Aipindic
Feadán cúng ar bhuaic an chaocháin, 2-20 cm ar fhad. Tá an caochán féin ina mhála caoch ag tús na stéige móire. I gcás duine fhásta le claonadh a aipindic a bheith ionfhabhtaithe athlasta, ní mór í a bhaint go práinneach trí obráid. Tuiscint amháin atá ann gur rianbhall den cholainn í, ball gan éifeacht ag an gcéim seo den éabhlóid, ach go mb'fhéidir go raibh feidhmeanna aici am dá raibh. Den chuid is mó, ball dothuigthe rúndiamhrach sa cholainn. De réir a chéile tá an tuiscint á forbairt go bhfuil ról aici i ndéanamh antasubstaintí sa chóras imdhíonach.[1]
Sonraí | |
---|---|
Laidin | appendix vermiformis |
Cuid de | putóg mhór |
appendicular artery (en) | |
appendicular vein (en) | |
Aitheantóirí | |
MeSH | D001065 |
TA | A05.7.02.007 |
FMA | 14542 : il-aiseach – ordlathach |
Acmhainní seachtracha | |
Gray | p.1178 |
EB Online | science/appendix |
Téarmaíocht anatamaíoch |
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Aipindic". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 25.
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol anatamaíochta é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |