Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe

Is í Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe (Béarla: Supreme Court of the United States) an chúirt is airde sna Stáit Aontaithe. Is cúirt achomhairc í an chúirt uachtarach.

Bosca Sonraí EagraíochtaCúirt Uachtarach na Stát Aontaithe
(en) Supreme Court of the United States Cuir in eagar ar Wikidata
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálard-chúirt
United States article III court (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh1789

'Article Three of the United States Constitution (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Ballraíocht9 (1869) Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú (1935–)
UachtaránachtJohn Roberts (2005–) Cuir in eagar ar Wikidata
Chief Justice of the United States (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataJohn Roberts Cuir in eagar ar Wikidata
Codanna
Cuid decúirteanna feidearálacha na Stát Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinsupremecourt.gov Cuir in eagar ar Wikidata
Goodreads author: 7558968 Project Gutenberg: 42381
United States Supreme Court Building (en) Aistrigh
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Lipéad sa teanga dhúchais(en) Supreme Court Building Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
CineálCourthouse (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
AiltireHermon Atkins MacNeil: peidiméid
Robert Ingersoll Aitken: peidiméid
Cass Gilbert (1929) Cuir in eagar ar Wikidata
Foirgníocht1935 Cuir in eagar ar Wikidata
Úsáidcúirt
Croineolaíocht
1932 start of construction (en) Aistrigh
13 Deireadh Fómhair 1932 foundation stone laying ceremony (en) Aistrigh
4 Aibreán 1935 end of manufacturing (en) Aistrigh
Tréith
Stíl ailtireachtanuachlasaiceachas
Beaux-Arts: decoration (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Déanta asmarmar, cruach, marmar, marmar agus Quercus alba Cuir in eagar ar Wikidata
Costas9,395,566 $ (1935) Cuir in eagar ar Wikidata
Tomhas28 (airde) m × 340 (leithead) ft × 385 (fad) ft
architectural height: 92 (airde) ft
Stórtha os cionn talún5 Cuir in eagar ar Wikidata
Stórtha faoi thalamh1 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Suíomh1 First St NE, Washington, DC 20543
Map
 38° 53′ 26″ N, 77° 00′ 16″ O / 38.8905°N,77.0045°W / 38.8905; -77.0045
National Historic Landmark
Am4 Bealtaine 1987
District of Columbia Inventory of Historic Sites (en) Aistrigh
Am8 Samhain 1964
Suíomh gréasáin oifigiúilsupremecourt.gov…
Goodreads author: 7558968 Project Gutenberg: 42381

Fealsúnacht

cuir in eagar

De réir bhunreacht na Stát Aontaithe tá scaradh iomlán idir an Feidhmeannas (An tUachtarán agus a chuid airí), an Reachtas (An Chomhdháil agus an Seanad), agus na breithiúna. Mar sin tá ról níos lárnaí ag Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe ná mar atá ag Cúirt Uachtarach na hÉireann de bharr gur tír fheidearálach í na Stáit Aontaithe agus gur ag an Chúirt atá an focal deiridh i roinnt na cumhachta idir na stáit éagsúla agus an rialtas feidearálach.[1]

Ballraíocht

cuir in eagar

Tá an Chúirt Uachtarach comhdhéanta de Príomh-Bhreitheamh na Stát Aontaithe, chomh maith le hochtar breitheamh eile. Ainmníonn uachtarán na tíre na breithiúna. Deimhnítear iad tar éis "comhairle agus comhthoiliú" (vóta tromlaigh) an tSeanaid. Tá na breithiúna ceaptha don saol.

Bíonn ceapachán breithimh go mór i mbéal an phobail i dtólamh de bharr a thábhachtaí is atá an chúirt i saol polaitíochta agus sóisialta na tíre. Tá an nós ann i gcónaí go gceapfadh an t-uachtarán breithimh a mbeadh an fhealsúnacht chéanna acu is atá aige féin - liobrálach i gcás uachtaráin Dhaonlathaigh agus coimeádach i gcás uachtaráin Phoblachtaigh.

Ó aimsir Ronald Reagan i leith tugadh taobh na polaitíochta isteach i ngnóthaí na gcúirteanna. Ach tá an deighilt domhain i láthair na huaire agus bíonn troideanna fíochmhara i dtithe na Comhdhála le linn ceapacháin breithimh[2]..

Searmanais

cuir in eagar

Tugann an t-uachtarán aitheasc faoi staid na haontachta os comhair tithe Chomhdháil Mheiriceá agus breithiúna na Cúirte Uachtaraí ag deireadh mhí Eanáir gach bliain.

 
Cheap Donald J. Trump an breitheamh Brett Kavanaugh agus beirt eile, ar an eite dheis ar fad
  • 29 Márta 1937. West Coast Hotel Co. v Parrish: Cheadaigh an chúirt an dlí um íosphá i stát Washington.[3] Bhí sé ceadaithe ag an rialtas, de thoradh an chinnidh sin, dlíthe a chur i bhfeidhm a chuirfeadh isteach ar choinníollacha pá (agus ar an mhargadh go ginearálta). Déanta na fírinne, thug sé seo cumhacht níos mó don rialtas feidearálach agus meastar nach mbeidís in ann an Bheart Nua (New Deal} de chuid Franklin D. Roosevelt a chur i gcrích i gceart murach na cumhachtaí nua seo.[4]
  •  
    Taispeántas. Brown v The Board of Education:
    17 Bealtaine 1954. Brown v The Board of Education: Rialaigh an chúirt go raibh an dlí i gcuid de na stáit a chuir scoileanna poiblí ar leith ar fáil, do pháistí geala agus do pháistí gorma, ag teacht salach ar an bhunreacht. Réitigh an cinneadh seo an bealach don ghluaiseacht um chearta sibhialta a chuaigh chun cinn i ndeireadh na gcaogaidí agus sna seascaidí..[5]
  • 5 Márta 1956. Frasier v. Board of Trustees of the University of North Carolina: sheas an Chúirt Uachtarach leis an gcosc ar leithlisiú ciniúil i scoileanna stáit, coláistí agus, sa chás seo, sna ollscoileanna.[6][7][8][9][10]
  • 12 Meitheamh 1967. Loving v. Virginia[11]ː Rialaigh an chúirt go raibh deighilt ar bhonn cine i stáit áirithe ag teacht salach ar an bhunreacht. Bhí sé dírithe ar phósadh idirchiníoch mhuintir Loving in Virginia sna seascaidí. Bhí an pósadh idirchiníoch mídhleathach i Virginia na linne, mar a bhí in áiteanna eile, agus tharraing an bheirt srathair na hainnise orthu féin nuair a d’fhilleadar ar an bhfód dúchais tar éis pósadh in Washington DC.[12] Sheas siad an fód agus chuaigh an cás a fhad le cúirt uachtarach Mheiriceá.[13] Is ceiliúradh ar an ilchiníochas "Lá Loving" inniu, ar an 12 Meitheamh gach bliain.
  •  
    Roe v Wade
    22 Eanáir 1973. Roe v Wade: Chuir an chúirt deireadh leis an chosc iomlán ar ghinmhilleadh. Rialaigh an chúirt go bhféadfadh dlí stáit cosc a chur ar ghinmhilleadh tar éis don suth a bheith inmharthana, ach roimhe sin go mbíonn tosaíocht ag cearta príobháideachta na mná.[14]
Príomhalt: Roe v. Wade

Féách freisin ː rialú na Cúirte Uachtaraí ar 3 Bealtaine 2022 an ceart a bhíodh ann ginmhilleadh a fháil curtha ar neamhní.[15]

  • 2 Iúil 1976. Gregg v Georgia: Rialaigh an chúirt nach dtagann éiric an bháis salach ar bhunreacht na stát aontaithe. Ina dhiaidh seo, tháinig fás suntasach faoi líon na bpríosúnach a teilgeadh chun báis de bhéal snáithide, den chathaoir aibhléise nó ar bhealach eile.[16]
  •  
    Bush v. Gore. Agóid 11 Nollaig 2000
    12 Nollaig 2000. Bush v. Gore.[17] Chuir an Chúirt Uachtarach deireadh le athchomhaireamh na vótaí in olltoghchán na bliana 2000. Meastar go mbunaíonn roinnt de na breithiúna a gcuid cinneadh, ní ar a gcuid fealsúnachta dlí, ach go díreach ar an dearcadh polaitíochta atá acu.
  • 21 Eanáir 2010. Citizens United v Federal Electoral Commission: Bheartaigh an chúirt nach bhfuil sé dleathach aon srian a chur ar chaiteachas a dhéanfadh corparáid ar chraolta polaitiúla de bharr go dtiocfadh a leithéid de shrian a bheith salach ar Chéad Leasú an Bhunreachta.[18] Tugann an Chéad Leasú cosaint do chead cainte, agus de réir chinneadh na cúirte, is ionann corparáid agus duine chomh fada is a bhaineann sé le cead cainte. Meastar go bhfuil tábhacht an-mhór leis an chinneadh de bharr a thábhachtaí is atá caiteachas i dtoghcháin sna Stáit Aontaithe.[19]
  • 1 Iúil 2024. Trump v. United States:[20] Fuair Trump fuascailt mór ón dlí, i mbreithiúnas ar an 1 Iúil 2024 a rialaigh go bhfuil an iar-Uachtarán slán ó aon chontúirt cúiseamh do mhórchuid den méid a rinne sé agus é in oifig ó hEanáir 2017 go hEanáir 2021. Tá díolúine áirithe ó ionchúiseamh ag Trump de réir chinneadh Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe, a eisíodh ar an lá deireanach den téarma dlí 2023/2024.[21][22] Deir an cinneadh go bhfuil díolúine iomlán ag uachtarán in aon "bheart oifigiúil"[23] ach nach bhfuil aon díolúine aige in aon "bheart neamhoifigiúil" nó príobháideach. Fuair an cinneadh tacaíocht ó 6 den 9 mbreitheamh ar an gcúirt, ina measc an triúr a ceapadh i rith théarma uachtarántachta Trump féin agus atá ar an eite dheis ar fad. Ina theannta sin, rialaigh an Chúirt Uachtarach go gcaithfeadh cúirteanna níos ísle a oibriú amach cé mar a chuirfí an cinneadh seo i bhfeidhm.[21]

Eagraíocht

cuir in eagar

Tagann an chúirt le chéile in Washington, D.C. ag 1 First Street.

Uaireanta úsáidtear an acrainm bhéarla "SCOTUS" le tagairt a dhéanamh di.

  • Láithreán gréasáin na Cúirte Uachtaraí, Stáit Aontaithe Mheiriceá .supremecourt.gov

Féach freisin

cuir in eagar

Brett Kavanaugh

  1. "John Paul Stevens agus Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2019-05-17.
  2. Beo, Bealtaine 2010
  3. Beo, Bealtaine 2010
  4. Beo, Bealtaine 2010
  5. "John Paul Stevens agus Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2019-05-17.
  6. Ollscoil North Carolina
  7. "1956: US court victory for black students" (en-GB) (1956-03-05). Dáta rochtana: 2022-03-05.
  8. Luther A. Huston Special To the New York Times (1956-03-06). "Segregation Ban Extended To Colleges by High Court; Supreme Court Broadens Ban On Segregation to the Colleges Warren's Opinion Cited Negroes' Lawyers File Golf Case Left Standing" (en-US). The New York Times. Dáta rochtana: 2022-03-05.
  9. M. D. North Carolina United States District Court (1955-09-16). "Leroy Benjamin Frasier et alv Board of Trustees of the University of North Carolina, 1955". 
  10. "Frasier v. Board of Trustees, 134 F. Supp. 589 (M.D.N.C. 1955)" (en). Justia Law. Dáta rochtana: 2023-03-05.
  11. "Loving Day" (as en) (2020-06-12). Wikipedia. 
  12. "Bheadh Oscar tuillte go maith ag Ruth Negga" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-06-12.
  13. "SCANNÁIN 2017: Trainspotting, Bladerunner agus Star Wars ag filleadh …" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-06-12.
  14. Beo, Bealtaine 2010
  15. "Exclusive: Supreme Court has voted to overturn abortion rights, draft opinion shows" (en). POLITICO. Dáta rochtana: 2022-11-13.
  16. Beo, Bealtaine 2010
  17. Bush_v._Gore
  18. v. Wade http://www.youtube.com/watch?v=2Kz-s3K7tfA Anailís ó Keith Olbermann, 21 Eanáir 2010
  19. Beo, Bealtaine 2010
  20. supremecourt.gov (1 Iúil 2024). "Téacs : 23-939 Trump v. United States (07/01/2024)". Dáta rochtana: 2024.
  21. 21.0 21.1 Nuacht RTÉ (2024-07-01). "Díolúine ó ionchúiseamh ag Trump in aon bheart oifigiúil - SCOTUS" (as ga-IE). 
  22. Tús Áite / RnaG (2024). "Tús Áite: Donald Trump agus an Chúirt Uachtarach  : Tá imdhíonacht ó chúiseamh ag Trump do nithe "oifigúla" a rinne sé agus é ina Uachtaráin ar Mheiriceá, de réir breithiúnas ó Chúirt Uachtarach na Stáit Aontaithe tráthnóna. Phléamar an scéal seo le Niall Ó Muilleoir, Comhairleoir Gnóthaí Poiblí agus an painéal." (as ga-IE). 
  23. "What is an ‘official’ act, and how will a judge interpret Trump’s immunity?" (en). Washington Post (2024-07-03). Dáta rochtana: 2024-07-26.
  NODES
chat 1
Idea 10
idea 10
languages 1
mac 4
os 18