Sa gheolaíocht, scoilt nó gág i gcarraig, ar tharla díláithriú ar feadh an éisc de bharr struis taobh istigh den Domhan. Nuair is díláithriú ingearach a tharla, is éasc normálta é sin agus strus comhbhrúiteach ba chúis leis. I gcásanna thar meán, sáitear taobh amháin den charraig suas os cionn an taoibh eile. I gcúléisc, mar mhalairt, forleathnú screamh an Dómhain is bun leis. Is samplaí drámata den éasc seo an Cainneoin Mór sna Stáit Aontaithe agus an Scoiltghleann in iarthar na hAfraice. Maidir le héisc sractha, scaoiltear strus comhbhrúiteach trí dhíláithriú i leataobh, agus is sampla suntasach de seo Éasc San Andreas i gCalifornia.[1]

  1. Hussey, Matt (2011). "Éasc". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 238.
  NODES
Idea 1
idea 1
languages 1
mac 1
os 2