Amelia Earhart
Eitleoir a rugadh in Atchison, Kansas ab ea Amelia Mary Earhart (24 Iúil 1897 - 2 Iúil 1937). B'í an chéad bhean a d'eitil thar an Aigéan Atlantach, i dtús mar phaisinéir (1928), agus ina haonar i 1932.[1]
Eitilt trasatlantach
cuir in eagarSa bhliain 1928, chuaigh Amelia le beirt phíolótaí eile trasna an Atlantaigh.
Ar an 20 Bealtaine 1932, d’imigh sí ó Thalamh an Éisc i gCeanada ar bord eitleán beag dearg, an Lockheed Vega 5B. Bhí sí ag iarraidh eitilt an bealach ar fad go Páras sa Fhrainc. Bhí aimsir scamallach ann, ag cur seaca agus ag stealladh báistí go minic. Cé go raibh turas crua aici a thóg beagnach 15 uair an chloig, d’éirigh léi eitilt trasna an Atlantaigh ach níor thuirling sí i bPáras ach i nDoire, an lá dár gcionn, ar 21 Bealtaine.[2]
Mar sin, b'í Earhart an chéad bhean a d'eitil thar an Aigéan Atlantach, eitilt a mhair 14 uaire, 54 nóiméad. Thuirling sí i mBaile Arnóid, An Teampall Mór, Doire.
Eachtraí agus bás
cuir in eagarD'eitil Earhart ó Honolulu go California i 1935.
Bhí plean ag Earhart eitilt timpeall an domhain ar fad. Sa bhliain 1937, agus í ag tarraingt ar 40 bliain d’aois, chuaigh Amelia agus píolóta eile darbh ainm Frank Noonan ar bord eitleán eile, an Lockheed Electra 10E. D’éirigh go breá leo ar dtús. Taobh istigh de 40 lá bhí 35,000 ciliméadar déanta acu. Ní raibh ach 11 000 ciliméadar eile le déanamh acu. Ar 2 Iúil 1937, d’fhág siad an Nua-Ghuine, cóngarach don Astráil. Ach go gairid tar éis sin tharla tubaiste éigin san Aigéan Ciúin. Cailleadh an t-eitleán áit éigin thar an bhfarraige mhór.[3]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Childrens Books Ireland. "David Lowe - Amelia Earhart (as Gaeilge)" (ga). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-06-08. Dáta rochtana: 2020-05-20.
- ↑ Nuair a tháinig Earhart amach as an eitleán i bpáirc lán d’ainmhithe, chuir sí ceist ar fhear a bhí sa pháirc: ‘Cá bhfuil mé?’ ‘Tá tú i bpáirc Uí Ghallchóir!’ a dúirt sé agus d’fhan Amelia ag muintir Uí Ghallchóir an oíche sin
- ↑ COGG.ie. "Amelia Earhart". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-06-05. Dáta rochtana: 2020.