Is éard atá i gceist le bolcáiniú[1] ná modhnú airíonna rubair trí oibriú ceimiceach a dhéanamh air le sulfar (ach amháin rubair shintéiseacha áirithe). Cruthaíonn sé seo trasnaisc idir na macramóilíní rubair. Is féidir ceimiceáin eile a úsáid chun na himoibrithe seo a bhrostú. Próiseas é seo a d'fhionn Charles Goodyear i 1839. Feabhsaíonn sé an neart teanntachta, an leaisteachas, cruas an dromchla is a fhriotaíocht scríobtha.[2]

Bolcáiniú
  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): bolcáiniú” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-07-01.
  2. Hussey, Matt (2011). "Bolcáiniú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 82.
  NODES
Done 1