Konrad Lorenz
Míoleolaí a rugadh agus a d'éag i Vín na hOstaire ab ea Konrad Zacharias Lorenz (7 Samhain 1903 – 27 Feabhra 1989).
Bunaitheoir eolaíocht nua na heiteolaíochta, staidéar ar iompar ainmhithe. Ina shaothar sna 1930idí chuir sé béim ar staidéar iompar ainmhithe amuigh sa bhfásach, go háirithe na géanna glasa agus na cága.
Le Karl von Frisch is Nikolaas Tinbergen, bhuaigh sé Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis sa bhliain 1973 as a staidéar ar phatrúin iompair shóisialta is indibhidí, agus eagrú is múscailt na bpatrún sin (féach an t-alt inphriontáil (iompar)).[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Konrad Zacharias Lorentz". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 419.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |