | Digital Preservation Coalition (en) ORCID Cumann Eorpach na nOllscoileanna An Chomhghuaillíocht um Chur Chun Cinn an Mheasúnaithe Taighde | ||||
Líon scoláirí | 33,321 (2021) | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Máthaireagraíocht | Ollscoil na hÉireann | ||||
Suíomh gréasáin | ucd.ie | ||||
Stair
cuir in eagarB'í an chéad ollscoil Chaitliceach in Éirinn í. Tagann an ollscoil ó bhforas, The Catholic University of Ireland, a raibh lámh ag John Henry Newman ina bunú agus is é a bhí mar an chéad reachtaire uirthi sa bhliain 1854. Rinneadh athmhúnlú air sa bhliain 1880 agus a fuair a cairt féin faoi 1908.
Foirgnimh san Ollscoil agus cinn atá nasctha léi
cuir in eagar- Foirgneamh Agnes McGuire d'Obair Shóisialta
- Ionad Talamhaíochta & Eolaíocht an Chothaithe
- Teach an Aird Mhóir
- Banc, AIB
- Árais Chónaithe na Mac Léinn, Belgrove
- Bloc D na Carraige Duibhe
- Halla Thoir/Thiar na Carraige Duibhe
- Ionad Scrúduithe na Carraige Duibhe
- Aireagal na Carraige Duibhe
- Bialann na Carraige Duibhe
- Árais Chónaithe Mac Léinn na Carraige Duibhe
- Ionad Thaighde ar Ghlair Thógálacha
- Ionad Um Shintéis agus Cheimbhitheolaíocht
- Institiúid Deirmeolaíochta Charles
- Ospidéal Ollscolaíoch na Leanaí
- Ionad Clinton an Léinn Mheiriceánaigh
- Saotharlann na gCóras Coimpléascach agus Oiriúnaitheach
- Ionad Ríomhaire
- Ionad na Ríomheolaíochta agus na Faisnéisíochta
- Institiúid Mhic Con Mí
- Ospidéal Ollscoile an Choim do Mhná
- Áras Daedalus
- Ionad Fuinnimh
- Ionad Innealtóireachta & Eolaíocht na nÁbhar
- Institiúid Uí Ghadhra
- Lárionad Gerard Manley Hopkins
- Árais Chónaithe na Mac Léinn, Gleann na Mine
- Scoil Chéimithe agus Ghnó
- Foirgneamh Hanna Sheehy-Skeffington
- Ionad na nEolaíochtaí Sláinte
- Institiúid na hÉireann don Léann Daonna
- Micribhitheolaíocht Thionsclaíoch
- Leabharlann James Joyce
- Institiúid John Hume don Léann Éireannach Domhanda
- Fiobróis Scamhóige
- Ospidéal an Mater Misercordiae
- An Biúró Liachta um Shábháilteacht ar Bhóithre
- Árais Chónaithe na Mac Léinn, Merville
- Árais Chónaithe Mhucrois
- An Institiúid Náisiúnta um Thaighde & Oiliúint Bithphróiseála
- An tOspidéal Náisiúnta Máithreachais
- An tSaotharlann Náisiúnta Tagartha Víris
- Áras Newman
- Teach Newman
- NovaUCD
- Ionad Léinn Scannánaíochta Uí Chatháin
- Halla Uí Raghallaigh
- Naíolann Chnocán Daireach
- Séipéal Mhuire Suí na hEagna
- Ospidéal Mhuire na Leanaí
- Polasaí Comhshaoil agus Pleanála
- Áras Cónaithe Proby
- Scoil Ghnó Uí Chuinn
- Foirgneamh Léachtaí Richview
- Leabharlann Richview
- Halla Cuimhneacháin Richview
- Scoil na hAiltireachta, Richview
- Caisleán an Ruabhoic
- Árais Chónaithe Chaisleán an Ruabhoic
- Árais Chónaithe an Ruabhoic
- Ionad Oideachais Dlí an Ruabhoic
- Oifigí an Ruabhoic
- Cnócán na Rós
- An tOspidéal Ríoga, Domhnach Broc
- Ionad Eolaíochta
- Ionad Eolaíochta - Mol
- Ionad Eolaíochta - Thuaidh
- Ionad Eolaíochta - Theas
- Ionad Eolaíochta - Thiar
- Ionad Spóirt
- An Pailliún Spóirt
- Ospidéal Naomh Micheál
- San Stiofán
- Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann
- Lárionad na Mac Léinn
- Club na Mac Léinn
- Ionad Cúraim Sláinte an Choim
- Gort na Sceiche
- Áras Uí Thiarnaigh
- Ospidéal Ginearálta an Tulach Mhór
- Foirgneamh Taighde UCD
- Institiúid Uirbeach na hÉireann
- Ospidéal Tréadliachta
- Ionad na nEolaíochtaí Tréadliachta
- Teach Radharc na Coille
Ainmníodh foirgneamh sa Choláiste i gcuimhne ar Gerard Manley Hopkins sa bhliain 2011, tar éis a thréimhse ann mar Ollamh Gréigise.
Bhronn Peter Sutherland €4 mhilliún de dheontas ar an gColáiste Ollscoile, le scoil dlí nua a thógáil in áit an tseanchinn, Caisleán Ruabhoic. Scoil Dlí COBÁC Peter Sutherland a thugtar ar an scoil.
Scoil an Leighis agus Eolaíocht an Leighis
cuir in eagarTá cúrsaí ollscoile a bhaineann le heolaíochtaí an duine lonnaithe in Ionad na nEolaíochtaí Sláinte (Foirgneamh na n-Eolaíochtaí Sláinte chomh maith) ar champas Belfield. B'é scoil an leighis agus na hinnealtóireachta an dá dháimh dheirneacha a bhog amach ó Ardán Phort an Iarla go Belfield.
Tá Scoil an Leighis nasctha le hOspidéal Ollscoile Naomh Uinseann agus é mar phríomhospidéal oiliúna acu.
Cumainn agus Meáin na Mac Léinn
cuir in eagarIs é an Cumann Liteartha agus Stairiúil an cumann díospóireachta is mó ar an gColáiste agus ceann de na cinn is mó, is sine agus is aitheanta sa tír ar fad chomh maith. Cuireann an cumann díospóireachtaí agus comórtais rialta ar siúl.
Is cumann mór mac léinn é an Cumann Gaelach a eagraíonn réimse leathan imeachtaí gach bliain. Le tamall de bhlianta anuas bhí os cionn 1,000 ball ag an gCumann. Sa bhliain 2011 bhí os cionn 2,000 ball acu.
Na Meáin Chlóite
cuir in eagarTá dhá phríomhnuachtán mac léinn sa choláiste. Is nuachtán mórbhileoige é an University Observer a fhoilsítear gach coicís. Is nuachtán tablóide é an College Tribune a bhunaigh an t-iriseoir Vincent Browne.
Raidió
cuir in eagarIs stáisiún raidió mac léinn é Belfield FM a chraolann as An Coláiste Ollscoile, ar líne agus ar FM ar feadh tréimhsí áirithe gach bliain.
Spórt
cuir in eagarIs iomaí spórt a imrítear ar champas agus is ann do mhórán áiseanna éagsúla cé nach bhfuil raon reatha ag an gColáiste a thuilleadh. Osclaíodh ionad úr spóirt sa bhliain 2012 a bhfuil linn snámha, giomnáisiam agus áiseanna eile mac léinn ann.
Sacar
cuir in eagarIs ann a imríonn Cumann Peile Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.
Naisc Sheachtracha
cuir in eagar- http://www.ucd.ie/building/downloads/traffic/ucd_map_2006_q2_irish.pdf Curtha i gcartlann 2012-07-04 ar an Wayback Machine Léarscáil den champas (As Gaeilge)