Vicipéid:Laethanta roghnaithe/Meitheamh
Laethanta roghnaithe/Ar an Lá Seo cartlann
Eanáir - Feabhra - Márta - Aibreán - Bealtaine - Meitheamh - Iúil - Lúnasa - Meán Fómhair - Deireadh Fómhair - Mí na Samhna - Mí na Nollag
Athruithe is déanaí faoin Laethanta Roghnaithe
Inniu an Luan, 6 Eanáir 2025 (UTC) – Athnuaigh an leathanach
<< | Vicipéid:Laethanta roghnaithe i mí an Mheithimh |
>> | ||||
Do | Lu | Má | Cé | Dé | Ao | Sa |
1 | 2 | 3 | 4 | 5 | 6 | 7 |
8 | 9 | 10 | 11 | 12 | 13 | 14 |
15 | 16 | 17 | 18 | 19 | 20 | 21 |
22 | 23 | 24 | 25 | 26 | 27 | 28 |
29 | 30 | |||||
Seo cartlann na laethanta stairiúil a bhí ar an Príomhleathanach Leagan amach laethúil 2025 |
Is é an 1 Meitheamh an 152ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 153ú lá i mbliain bhisigh. Tá 213 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Lá Idirnáisiúnta na bPáistí".
- 1846 – Cailleadh Pápa Greagóir XVI, 80, pápa (r.1765)
- 1868 – Cailleadh James Buchanan, 77, 15ú huachtarán na Stát Aontaithe (r.1791)
- 1907 – Rugadh Frank Whittle, oifigeach Briotanach (b.1966)
- 1926 – Rugadh Marilyn Monroe, aisteoir Meiriceánach (b.1962)
- 1958 – Tháinig Charles de Gaulle i gcumhacht mar phríomh-aire ar an bhFrainc
- 1959 – Rugadh Máire Ní Ainifín, polaiteoir
- 1974 – Rugadh Alanis Morissette, amhránaí Ceanadach
- 1978 – Tháinig deireadh le rialú na ngeal sa Róidéis tar éis 90 bliain
- 2001 – Rinne an Prionsa Dipendra sléacht ar chuid mhaith den teaghlach ríoga i Neipeal agus ansin chuir sé a lámh ina bhás féin.
- 2008 – Cailleadh Terry Keane, colúnaí agus iriseoir Éireannach (r.1939)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 2 Meitheamh an 153ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 154ú lá i mbliain bhisigh. Tá 212 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Lá na Poblachta" san Iodáil agus "Lá na Saoirse" i Samó.
- 455 – Ghabh na Vandalaigh an Róimh agus thosaíodar ar chreach a mhair coicís
- 1567 – Cailleadh Seán Ó Néill, taoiseach Gaelach (r.1530)
- 1835 – Rugadh Pius X, pápa (b.1914)
- 1835 – Chuir P. T. Barnum agus a shorcas tús lena gcéad chamchuairt sna Stáit Aontaithe
- 1882 – Cailleadh Giuseppe Garibaldi, tirghráthóir agus saighdiúir (r.1807)
- 1920 – Rugadh Mícheál Ó hEithir, tráchtaire agus iriseoir spóirt (b.1996)
- 1966 – D'éirigh leis na Stáit Aontaithe spáslong a sheoladh chuig an Ghealach
- 1979 – D'fhill an Pápa ar an bPolainn, a thír dhúchais
- 1985 – Cuireadh cosc ar chlubanna sacair ón mBreatain imirt san Eoraip, tar éis tubaiste Heysel
- 2008 – Cailleadh Bo Diddley, ceoltóir (r. 1928)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 3 Meitheamh an 154ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 155ú lá i mbliain bhisigh. Tá 211 lá fágtha sa bhliain.
- 1657 – Cailleadh William Harvey, 79, lia (r.1578)
- 1865 – Rugadh Seoirse V, rí na Ríochta Aontaithe (b.1936)
- 1878 – Rugadh Sinéad de Valera, bean chéile Éamoinn de Valera (b.1975)
- 1924 – Cailleadh Franz Kafka, 40, scríbhneoir (r.1883)
- 1931 – Rugadh Raúl Castro, Uachtarán ar Chúba
- 1937 – Phós Éadbhard VIII, a thug suas an choróin, Wallis Simpson sa Fhrainc
- 1962 – Bhásaigh 150 duine i dtimpiste eitleáin Air France ag Aerfort Orly i bPáras
- 1963 – Cailleadh Pápa Eoin XXIII, pápa (r.1881)
- 1983 – Rugadh Colm Cúipéir, peileadóir
- 1991 – Mharaigh saighdiúirí i dTuaisceart Éireann triúr baill den IRA
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 4 Meitheamh an 155ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 156ú lá i mbliain bhisigh. Tá 210 lá fágtha sa bhliain.
- 1738 – Rugadh Seoirse III, rí na Ríochta Aontaithe (b.1820)
- 1798 – Cailleadh An Tiarna Éadbhard Mac Gearailt, 34, Uaslathaí Éireannach (r. 1763)
- 1867 – Rugadh Carl Gustaf Emil Mannerheim, Uachtarán ar Phoblacht na Fionlainne (b.1951)
- 1882 – Rugadh John Bauer, péintéir agus maisitheoir (b.1918)
- 1917 – Bronnadh an chéad Duais Pulitzer
- 1941 – Cailleadh Uilliam II, impire na Gearmáine (r.1859)
- 1945 – Rugadh Jim Higgins, polaiteoir Éireannach
- 1956 – Rugadh Gerry Ryan, craoltóir Éireannach (b.2010)
- 1949 – Rugadh Lou Macari, iar-imreoir sacair
- 1974 – Rugadh Russell Brand, fuirseoir agus aisteoir
- 1975 – Rugadh Angelina Jolie, aisteoir
- 1989 – Rinneadh sléacht i gCearnóg Tiananmen sa tSín
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 5 Meitheamh an 156ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 157ú lá i mbliain bhisigh. Tá 209 lá fágtha sa bhliain.
- 1723 – Rugadh Adam Smith, eacnamaí agus fealsamh (b.1790)
- 1868 – Rugadh Séamus Ó Conghaile, ceannaire sóisialach in Éirinn (b.1916)
- 1898 – Rugadh Federico García Lorca, file Spáinneach (b.1936)
- 1916 – Cailleadh Horatio Kitchener, Marascal machaire Briotanach (r.1850)
- 1919 – Rugadh Séamus Ennis, ceoltóir agus stáire (b.1982)
- 1932 – Rugadh Christy Brown, údar (b.1981)
- 1944 – Saoradh cathair na Róimhe agus cuireadh fáilte roimh arm na gcomhghuaillithe.
- 1967 – Rinne an Iosrael ionsaí ar an Éigipt. Cuireadh tús lie Cogadh na Sé Lá
- 1972 – Adhlacadh Diúc Windsor, iar-rí na Breataine
- 1984 – Rugadh Mark Wilson, peileadóir
- 1985 – Cailleadh Diarmaid Ó Súilleabháin, 53, scríbhneoir Éireannach agus poblachtánach (r.1932)
- 2004 – Cailleadh Ronald W. Reagan, 93, 40ú uachtarán na Stát Aontaithe (r.1911)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 6 Meitheamh an 157ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 158ú lá i mbliain bhisigh. Tá 208 lá fágtha sa bhliain.
- 1599 – Rugadh Diego Velázquez, péintéir (b.1660)
- 1820 – Cailleadh Henry Grattan, 74, polaiteoir (r. 1746)
- 1875 – Rugadh Thomas Mann, scríbhneoir (b.1955)
- 1880 – Rugadh Liam Tomás Mac Cosgair, céad Uachtarán an Choiste Feidhmeannaigh i Saorstát Éireann (b.1965)
- 1936 – Cailleadh Éamonn Ó Dúgáin, polaiteoir agus dlíodóir Éireannach (r. 1874)
- 1944 – Tháinig na mílte saighdiúirí i dtír sa Fhrainc chun troid in aghaidh na Gearmáine
- 1961 – Cailleadh Carl Jung, 86, síciatraí (r. 1875)
- 1968 – Feallmharaíodh an seanadóir Robert Kennedy i gCalifornia (r. 1925)
- 1982 – Cailleadh Caitlín Maude, 42, scríbhneoir, file, aisteoir agus gníomhaíoch Gaeilge (r. 1941)
- 1984 – Maraíodh 300 duine nuair a rinne trúpaí India ruathair ar an dTeampall Órga in Amritsar a bhí faoi chois ag Saícigh
- 2005 – Cailleadh Anne Bancroft, 73, banaisteoir (r. 1931)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 7 Meitheamh an 158ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 159ú lá i mbliain bhisigh. Tá 207 lá fágtha sa bhliain.
- 1329 – Cailleadh Roibeard Brús, rí na hAlban (r.1274)
- 1848 – Rugadh Paul Gauguin, ealaíontóir (b.1903)
- 1892 – Rugadh Caoimhín Ó hUiginn, polaiteoir Éireannach (b.1927)
- 1905 – Rugadh James J. Braddock, dornálaí (b.1974)
- 1940 – Rugadh Tom Jones, amhránaí
- 1952 – Rugadh Liam Neeson, aisteoir
- 1952 – Rugadh Orhan Pamuk, úrscéalaí
- 1953 – Rugadh Kathleen Lynch, polaiteoir
- 1954 – Cailleadh Alan Turing, 41, matamaiticeoir, ríomheolaí agus fealsamh (r.1912)
- 1977 – Rugadh Jun Matsuda, pop-cheoltóir
- 1981 – Scrios Iosrael monarcha núicléach in aice le príomhchathair na hIaráice
- 1990 – Cuireadh deireadh leis an gcosc a bhí ar fheol na Breataine le linn margadh sa Bhruiséil
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 8 Meitheamh an 159ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 160ú lá i mbliain bhisigh. Tá 206 lá fágtha sa bhliain.
- 1810 – Cailleadh Robert Schumann, cumadóir Gearmánach (b.1856)
- 1845 – Cailleadh Andrew Jackson, 78, 7ú huachtarán Stát Aontaithe Mheiriceá (r.1767)
- 1867 – Rugadh Frank Lloyd Wright, ailtire (b.1959)
- 1916 – Rugadh Francis Crick, fisiceoir, bitheolaí móilíneach agus néareolaí (b.2004)
- 1955 – Rugadh Tim Berners-Lee, cumadóir an Ghréasáin Domhanda agus stiúrthóir an W3C
- 1965 – Tugadh cead do shaighdiúirí Mheiriceá dul i mbun cogaidh i ndeisceart Vítneam
- 1982 – Maraíodh 50 saighdiúir ón mBreatain le linn ionsaithe aeir sna hOileáin Fháclainne
- 1985 – Rugadh Alexandre Despatie, tumadóir
- 2000 – Cailleadh Teuvo Tulio, scannánóir Fionlannach (r.1912)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 9 Meitheamh an 160ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 161ú lá i mbliain bhisigh. Tá 205 lá fágtha sa bhliain.
- 68 – Cailleadh Nearó, Impire ar Impireacht na Róimhe (r.37)
- 1640 – Rugadh Leopold I, Impire Naofa Rómhánach (b.1705)
- 1870 – Cailleadh Charles Dickens, 58, scríbhneoir (r.1812)
- 1881 – Rugadh Felix von Luckner, oifigeach Gearmánach (b.1966)
- 1915 – Rugadh Les Paul, ceoltóir agus ceapadóir (b.2009)
- 1936 – Rugadh Mícheál Ó Duibhir, peileadóir agus bainisteoir Gaelach
- 1958 – D'athoscail an Bhanríon Eilís Aerfort Gatwick
- 1963 – Rugadh Johnny Depp, aisteoir
- 1970 – Rinneadh iarracht feallmharaithe ar Rí Hussein na hIordáine agus é ar an mbealach chuig a phálás samhraidh
- 1978 – Rugadh Matthew Bellamy, ceoltóir sa bhanna ceoil Muse
- 1978 – Rugadh Miroslav Klose, imreoir sacair
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 10 Meitheamh an 161ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 162ú lá i mbliain bhisigh. Tá 204 lá fágtha sa bhliain.
- 1676 – Rugadh Daniel Juslenius, scríbhneoir Fionlannach (b.1752)
- 1688 – Rugadh Séamus Proinsias Éadbhard Stiúbhart, "Prionsa na Breataine Bige" (b.1766)
- 1915 – Rugadh Saul Bellow, scríbhneoir (b.2005)
- 1926 – Cailleadh Antoni Gaudí, 73, ailtire (r. 1852)
- 1953 – Rugadh John Edwards, polaiteoir
- 1959 – Rugadh Carlo Ancelotti, imreoir agus bainisteoir sacair
- 1969 – Cuireadh deireadh le Cogadh na Sé Lá idir an Iosrael agus an tSiria
- 1975 – Rugadh Henrik Pedersen, imreoir sacair
- 2004 – Cailleadh Ray Charles, 73, amhránaí agus pianódóir (r. 1930)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 11 Meitheamh an 162ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 163ú lá i mbliain bhisigh. Tá 203 lá fágtha sa bhliain.
- 1488 – Cailleadh Séamas III, rí na nAlbanach (r.1451)
- 1727 – Cailleadh Seoirse I, 67, rí na Breataine Móire (r.1660)
- 1859 – Cailleadh Klemens Wenzel von Metternich, polaiteoir agus státaire (r.1773)
- 1862 – Rugadh Violet Florence Martin, scríbhneoir (b.1915)
- 1933 – Rugadh Mychal F. Judge, sagart Caitliceach (b.2001)
- 1949 – Rugadh Bernez Tangí, file agus ealaíontóir Briotánach
- 1955 – Maraíodh 80 duine ag ráschúrsa Le Mans nuair a chuaigh Mercedes-Benz ó smacht
- 1979 – Cailleadh John Wayne, 72, aisteoir Meiriceánach (r.1907)
- 1998 – Thug na Náisiúin Aontaithe le fios go raibh gorta i ndán do mhuintir na Súdáine
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 12 Meitheamh an 163ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 164ú lá i mbliain bhisigh. Tá 202 lá fágtha sa bhliain.
- 1827 – Rugadh Johanna Spyri, scríbhneoir Eilvéiseach (b.1901)
- 1887 – Rugadh Julius Pokorny, scoláire (b.1970)
- 1924 – Rugadh George H. W. Bush, 41ú Uachtarán na Stát Aontaithe
- 1929 – Rugadh Anne Frank, dialannaí (b.1945)
- 1964 – Gearradh téarma príosúin saoil ar Nelson Mandela as feallmhilleadh
- 2003 – Cailleadh Gregory Peck, 87, aisteoir Meiriceánach (r. 1916)
- 2008 – Vótáil in Éirinn maidir leis an mBille um an Ochtú Leasú is Fiche ar an mBunreacht 2008, Conradh Liospóin
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 13 Meitheamh an 164ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 165ú lá i mbliain bhisigh. Tá 201 lá fágtha sa bhliain.
- 1808 – Rugadh Patrice de Mac-Mahon, 3ú uachtarán na Fraince (b.1893)
- 1865 – Rugadh William Butler Yeats, scríbhneoir Éireannach (b.1939)
- 1886 – Cailleadh Ludwig II na Baváire, rí na Baváire (r.1845)
- 1944 – Rugadh Ban Ki-moon, Ard-Rúnaí ar na Náisiúin Aontaithe
- 1959 – Rugadh Máiréad Nic Aonasa, polaiteoir Éireannach
- 1978 – Tharraing trúpaí Iosrael amach as deisceart na Liobáine
- 1986 – Rugadh Robert Pattinson, aisteoir
- 1991 – Cailleadh Gearóid Ó Cuinneagáin, 81, duine de na daoine ba chonspóidí i ngluaiseacht na Gaeilge (r. 1910)
- 2005 – Fuarthas Michael Jackson neamhchiontach i dtriail mí-úsáid leanaí i gCalifornia
- 2006 – Cailleadh Cathal Ó hEochaidh, 80, polaiteoir Éireannach (r. 1925)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 14 Meitheamh an 165ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 166ú lá i mbliain bhisigh. Tá 200 lá fágtha sa bhliain.
- 1780 – Rugadh Henry Salt, Éigipteolaí (b.1827)
- 1832 – Rugadh Nikolaus Otto, cumadóir Gearmánach (b.1891)
- 1864 – Rugadh Alois Alzheimer, síciatraí (b.1915)
- 1884 – Rugadh John McCormack, teanór (b.1945)
- 1928 – Rugadh Che Guevara, réabhlóidí sóisialaí (b.1967)
- 1982 – Fógraíodh sos cogaidh idir an Bhreatain agus na hOileán Fháclainne
- 1986 – Cailleadh Jorge Luis Borges, scríbhneoir (r.1899)
- 1995 – Cailleadh Rory Gallagher, 41, giotáraí Éireannach (r.1948)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 15 Meitheamh an 166ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 167ú lá i mbliain bhisigh. Tá 199 lá fágtha sa bhliain.
- 1698 – Rugadh Seoirse de Brún, ceannfort Arm na Rúise (b.1792)
- 1849 – Cailleadh James Knox Polk, 53, 11ú huachtarán na Stát Aontaithe (r.1795)
- 1914 – Rugadh Yuri Andropov, polaiteoir Rúiseach (b.1984)
- 1917 – Rugadh John F. Kennedy, 35ú uachtarán na Stát Aontaithe (b.1963)
- 1947 – Rugadh Stephen Mallatratt, aisteoir agus scríbhneoir (b.2004)
- 1963 – Rugadh Helen Hunt, aisteoir agus stiúrthóir Meiriceánach
- 1977 – Rugadh P.S. Ó Riain, iománaí
- 1987 – Rugadh Scott Cuthbert, imreoir sacair Albanach
- 1990 – Tógadh Boris Yeltsin mar uachtarán ar an Rúis
- 1996 – Déanadh go leor damáiste i gCathair Mhanchan nuair a phléasc buama ansin
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 16 Meitheamh an 167ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 168ú lá i mbliain bhisigh. Tá 198 lá fágtha sa bhliain. Inniu Lá Bloom i mBaile Átha Cliath.
- 1313 – Rugadh Giovanni Boccaccio, údar agus file Iodálach (b.1375)
- 1829 – Rugadh Geronimo, taoiseach de chuid na nApaiseach (b.1909)
- 1902 – Rugadh Barbara McClintock, eolaí Meiriceánach (b.1992)
- 1972 – Rugadh Siomoin Ó Cómhanaigh, polaiteoir
- 1963 – Ba í Valentina Tereshkova an chéad bhean sa spás
- 1976 – Bhris foréigean amach in Soweto, san Afraic Theas, idir lucht agóide agus na póilíní
- 1979 – Cailleadh Nicholas Ray, stiúrthóir scannáin Meiriceánach (r.1911)
- 1992 – Foilsíodh leabhar conspóideach Andrew Morton faoin mbanphrionsa Diana
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 17 Meitheamh an 168ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 169ú lá i mbliain bhisigh. Tá 197 lá fágtha sa bhliain.
- 1239 – Rugadh Éadbhard I, rí Shasana (b.1307)
- 1682 – Rugadh Karl XII, rí na Sualainne (b.1718)
- 1696 – Cailleadh Jan III Sobieski, 66, rí na Polainne (r.1629)
- 1832 – Rugadh William Crookes, eolaí Sasanach (b.1919)
- 1882 – Rugadh Igor Stravinsky, cumadóir Rúiseach (b.1971)
- 1936 – Rugadh Ken Loach, stiúrthóir teilifíse agus scannán
- 1942 – Rugadh Mohamed ElBaradei, taidhleoir Éigipteach
- 1945 – Rugadh Ken Livingstone, méara Londan 2000-2008
- 1974 – Phléasc buama de chuid an IRA i dTithe na Parlaiminte i Londain, gortaíodh 11 duine agus rinneadh go leor damáiste
- 1994 – Ghéill O. J. Simpson do na póilíní i Los Angeles. Cúisíodh é i ndúnmharú a iar-mhná chéile agus a cara
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 18 Meitheamh an 169ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 170ú lá i mbliain bhisigh. Tá 196 lá fágtha sa bhliain.
- 1769 – Rugadh Robert Stewart, Bíocunta an Chaisleáin Riabhaigh (b.1822)
- 1815 – Ag Waterloo sa Bheilg, fuair Arthur Wellesley, Diúc Wellington, an ceann is fearr ar Napoléon Bonaparte agus cuireadh deireadh le ré Bonaparte san Eoraip
- 1880 – Cailleadh John Sutter, 77, ceannródaí i gCalifornia (r. 1803)
- 1928 – Cailleadh Roald Amundsen, 55, taiscéalaí Ioruach (r.1872)
- 1937 – Rugadh Jay Rockefeller, seanadóir Meiriceánach
- 1942 – Rugadh Thabo Mbeki, uachtarán na hAfraice Theas
- 1942 – Rugadh Paul McCartney, ceoltóir de chuid The Beatles
- 1949 – Rugadh Lech Kaczyński, polaiteoir Polannach (b.2010)
- 1949 – Rugadh Pádraic Ó Coinín, polaiteoir
- 1953 – Phós Martin Luther King Coretta Scott
- 1972 – Bhásaigh 118 duine nuair a thuairteáil eitleán cúpla nóiméad tar éis di éirí den talamh ag Aerfort Heathrow
- 1997 – Cailleadh Lev Kopelev, 85, scríbhneoir, scoláire agus easaontóir Sóivéadach (r. 1912)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 19 Meitheamh an 170ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 171ú lá i mbliain bhisigh. Tá 195 lá fágtha sa bhliain.
- 1566 – Rugadh Séamus VI, Rí na hAlban, na hÉireann agus Shasana (b.1625)
- 1623 – Rugadh Blaise Pascal, fealsamh, fisiceoir, matamaiticeoir Francach (b.1662)
- 1924 – Rugadh Vasil Bykaŭ, scríbhneoir (b.2003)
- 1937 – Cailleadh James Matthew Barrie, 77, scríbhneoir (r.1860)
- 1945 – Rugadh Radovan Karadžić, 1ú uachtarán ar an Republika Srpska
- 1945 – Rugadh Aung San Suu Kyi, gníomhaí Burmach
- 1964 – Rugadh Boris Johnson, polaiteoir Briotanach
- 1973 – Rugadh Nâdiya, amhránaí Francach
- 1975 – Ag ionchoisne, rinne giúiré cinneadh gurb é an Tiarna Lucan, a bhí ar iarradh, a ba chúis le dúnmharú feighlí linbh a leanaí
- 1982 – Rugadh Seán Tirial, iománaí Éireannach
- 1984 – Shínigh an fear mór cispheile Michael Jordan, conradh leis na Chicago Bulls
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 20 Meitheamh an 171ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 172ú lá i mbliain bhisigh. Tá 194 lá fágtha sa bhliain.
- 1763 – Rugadh Theobald Wolfe Tone, tírghráthóir Éireannach (b.1798)
- 1837 – Cailleadh Liam IV, rí na Ríochta Aontaithe (r.1765)
- 1837 – Tháinig Victoria, a bhí 18 bliain d'aois, i gcomharbacht ar Liam IV
- 1891 – Rugadh Seán A Mac Coisdealbha, 2ú Taoiseach na hÉireann (b.1976)
- 1909 – Rugadh Errol Flynn, aisteoir Meiriceánach (b.1959)
- 1967 – Rugadh Nicole Kidman, aisteoir Astrálach
- 1968 – Agóid Tithíocht Cionn Aird (Caledon as Béarla) i gContae Thír Eoghain
- 1976 – Rugadh Juliano Belletti, imreoir sacair
- 1976 – Aistríodh na céadta Meiriceánaigh as Béiriút chuig an tSiria tar éis dúnmharú a n-ambasadóra sa tír sin
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 21 Meitheamh an 172ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 173ú lá i mbliain bhisigh. Tá 193 lá fágtha sa bhliain.
- 1377 – Cailleadh Éadbhard III, 64, Rí Shasana (r.1312)
- 1527 – Cailleadh Niccolò Machiavelli, 58, údar agus polaiteoir Iodáileach (r.1469)
- 1882 – Rugadh Lluís Companys, polaiteoir Catalónach (b.1940)
- 1905 – Rugadh Jean Paul Sartre, scríbhneoir agus fealsamh (b.1980)
- 1908 – Cailleadh Nikolai Rimsky-Korsakov, 64, cumadóir ceoil Rúiseach (r.1844)
- 1945 – Ghéill trúpaí na Seapáine do Mheiriceá ar oileán Okinawa
- 1953 – Rugadh Benazir Bhutto, polaiteoir Pacastánach (b.2007)
- 1978 – Rugadh Tomás Ó Sé, peileadóir
- 1978 – I mBéal Feirste, maraíodh sibhialtach agus triúr baill de chuid an tIRA nuair a bhris lámhach amach ag oifig poist idir na póilíní agus an tIRA
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 22 Meitheamh an 173ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 174ú lá i mbliain bhisigh. Tá 192 lá fágtha sa bhliain.
- 1354 – D'éirigh muintir L'Alguer sa tSairdín amach i gcoinne na gCatalónach is chuir arm Pheadair III léig ar an gcathair
- 1896 – Rugadh Erich Maria Remarque, scríbhneoir (b.1970)
- 1921 – Osclaíodh Parlaimint Thuaisceart na hÉireann i mBéal Feirste
- 1941 – Rinne Hitler agus Arm na Gearmáine ionradh ar an Aontas Sóivéadach
- 1949 – Rugadh Meryl Streep, aisteoir
- 1964 – Rugadh Dan Brown, údar
- 1965 – Cailleadh Piaras Béaslaí, 84, scríbhneoir Gaeilge agus trodaí saoirse (r.1881)
- 1984 – Rugadh Rubén Iván Martínez, imreoir sacair
- 2003 – Cailleadh Vasil Bykaŭ, 79, scríbhneoir (r.1924)
- 2004 – Tugadh téarma príosún saoil do Marc Dutroux as cailíní óga a fhuadach, a éigniú agus a dhúnmharú
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 23 Meitheamh an 174ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 175ú lá i mbliain bhisigh. Tá 191 lá fágtha sa bhliain.
- 1894 – Rugadh Éadbhard VIII, rí na Ríochta Aontaithe (b.1972)
- 1912 – Rugadh Alan Turing, matamaiticeoir, eolaí, ríomheolaí agus fealsamh Sasanach (b.1954)
- 1936 – Tar éis buamáil sa Bhreatain, d'fhógair an Dáil go mbeadh géibheann gan triail i ndán do bhaill den tIRA
- 1937 – Rugadh Martti Ahtisaari, 10ú huachtarán na Fionlainne
- 1940 – Rugadh Stuart Sutcliffe, ceoltóir ó The Beatles (b.1962)
- 1950 – Rugadh Éamon Ó Cuív, polaiteoir Éireannach
- 1972 – Rugadh Zinedine Zidane, imreoir sacair
- 1984 – Rugadh Duffy, amhránaí Breatnach
- 1985 – Phléasc eitleán de chuid Air India amach ó chósta na hÉireann. Maraíodh na 329 duine ar bord
- 2005 – Tugadh téarma príosúin 60 bliain do Edgar Ray Killen, iar-eagraí den Ku Klux Klan, as triúr oibrithe cearta sibhialta a mharú in Mississippi i 1964
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 24 Meitheamh an 175ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 176ú lá i mbliain bhisigh. Tá 190 lá fágtha sa bhliain.
- 1850 – Rugadh Horatio Kitchener, saighdiúir (b.1916)
- 1908 – Cailleadh Grover Cleveland, 71, 22ú agus 24ú uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá (r. 1837)
- 1938 – Rugadh Əbülfəz Elçibəy, polaiteoir Asarbaiseánach (b.2000)
- 1973 – D'éirigh Eamon de Valera as a phost mar uachtarán na hÉireann
- 1978 – Rugadh Shunsuke Nakamura, imreoir sacair Seapánach
- 1982 – Rugadh Kevin Nolan, imreoir sacair Sasanach
- 1986 – Thug ceannaire an DUP an Dochtúir Ian Paisley foláireamh go raibh Tuaisceart Éireann ar tí cogadh cathartha
- 1987 – Rugadh Lionel Messi, imreoir sacair Airgintíneach
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 25 Meitheamh an 176ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 177ú lá i mbliain bhisigh. Tá 189 lá fágtha sa bhliain.
- 1852 - Rugadh Antoni Gaudí, ailtire Catalónach (b. 1926)
- 1870 - Rugadh Robert Erskine Childers, údar agus náisiúnaí Éireannach (b. 1922)
- 1876 - Cailleadh George Armstrong Custer, 36, oifigeach in Arm na Stát Aontaithe (r. 1839)
- 1903 - Rugadh George Orwell, scríbhneoir Sasanach (b. 1950)
- 1950 - Rinne an Chóiré Thuaidh ionradh ar an gCoiré Theas, ag cur tús le Cogadh na Cóiré
- 1950 - Cailleadh Muiris Ó Súilleabháin, 46, scríbhneoir Éireannach (r. 1904)
- 1971 - Rugadh Neil Lennon, imreoir sacair Éireannach
- 1975 - Bhain Mósaimbíc neamhspleáchas amach ón bPortaingéil
- 1988 - Rugadh Anthony Stokes, imreoir sacair Éireannach
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 26 Meitheamh an 177ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 178ú lá i mbliain bhisigh. Tá 188 lá fágtha sa bhliain.
- 1541 - Cailleadh Francisco Pizarro, conquistador (r.~1470í)
- 1824 - Rugadh William Thomson, fisiceoir matamaiticiúil agus innealtóir (b. 1907)
- 1830 - Cailleadh Seoirse IV, 67, Rí na Ríochta Aontaithe (r. 1762)
- 1960 - Rugadh Mark Durkan, polaiteoir
- 1963 - Thug an tUachtarán Kennedy óráid spreagtha i mBeirlín in aghaidh an Aontais Sóivéadaigh
- 1970 - Bhris foréigean amach i nDoire nuair a tugadh le fios gur gabhadh Bernadette Devlin
- 1996 - Cailleadh Veronica Guerin, 37, iriseoir (r. 1958)
- 2000 - Deir lucht scrúduithe idirnáisiúnta go bhfaca siad lear mór d'airm an tIRA stóráilte
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 27 Meitheamh an 178ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 179ú lá i mbliain bhisigh. Tá 187 lá fágtha sa bhliain.
- 1846 - Rugadh Charles Stewart Parnell, treoraí polaitiúil Éireannach (b. 1891)
- 1951 - Rugadh Máire Mhic Ghiolla Íosa, ochtú Uachtarán na hÉireann
- 1952 - Rugadh Gearóid de Paor, fear spóirt
- 1957 - Tugadh le fios go raibh nasc idir caitheamh tobac agus ailse scamhóg
- 1963 - Cuireadh fáilte mhór roimh Uachtarán na Stát Aontaithe, John F. Kennedy, i gCo. Loch Garman
- 1965 - Rugadh Alan Mathews, bainisteoir agus imreoir sacair
- 1991 - Rinne trúpaí na hIúgslaive ionradh ar an tSlóivéin, 48 uair an chloig tar éis don tír bheag neamhspleáchas a fhógairt
- 2001 - Cailleadh Jack Lemmon, aisteoir Meiriceánach (r. 1925)
- 2002 - Cailleadh John Entwistle, dord-ghiotáraí Sasanach do The Who (r. 1944)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 28 Meitheamh an 179ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 180ú lá i mbliain bhisigh. Tá 186 lá fágtha sa bhliain.
- 1491 - Rugadh Anraí VIII, rí Shasana agus na hÉireann (b. 1547)
- 1712 - Rugadh Jean-Jacques Rousseau, fealsamh Eilvéiseach (b. 1778)
- 1836 - Cailleadh James Madison, 85, 4ú uachtarán na Stát Aontaithe. (r. 1751)
- 1914 - Dhúnmharaigh Gavrilo Princip Franz Ferdinand, Ard-diúc na hOstaire agus a bhean chéile i Sairéavó
- 1914 - Cailleadh Franz Ferdinand, 50, Ard-díuc na hOstaire (r. 1863)
- 1928 - Rugadh Pól Ó Foighil, polaiteoir (b. 2005)
- 2004 - Cailleadh Francis Crick, 88, ollamh (r. 1916)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 29 Meitheamh an 180ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 181ú lá i mbliain bhisigh. Tá 185 lá fágtha sa bhliain.
- 1861 - Cailleadh Elizabeth Barrett Browning, 55, file (r. 1806)
- 1881 - Rugadh Peadar Ó Dubhda, scoláire Éireannach (b. 1971)
- 1915 - Cailleadh Diarmaid Ó Donnabháin Rossa, 83, réabhlóidí Éireannach (r. 1831)
- 1960 - D'oscail an BBC ionad teilifíse nua
- 1962 - Rugadh Joan Laporta, dlíodóir agus cathaoirleach F.C. Barcelona
- 1970 - Tharraing trúpaí Mheiriceá amach as an gCambóid
- 1976 - Neamhspleáchas Phoblacht na Séiséil
- 2001 - D'fhógair Rialtas na Breataine go raibh leacht cuimhneacháin in omós do Bhanphrionsa na Breataine Bige, Diana, le tógáil i bPáirc Hyde i Londain
- 2003 - Cailleadh Katharine Hepburn, aisteoir (r.1907)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 30 Meitheamh an 181ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 182ú lá i mbliain bhisigh. Tá 184 lá fágtha sa bhliain.
- 1709 - Cailleadh Edward Lhuyd, eolaí agus ársaitheoir (r.1660)
- 1911 - Rugadh Czesław Miłosz, scríbhneoir aistí agus file liriciúil (b.2004)
- 1944 - Cath Cherbourg sa Dara Cogadh Domhanda - bua na Meiriceánach
- 1951 - Rugadh Dana Rosemary Scallon, amhránaí
- 1960 - Rugadh Jack McConnell, polaiteoir
- 1965 - Rugadh Gary Pallister, imreoir sacair
- 1966 - Rugadh Mike Tyson, dornálaí
- 1975 - Rugadh Ralf Schumacher, tiománaí Foirmle a hAon
- 1985 - Rugadh Michael Phelps, snámhaí
féach – plé – cur in eagar – stair
Laethanta roghnaithe/Ar an Lá Seo cartlann
Eanáir - Feabhra - Márta - Aibreán - Bealtaine - Meitheamh - Iúil - Lúnasa - Meán Fómhair - Deireadh Fómhair - Mí na Samhna - Mí na Nollag
Athruithe is déanaí faoin Laethanta Roghnaithe
Inniu an Luan, 6 Eanáir 2025 (UTC) – Athnuaigh an leathanach