Max Planck
Fisiceoir Gearmánach ab ea Max Karl Ernst Ludwig Planck (23 Aibreán 1858 - 4 Deireadh Fómhair 1947). Chítear mar bhunaitheoir na meicnice chandamaí é.
Saol
cuir in eagarRugadh Planck in Kiel na Gearmáine.
Candam
cuir in eagarÓna staidéar ar theirmidinimic is radaíocht dúchoirp, chuir sé an teoiric chandamach le chéile i 1900, céim fhíorthábhachtach chun tosaigh san eolaíocht i dtús na 20ú haoise.[1]
B'é Planck a chéadchuimhnigh ar Theoiric an Chandaim. Is é seo prionsabal bunaidh na teoirice seo: ní mar athróg leanúnach a astaítear fuinneamh ach ina aonaid scoite nó ina bhearta. 'Candaim' a thugtar ar na bearta seo.
Shaothraigh Niels Bohr is Albert Einstein teoiricí tábhachtacha eile a díorthaíodh ón mbunsmaoineamh seo.[1]
Níos déanaí
cuir in eagarBronnadh Duais Nobel na Fisice ar Phlanck sa bhliain 1918.
Chroch na Naitsithe a mhac, Erwin Planck, fear gnó agus polaiteoir, sa bhliain 1945. Chuaigh sé i gcomhcheilg chun Hitler a fheallmharú. Tháinig beaguchtach ar Max Planck agus d'éág 4 Deireadh Fómhair 1947, in aois 89 dó.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagarIs síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |