Amharclann na Mainistreach

Is amharclann i mBaile Átha Cliath í Amharclann na Mainistreach, nó Amharclann Náisiúnta na hÉireann. Bhí cuid mhaith de na scríbhneoirí agus aisteoirí is mór le rá in Éirinn sa chéad leath den 20ú haois bainte leis an amharclann, William Butler Yeats, Lady Gregory, Sean O'Casey agus John Millington Synge ach go háirithe.

Amharclann na Mainistreach
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Lipéad sa teanga dhúchais(ga) Amharclann na Mainistreach
(en) Abbey Theatre Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
CineálEagraíocht drámaíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Foirgníocht27 Nollaig 1904 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinBaile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh26 Lower Abbey Street, Dublin
Map
 53° 20′ 54″ N, 6° 15′ 26″ O / 53.348333333333°N,6.2572222222222°W / 53.348333333333; -6.2572222222222
Suíomh gréasáin oifigiúilabbeytheatre.ie
IBDB: 93688 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba í Amharclann na Mainistreach an chéad amharclann fóirdheonaithe le hairgead poiblí i ndomhan an Bhéarla; ó 1925 ar aghaidh fuair sí fóirdheontas bliantúil ó Saorstát Éireann.[1]

Póstaer na chéad oíche san amharclann.
Seán O'Casey
Foirgneamh Michael Scott, 1966

Ba iad W.B. Yeats agus Lady Augusta Gregory a bhunaigh Amharclann na Mainistreach i 1903. Roimhe sin, bhí Amharclann Liteartha na hÉireann agus An Cumann Drámata Náisiúnta ann chun drámaíocht a chur ar taispeáint do lucht féachana na hÉireann. Bhí Amharclann Liteartha na hÉireann bunaithe ag Yeats, Gregory agus ag Edward Martyn sa bhliain 1899 agus d'eascair Amharclann na Mainistreach as an gcompántas sin, agus í ag feidhmiú faoin ainm Cumann Náisiúnta Amharclannaíochta na hÉireann.

Bhronn bean darb ainm Annie Horniman pátrúnacht ar an tionscnamh agus d'éirigh leo suíomh a cheannach don amharclann nua ar Shráid na Mainistreach. Osclaíodh na doirse don chéad seó ar 27 Nollaig 1904. Ba é On Baile's Strand, ar dhráma é le W.B. Yeats féin, an chéad dráma a cuireadh os comhair an phobail san amharclann nua.

Bhronn an Saorstát nua fóirdheontas ar an amharclann náisiúnta i 1925 agus tá cáil uirthi mar gheall air sin, toisc gurbh í an chéad amharclann i saol an Bhéarla a fuair maoiniú stáit.

Drámaí conspóideacha

cuir in eagar

Tharraing cuid de na drámaí go leor achrainn ar lucht na hamharclainne i rith na mblianta. Bhí sé ina chíréib nuair a léiríodh The Playboy of the Western World den chéad uair in Eanáir 1907, toisc gur mheas cuid mhaith den lucht féachana go raibh an dráma ina mhasla do mhná na hÉireann. Tharla an rud céanna i 1926 nuair a léiríodh The Plough and the Stars le Seán O'Casey den chéad uair agus daoine áirithe den tuairim nár léirigh an dráma go leor urraime do cheannairí Éirí Amach na Cásca.

1960idí: Foirgneamh Michael Scott

cuir in eagar

Scriosadh foirgneamh bunaidh na hamharclainne ar 16 Iúil 1951, nuair a réab tine tríd. Cuireadh áitreabh sealadach ar fáil don amharclann in Amharclann na Banríona ar dtús agus aistríodh an amharclann ar ais go dtí an seansuíomh ar 18 Iúil 1966, tar éis d'fhoirgneamh nua-aimseartha a bheith tógtha ar láthair stairiúil na hamharclainne, deartha ag an ailtire Michael Scott.

21ú haois

cuir in eagar

Athfhorbairt

cuir in eagar

I mí Mheán Fómhair 2006, sheol rialtas na hÉireann comórtas idirnáisiúnta dearaidh chun foirgneamh nua buan a chruthú d'Amharclann na Mainistreach ar shuíomh nua ag Cé Sheoirse, ar thaobh theas na cathrach. Fógraíodh coiste moltóireachta an chomórtais seo i nDeireadh Fómhair 2007. Nuair a bhris Géarchéim bhaincéireachta na hÉireann amach in 2008, chinn an rialtas athchóiriú foirgnimh Michael Scott a dhéanamh, rud nár tharla riamh.

Bhí cúrsaí rialachais san amharclann náisiúnta in aimhréidh idir 2019 agus 2021, na blianta a chaith Neil Murray agus Graham McLaren ina gcomhstiúrthóirí ar Amharclann na Mainistreach. Chuir an comhlacht Crowe Ireland tuarascáil i dtoll a chéile ar son na Comhairle Ealaíon sa bhliain 2024. Bhí "teip shuntasach" ann maidir le taifid oifigiúla a choinneáil agus bhí an córas rialachais "doiléir".[2]

I mí na Feabhra 2021, ceapadh Caitríona McLaughlin agus Mark O'Brien mar stiúrthóirí.

  1. "The Minute Books - University of Galway". www.universityofgalway.ie. Dáta rochtana: 2024-08-30.
  2. Irene Ní Nualláin / Nuacht RTÉ (2024-08-30). "'Rialachas Amharclann na Mainistreach in aimhréidh idir 2019-21'" (as ga-IE). 

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  NODES
Idea 3
idea 3