The Sunday Game

sraith theilifíse

Clár teilifíse spóirt Éireannach é The Sunday Game, an príomhchlár a thaispeánann na cluichí Gaelacha ar Radio Teilifís Éireann. Craoltar é gach Domhnach ar RTÉ a Dó le linn an tsamhraidh, nuair a bhíonn Craobh Peile agus Craobh Iomána na hÉireann ar siúl. Tá sé á chraoladh ón bhliain 1979, agus inniu tá sé ar cheann de na cláir is sine ar an stáisiúin seo. Bhí The Sunday Game ag comóradh a 30ú bliain sa bhliain 2008.

Bosca Sonraí Sraith TeilifíseThe Sunday Game
TírÉire
Bealach teilifíseRTÉ a Dó
An chéad eipeasóid8 Iúil 1979
Tuilleadh eolais
IMDB: tt0481925 TMDB.org: 5348 Cuir in eagar ar Wikidata

De ghnáth, taispeántar buaicphointí ó chluichí an lae agus ansin bíonn díospóireacht idir na saineolaithe sa stiúideo (iarimreoirí iad don chuid is mó). B'é Michael Lyster a chuir an clár i láthair ó na 1970idí ar aghaidh, ach sa lá atá inniu díríonn seisean ar na cluichí beo. Chaith Pádraig Ó Spealáin dhá bhliain ag cur na buaicphointí i láthair, go dtí gur tháinig Des Cahill isteach ina áit don bhliain 2009.

Naisc sheachtracha

cuir in eagar


  NODES
Idea 1
idea 1