Santa Monica, California
Cathair chois chladaigh in iarthar Chontae Los Angeles, i gCalifornia, is ea Santa Monica (Spáinnis: Santa Mónica). Tá an chathair ainmnithe i ndiaidh Monica, naomh Críostaí. Tá sí suite ar Bhá Santa Monica ar an taobh thiar. Tá cathair Los Angeles ar na trí thaobh eile: is í Pacific Palisades an chomharsanacht ó thuaidh, Brentwood ar an oir thuaisceart, Sawtelle ar an oirthear, Mar Vista thoir ó dheas, agus Venice ó dheas.
Santa Monica, California | |||||
---|---|---|---|---|---|
Santa Monica (en) | |||||
Mana | «Populus felix in urbe felice» | ||||
Ainmnithe in ómós | Naomh Muinice | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Stáit Aontaithe Mheiriceá | ||||
Stát sna Stáit Aontaithe | California | ||||
County of California (en) | Contae Los Angeles | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 93,076 (2020) | ||||
• Dlús | 4,269.88 hab./km² | ||||
Líon na dteaghlach | 45,706 (2020) | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Suite san aonán críochach staitistiúil | Los Angeles metropolitan area (en) | ||||
Achar dromchla | 21.798253 km² | ||||
• Uisce | 0.0139 % | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | an tAigéan Ciúin | ||||
Airde | 32 m | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 3 Lúnasa 1769 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
• Méara Santa Monica, California | Gleam Davis (2018–) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 90401–90411, 90401, 90404, 90405 agus 90408 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | santamonica.gov |
Tá clú ar Santa Monica as a comharsanachtaí d'aonteaghlaigh rachmasacha, ach tá a neart comharsanachtaí atá lán le condominiums agus árasáin chomh maith. Bhí 89,736 duine ina gcónaí i Santa Monica i 2010, tithíocht ar cíos ag an dá thrian díobh.
Stair
cuir in eagarGaspar de Portolà de Rovira an chéad Eorpach a leag cos ar an áit ina bhfuil Santa Monica inniu. Ba shin sa bhliain 1769. De bharr na haeráide, tháinig tóir ar Santa Monica mar bhaile saoire go luath san 20ú haois.
Tháinig ráth ar an gcathair arís ag tosú sna 1980idí mar thoradh ar athbheochan an lár trádála. D'fhás an eacnamaíocht, an turasóireacht go háirithe.
Daonra
cuir in eagarBhí 417 duine ina gcónaí sa chathair sa bhliain 1880, 3,057 sa bhliain 1900, 71,595 sa bhliain 1950 agus 84,084 sa bhliain 2000.