Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh

Is eagraíocht mhíleata idirnáisiúnta a bhfuil 32 ballstát inti, 29 san Eoraip agus dhá cheann i Meiriceá Thuaidh, í Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh, nó ECAT (Béarla: North Atlantic Treaty Organisation - NATO, Fraincis: Organisation du traité de l'Atlantique nord - OTAN).

Bosca Sonraí EagraíochtaEagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh
(en) North Atlantic Treaty Organization
(fr) Organisation du traité de l'Atlantique nord Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach NATO Cuir in eagar ar Wikidata
lang=ga
(2021) Cuir in eagar ar Wikidata

ManaAnimus in consulendo liber Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósEagraíocht an Atlantaigh Thuaidh Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Ainm gearrNATO, OTAN, NAVO, НАТО, NAVO, OTAN, OTAN, OTAN, اَلْنَاتُو, 나토, 北约, 北約, НАТА, נאט"ו, נאַט"אָ, NBNL, نیٹو, NATO, NATO, КАСО, NATO agus NATO Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálcomhaontas míleata
eagraíocht idirnáisiúnta
eagraíocht idir-rialtasach
comhghuaillíocht mhíleata ilnáisiúnta Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga oifigiúilBéarla agus an Fhraincis Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh4 Aibreán 1949
Bunaitheoir(í)Paul-Henri Spaak, Lester B. Pearson, Gustav Rasmussen, Robert Schuman, Bjarni Benediktsson, Carlo Sforza, Joseph Bech, Dirk Stikker, Halvard Lange, José Caeiro da Mata, Ernest Bevin agus Dean Acheson Cuir in eagar ar Wikidata

1949Eagraíocht an Atlantaigh Thuaidh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Ball deEuropean Air Transport Command (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ballraíocht32 Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú (2017–)
ArdrúnaíMark Rutte (2024–) Cuir in eagar ar Wikidata
Ard-Rúnaí ECAT Cuir in eagar ar WikidataMark Rutte Cuir in eagar ar Wikidata
ÚdarásNorth Atlantic Council (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Fochomhlacht
Úinéir de
Codanna

Suíomh gréasáinhttps://www.nato.int
Facebook: NATO Twitter: NATO Instagram: nato LinkedIn: nato Youtube: UCHlEaKbepQ_S9iIoZPKVQew Flickr: 53299569@N03 Cuir in eagar ar Wikidata
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
NATO Headquarters (en) Aistrigh
Íomhá
Sonraí
CineálFoirgneamh agus ceanncheathrú Cuir in eagar ar Wikidata
AiltireSkidmore, Owings & Merrill (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhconraitheoir tógálaRoyal BAM Group (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Foirgníocht25 Bealtaine 2017 Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na hoscailte oifigiúla25 Bealtaine 2017 Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
Deireadh Fómhair 2010 start of construction (en) Aistrigh
Tréith
Tomhas32 (airde) m
Stórtha os cionn talún7 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
SuíomhHaren (en) Aistrigh
Map
 50° 52′ 46″ N, 4° 25′ 34″ E / 50.87931°N,4.42611°E / 50.87931; 4.42611
ID GeoNames6695079
Suíomh gréasáin oifigiúilnato.int…

Is córas comhslándála í ECAT: beartaíonn a ballstáit neamhspleácha an fód a sheasamh in aghaidh aon ionradh ón iasacht. I rith an Chogaidh Fhuair, ba shrian í ECAT ar bhagairt an Aontais Shóivéadaigh. D'fhan ECAT i bhfeidhm i ndiaidh scor an Aontais Shóivéadaigh agus Comhaontú Vársá, agus bhí agus tá baint acu in oibríochtaí míleata sna Balcáin, sa Mheánoirthear, san Áise Theas, agus san Afraic.

Is é "animus in consulendo liber" mana na heagraíochta (Laidin ar: meabhair gan srian sa mhachnamh).

 
Tíortha san ECAT (gorm)
 
ceanncheathrú ECAT sa Bhruiséil

Cuireadh tús leis an gcomhghuaillíocht nuair a síníodh Conradh an Atlantaigh Thuaidh in Washington D.C. ar an 4 Aibreán, 1949.

An aidhm a bhí léi comhoibriú a bhunú idir thíortha an Iarthair le bagairt na Sóivéadach a chosc. An prionsabal a bhí ag ECAT gurb ionann ionsaí ar thír amháin agus ionsaí ar gach tír eile a bhí mar bhall de.[1]

 
2020ː i seisiún iomlánach

Cé gur bunaíodh ECAT mar eagraíocht chosanta, bhreathnaigh na Sóivéadaigh uirthi mar chomhghuaillíocht ionsaitheach. Nuair a ceadaíodh don Ghearmáin Thiar bheith páirteach i 1955, dhaingnigh sin an dearcadh seo agus bhí APSS buartha go mbeadh an Ghearmáin ina tír láidir arís. Mar sin, i mBealtaine 1955 bunaíodh Comhaontú Vársá. Leagan cumannach de ECAT a bhí anseo leis na tíortha cumannacha uile ag aontú iad féin a chosaint i gcás ionsaithe ón Iarthar.

Ar 4 Aibreán 2023, d'éirigh an Fhionlainn an 31ú ball de ECAT. Tír neodrach ab ea í an Fhionlainn ar feadh blianta fada ach chuir siad an neodracht sin ar leataobh anuraidh nuair a d’fhógair siad go raibh sé i gceist acu ballraíocht a fháil in ECAT, Rinneadh an cinneadh sin mar gheall ar ionradh na Rúise ar an Úcráin.[2]

Dúirt Donald Trump i mí Feabhra 2024 go spreagfadh sé an Rúis ionsaí a dhéanamh ar chomhghuaillithe ECAT nár chomhlíon a gcuid oibleagáidí airgeadais, creid nó ná creid. Bhí sé ráite ag Trump, an iarrthóir Poblachtach don Uachtaránacht ag an am, nach dtiocfadh sé i gcabhair ar an Eoraip go deo agus go bhfuil port ECAT, mar eagraíocht chosanta, seinnte.

Mar thoradh ar na tuairimí seo, bhí roinnt polaiteoirí sinsearacha agus oifigigh ar fud an domhain ag labhairt amach i gcoinne Trump. Dúirt ardrúnaí ECAT go bhfuil ECAT fós réidh agus in ann gach comhghuaillí a chosaint agus chuir sé ina leith gur bhain Trump an bonn de ról ECAT trí bhonn a bhaint as creidiúnacht a dhíspreagadh. D’fhreagair Uachtarán na S-A, Joe Biden freisin agus é ag rá go raibh tuairimí Trump balbh, náireach agus contúirteach.[3] Ag an am céanna, bhí Emmanuel Macron, Uachtarán na Fraince, ag maíomh gur chóir don Aontas Eorpach a bheith níos neamhspleáiche ó thaobh cúrsaí cosanta de ('sí an Fhrainc an t-aon chumhacht núicléach san AE).[4]

ECAT agus Éire

cuir in eagar

Níl Éire ina ball den Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh i láthair na huaire. Ach cinnte tá Rialtas na hÉireann ag comhoibriú le ECAT. Mar gheall ar na bagairtí sna 2020idí (mar shampla, maidir le cibirionsaithe agus cosaint cáblaí sonraí ar ghrinneall na farraige timpeall na hÉireann), tá Éire i bpriacal ó ‘ghéarbhagairt ar muir’ ón Rúis agus ag an am céanna, tá Éire ag diúgaireacht ar ECAT maidir le cúrsaí cosanta.[5] Tá Éire mar chuid de thionscadal ina bhfaighinn sí comhairle ó ECAT. Ag an am céanna, tá beartais i bhfeidhm san AE chun comhoibriú idir an AE agus ECAT a neartú i réimsí slándála agus cosanta.[6]

Eagraíocht

cuir in eagar

Tá ceanncheathrú na heagraíochta suite sa Bhruiséil, an Bheilg, ach tá a ceannáras míleata in aice le Mons sa tír chéanna. Tá Fórsa Freagartha ECAT lonnaithe ag an chomhghuaillíocht in Oirthear na hEorpa. Sa bhliain 2022, ba é caiteachas míleata ECAT foinse de 55 faoin chéad den iomlán domhanda.

Tá NATO eagraithe mar chomhghuaillíocht mhíleata agus tá sí mar bhunchloch na comhchosanta don chuid is mó de bhallstáit an AE, seachas Éire, Málta, an Ostair agus an Chipir. Má tharlaíonn aon rud d’aontacht NATO lagófar córas cosanta na hEorpa.

Féach freisin

cuir in eagar
  1. stmarys-belfast.ac.uk. "An Cogadh Fuar". Dáta rochtana: 2020.
  2. "An Fhionlainn ina 31ú ball de NATO i ndiaidh athrú polasaí ‘stairiúil’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-04-04.
  3. Conradh na Gaeilge, Londain (17 Feabhra 2024). "‎Nuacht Mhall: (Luimneach) on Apple Podcasts" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2024-03-15.
  4. Máirtín Ó Duibhir (13 Márta 2024). "Ceisteanna cosanta agus cumhachta ag éirí níos casta san AE" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-15.
  5. Eoin Ó Murchú (12 Feabhra 2024). "Neodracht faoi bhagairt agus cáineadh breise sna meáin" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-02-15.
  6. Máirtín Ó Duibhir (13 Márta 2024). "Ceisteanna cosanta agus cumhachta ag éirí níos casta san AE" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-15.
  NODES
Idea 2
idea 2