Barbra Streisand

amhránaí agus ban-aisteoir Meiriceánach

Is ceoltóir pop agus ban-aisteoir Hollywood í Barbra Joan Streisand (24 Aibreán, 1942, Brooklyn, Nua-Eabhrac, na Stáit Aontaithe).

Infotaula de personaBarbra Streisand

(2018) Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) Barbara Joan Streisand Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith24 Aibreán 1942
82 bliana d'aois
Brooklyn, New York Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síArdscoil Erasmus Hall
The Center for Early Education (en) Aistrigh
Institiúid Drámaíochta agus Scannánaíochta Lee Strasberg
HB Studio Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheWoodland Hills
Teanga dhúchaisBéarla
LámhcheannasDeasógacht
Gníomhaíocht
Réimse oibreCumadóireacht, ceol, scannán agus snagcheol
Gairmaisteoir scannáin, aisteoir stáitse, scríbhneoir scripte, aisteoir teilifíse, aisteoir, ealaíontóir taifeadta, ceoltóir snagcheoil, léiritheoir scannáin, amhránaí, scríbhneoir, stiúrthóir scannán, amhránaí is scríbhneoir, stiúrthóir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1960 –
Ball de pháirtí polaitíochtaan Páirtí Daonlathach Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraPopcheol traidisiúnta, snagcheol agus dioscó
Faoi thionchar
TeangachaBéarla
Glanfhiúchas390 M$ (2016) Cuir in eagar ar Wikidata
Cineál guthaMeánsoprán

UirlisCeol gutha
Lipéad ceoilColumbia Records
Decca Records
London Recordings Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileElliott Gould (1963–1971), colscaradh
James Brolin (1998–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíBarry Dennen (1960–1961)
Jon Peters (1973–1982)
Richard Baskin (1983–1987) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteJason Gould
 ( Elliott Gould) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairEmanuel Streisand
SiblínRoslyn Kind
Gradam a fuarthas
Síniú

Suíomh gréasáinbarbrastreisand.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0000659 Allocine: 2179 Rottentomatoes: celebrity/barbara_streisand Allmovie: p112652 17967 Metacritic: person/barbra-streisand TV.com: people/barbra-streisand IBDB: 61328 AFI: 17967
Facebook: barbrastreisand Twitter: BarbraStreisand Instagram: barbrastreisand Youtube: UCvwLGtS025Kafufr8SsR_EQ Spotify: 7jmTilWYlKOuavFfmQAcu6 iTunes: 249646 Last fm: Barbra+Streisand Musicbrainz: 56cd15a1-0d74-438b-8244-c96ffe1cae03 Songkick: 274358 Discogs: 53248 Allmusic: mn0000855531 Deezer: 5657 Cuir in eagar ar Wikidata

Dar le RIAA, is í Streisand duine de na ceoltóirí is rathúla ar an domhan, le níos mó ná 150 milliúin albaim díolta aici. Tá Tony, Grammy, Emmy agus Oscar bainte aici, éacht a tharlaíonn go h-an annamh.

Thosaigh sí a réim trí bheith ag canadh i gclubanna oíche agus amharclanna Broadway go luath sna seascaidí. Tar éis di bheith ina haoi ar roinnt clár teilifíse, shínigh sí le Columbia Records, agus foilsíodh an chéad albam uaithi, 'The Barbara Streisand Album' (Albam Barbara Streisand) i 1963. Bhuaigh an t-albam dhá Ghradam Grammy, Grammy na Bliana san áireamh.

Ag deireadh na seascaidí, agus í faoi lánréim mar amhránaí, bhog sí i dtreo na scannánaíochta. Bhí sí ina réalt sa scannán Funny Girls, a bhí gáir mór leis, agus bhuaigh sí Gradam an Acadaimh dá ról ann. Le scaoileadh 'Yentl' (1983) tharla sé gurb í an chéad bhean chun scannán ó stiúideo mór a scríobh, a dhéanamh, a stiúriú agus a bheith ina príomhaisteoir ann.

I measc a duaiseanna éagsúla tá dhá Ghradam Acadaimh, deich nGradam Grammy, cúig Ghradam Emmy, ceithre Ghradam Peabody, Bonn na Saoirse agus naoi Golden Globes.

Luathshaol

cuir in eagar

Rugadh í i mBrooklyn i Nua-Eabhrac ar an 24 Aibreán 1942, iníon Diana agus Emanuel Streisand. Ba soprano í a máthair ina hóige féin agus smaoinigh sí ar ghairm bheatha mar soprano ach thosaigh sí ag obair mar rúnaí scoile. Ba mhúinteoir meánscoile é a hathair sa scoil chéanna, agus b'shin an áit ar chas siad ar a chéile. Ba Ghiúdaigh iad an bheirt acu. B'as an Pholainn clann a máthar, agus b'as Impíreacht na Rúise clann a athair, ina raibh a seanathair ina cantor.

I 1943, nuair nach raibh sí ach aon bhliain d'aois, fuair a hathair bás de bharr thaom apaipléise agus é 34 bliana d'aois. D'fhulaing a clann faoin mbochtaineacht dá thoradh sin agus iad ag streachailt go mór lena gcuid billí.

Thosaigh sí a cuid oideachais i Yeshiva (Scoil Ghíudach) i mBrooklyn nuair a bhí sí cúig bliana d'aois. D'fhreastail sí ar Public School 89 agus Erasmus High School ina dhiaidh sin, áit ar chan sí sa chóir le dalta eile, Neil Diamond. Chríochnaigh sí ar scoil agus í sé bliana déag d'aois agus go haicearrach ina dhiaidh sin, thosaigh ag obair mar amhránaí i gclub oíche.

  • 1968 Funny Girl
  • 1969 Hello, Dolly!
  • 1970 On a Clear Day You Can See Forever
  • 1970 The Owl And The Pussycat
  • 1972 What's Up Doc?
  • 1972 Up the Sandbox
  • 1973 The Way We Were
  • 1974 For Pete's Sake
  • 1975 Funny Lady
  • 1976 A Star Is Born
  • 1979 The Main Event
  • 1981 All Night Long
  • 1983 Yentl
  • 1987 Nuts
  • 1991 The Prince of Tides
  • 1996 The Mirror Has Two Faces
  • 2004 Meet the Fockers

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  NODES
Idea 2
idea 2