Cathair i gContae Monroe, in iarthuaisceart Stát Nua-Eabhrac, i SAM, taobh ó dheas ó Loch Ontario is ea Rochester. Príomhbhaile Chontae Monroe atá ann.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilRochester, Nua-Eabhrac
Rochester (en) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósNathaniel Rochester Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 43° 09′ 56″ N, 77° 36′ 41″ O / 43.1656°N,77.6114°W / 43.1656; -77.6114
Stát ceannasachStáit Aontaithe Mheiriceá
Stát sna Stáit AontaitheNua-Eabhrac
Contae de chuid Nua-EabhracContae Monroe Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán211,328 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús2,196.18 hab./km²
Líon na dteaghlach88,006 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Suite san aonán críochach staitistiúilRochester metropolitan area (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla96.225189 km² Cuir in eagar ar Wikidata
• Uisce3.6978 % Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceLoch Ontario, Abhainn Genesee agus Canáil Erie Cuir in eagar ar Wikidata
Airde154 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Cruthú1803
Eagraíocht pholaitiúil
• Méara Rochester, Nua-Eabhrac Cuir in eagar ar WikidataMalik Evans (2022–) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist14600–14699 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód585 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáincityofrochester.gov Cuir in eagar ar Wikidata

De réir an daonáirimh sa bhliain 2010, bhí 210,565 duine ina gcónaí sa chathair féin agus 1,054,322 duine i mórcheantar na cathrach, ceantar a chuimsíonn freisin contaetha Genesee, Livingston, Ontario, Orleans agus Wayne (san iomlán nó i bpáirt).

“Lárionad Domhanda na nÍomhánna” an leasainm a thugtar an an gcathair ar siocair go bhfuil na comhlachtaí Kodak agus Xerox ann. Tá Bausch & Lomb lonnaithe i Rochester chomh maith. Déantar a lán taighde sa chathair ag na comhlachtaí seo, agus tá clú ar Ollscoil Rochester agus ar an Rochester Techonological Institute as a gcuid cláracha taighde teicneolaíochta, leighis agus eolaíochta.

Na hIroquois a bhí ina gcónaí sa cheantar chomh fada siar agus a théann an taifead staire scríofa. Chaill ceithre threibh de chuid Chónaidhm na nIroquois seilbh ar na tailte sa chuid sin de Stát Nua-Eabhrac i ndiaidh don chuid ba mhó díobh seo troid ar son na Sasanach le linn Chogadh Réabhlódeach Mheiriceá (1776–1983).

Ar 8 Samhain 1803, cheannaigh an Coirnéal Nathaniel Rochester agus beirt eile 100 acra timpeall ar thrí eas san Abhainn Genesee a bheadh úsáideach mar fhoinse cumhachta. Cúig dhuine déag a lonnaigh san áit i dtús báire.

Sa bhliain 1825, osclaíodh an Chanáil Erie, rud a cheangail feirmeoirí an Mheániarthair le calafort Nua-Eabhrac. Chuaigh an chanáil tríd an chathair agus tháinig fás ar Rochesterville (mar a thugtaí ar an mbaile san am úd) dá réir sin.

Faoin bhliain 1834, bhí 9,200 duine ina gcónaí ann. Nuair a tháinig na hiarnróid isteach blianta gairide ina dhiaidh sin, áfach, cuireadh an chanáil ó dheas ón bhaile.

 
Rochester ón aer, 2007

Tharraing suíomh agus tionscal an bhaile mhóir na mílte imirceach. Orthu siúd bhí beirt ón Ghearmáin, John Jacob Bausch agus Henry Lomb, a thosaigh ag obair le chéile i lár na 1850idí agus a chuir Bausch & Lomb ar bun faoin bhliain 1861.

Duine de bhunús Stát Nua-Eabhrac a bhí i George Eastman, fiontraí gnó a chuir an comhlacht Eastman Kodak ar bun.

Bhain tábhacht shóisialta agus pholaitiúil le Rochester chomh maith. Ba i Rochester a bhunaigh Frederick Douglass The North Star, nuachtán mór na ndaonfhuasclóirí, sa bhliain 1847. Ba as Rochester Susan B. Anthony, daonfhuasclóir agus feiminí luath.

Ag deireadh an 19ú haois, chuir an t-ainrialaí agus sóisialach Emma Goldman fúithi sa chathair ar feadh chúpla bliain agus í ag obair ar son lucht oibrithe na gceardlann allais.

Féach freisin

cuir in eagar
  NODES
chat 5
Idea 2
idea 2