Is tír san Afraic í Mailí, nó Poblacht Mhailí. Is í Bamako an phríomhchathair. Is iarchoilíneacht Fhrancach í. Tá Mailí ar an tseachtú tír is mó san Afraic, agus teorainneacha aici leis an Ailgéir, leis an Nígir, le Buircíne Fasó, leis an gCósta Eabhair, leis an nGuine, leis an tSeineagáil agus leis an Máratáin. Tá Mailí corradh is 1,240,000 ciliméadar cearnach ar achar, agus trí mhilliún déag de dhaoine ina gcónaí ansin.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilMailí
Mali (bm) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnPour l'Afrique et pour toi Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«One people, one goal, one faith»
«Един народ, една цел, една вяра»
«Ein Volk, ein Ziel, ein Glaube»
«ߡߌ߬ߙߌ߲߬ߘߌ߬ ߞߋߟߋ߲߫ ߸ ߟߊ߬ߢߌߣߌ߲߫ ߞߋߟߋ߲߫ ߸ ߘߍ߲߬ߞߣߍ߬ߦߊ߬ ߞߋߟߋ߲߫»
«شعب واحد، هدف واحد، إيمان واحد»
«Un pueblo, una meta, una fe»
«En narod, en cilj, ena vera»
«Mɔgɔ kelen, laɲini kelen, dannaya kelen»
«Un peuple, un but, une foi»
«Un bobl, un nod, un ffydd» Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósMali Empire (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 17° N, 4° O / 17°N,4°W / 17; -4

PríomhchathairBamako Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán20,250,833 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús16.33 hab./km²
DéamainmMailíoch Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga oifigiúilBambara (en) Aistrigh
Bobo (en) Aistrigh
Bozo (en) Aistrigh
Dogon (en) Aistrigh
an Fhuláinis
Hassaniya Arabic (en) Aistrigh
Kassonke (en) Aistrigh
Maninka (en) Aistrigh
Minyanka (en) Aistrigh
Senufo (en) Aistrigh
Songhay (en) Aistrigh
Soninke (en) Aistrigh
Tamasheq (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid dean Afraic Thiar Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla1,240,192 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeMount Hombori (en) Aistrigh (1,153 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is ísleAbhainn na Seineagáile (23 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síMali Federation (en) Aistrigh, Súdáin na Fraince agus French West Africa (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú22 Meán Fómhair 1960
Saoire phoiblí
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht reachtachNational Assembly (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
• Uachtarán Mhailí Cuir in eagar ar WikidataIbrahim Boubacar Keïta (2013–2020) Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
OTI ainmniúil19,309,463,506 $ (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
Airgeadrafranc CFA Iarthar na hAfraice Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.ml Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód+223 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir theileafóin éigeandála112, 15, 17 agus 18 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód tíreML Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinprimature.gov.ml Cuir in eagar ar Wikidata

Tá radharcra agus nádúr Mhailí an-éagsúil, nó tá talamh méith i ndeisceart na tíre áit a bhfuil Abhainn na Seineagáile agus Abhainn na Nigire ag tabhairt uisce, ach ón taobh eile de sroicheann críocha thuaidh na tíre go domhain isteach sa Sahára. Ceann de na tíortha is boichte atá ann, agus is ar iascaireacht agus ar thalmhaíocht is mó a thagann muintir Mhailí i dtír, cé go bhfuil ór, úráiniam agus salann in ithir na tíre.

Fuair Mailí a hainm ó Impireacht Mhailí, a bhí ag rialú an taobh seo den Afraic sna blianta 1230-1600. Bhí impireachtaí eile ann freisin a raibh tionchar acu sa réigiún tráth: Impireacht Ghána agus Impireacht Songhay. Go deireanach san ochtú haois déag, thit Mailí leis na Francaigh, a bhí díreach ag leathadh a n-impireachta coilíní féin in Iarthar na hAfraice. Bhain Mailí amach neamhspleáchas ón bhFrainc sa bhliain 1959, ach san am sin, ba aon stát amháin iad an tSeineagáil agus Mailí.

Scoilt an chónaidhm seo an bhliain dár gcionn. Bhí an tír á rialú ag aon pháirtí amháin ar feadh i bhfad, ach sa bhliain 1991, i ndiaidh réabhlóid mhíleata, cuireadh daonlathas ar bun sa tír. Sna blianta 1992-2002, bhí Alpha Oumar Konaré ag rialú na tíre, ach ansin, d'fhág sé an Uachtaránacht i dtoghcháin dhaonlathacha ag Amadou Toumani Touré, a bhí i gceannas ar na réabhlóidithe sa bhliain 1991.

Cé gur tír thar a bheith bocht í Mailí, áirítear ar ceann de na tíortha is cobhsaí san Afraic í inniu.

Is í an Fhraincis teanga oifigiúil Mhailí, ach is léir go bhfuil a lán teangacha eile le cloisteáil timpeall na tíre. Is í an teanga Bambara an ceann is tábhachtaí de na teangacha dúchasacha, agus is féidir le ochtar as an deichniúr de mhuintir Mhailí an teanga seo a labhairt. Ceann de na teangacha Mande í, cosúil lena lán teangacha in Iarthar na hAfraice (ar nós na dteangacha Dioula agus Mandinka, cuir i gcás), agus í intuigthe go maith ag cainteoirí na dteangacha seo.

Moslamaigh iad 90 % de mhuintir Mhailí, ach is tír shaolta í Mailí, agus ní raibh iarrachtaí ann le dlí Ioslam a chur i bhfeidhm. Críostaithe iad 5 %, agus cloíonn an 5 % eile le reiligiúin thraidisiúnta na hAfraice.

Mosc i Djenné

Bhí Mailí riamh ar ceann de na lárionaid thábhachtacha chultúrtha san Afraic. Inniu, chuala an saol mór iomrá ar thraidisiún ceoltóireachta na tíre, agus chuaigh ainmneacha cosúil le Salif Keita ar fud an domhain. Thairis sin, tharraing a lán scríbhneoirí Mailíocha súil an tsaoil mhóir orthu féin. Tá a dtraidisiún litríochta féin ag na Mailígh, cé gur minic nach mbíonn ann ach béal-litríocht, agus í á hiompar ag na seanchaithe, nó na griots.

  NODES
chat 2
Idea 1
idea 1