Calar
Galar is ea an calar arb é an baictéar úd Vibrio cholerae is cúis leis. Ionfhabhtú géar don chonair ghastraistéigeach is ea an calar, agus tolgtar é trí uisce truaillithe a ól.[1]
Cuireann na baictéir tús le buinneach fhlúirseach uisciúil a ídíonn an t-uisce is na leictrilítí sa cholainn an oiread sin, agus chomh tapa sin, go dtarlaíonn turraing do dhuine agus bás taobh istigh de lá nó dhó.
Leigheas
cuir in eagarIs iad príomh-airíonna an chalair ná a lán buinneach uisciúil agus urlacan. Féadann déine na buinní agus urlacain díhiodráitiú tapa agus éagothromaíocht leictrilít a thabhairt.
Is í an chóireáil phríomhúil ná ath-hiodráitiú béil agus más rud é nach bhfuil seo inghlactha, sreabhán infhéitheach a thabhairt.
Má chuirtear dóthain sreabhán colainne ar ais is féidir go dtiocfaidh duine chuige féin arís.
Bíonn antaibheathaigh tairbheach dóibh siúd a bhfuil galar trom orthu.
Is minic a ghoilleann an calar ar an stéig bheag.
Eipidéimeolaíocht
cuir in eagarTarchuirtear an calar go príomha trí uisce. Téann an calar i gcion ar 3-5,000,000 ar fud an domhain agus faigheann 100,000-130,000 duine bás in aghaidh na bliana ó 2010 i leith. Bhí an calar ar cheann de na hionfhabhtuithe is luaithe a ndearnadh staidéar orthu trí mhodhanna eipidéimeolaíocha.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Matt Hussey (2011). "[coiscéim.ie Fréamh an Eolais]".
Is síol faoin galar é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |