I leictrealú is feadáin díluchtúcháin, is éard is catóid[1] ann ná an leictreoid dhiúltach a dtéann na leictreoin uaithi isteach sa bhfeadán nó an chill leictricheimiceach. I mbataire, an teirminéal dearfach a dtéann na leictreoin isteach sa bhataire tríthi. I gciorcad atá ceangailte le bataire, ritheann an sruth ó chatóid dhearfach an bhataire tríd an gciorcad go dtí anóid dhiúltach an bhataire. Is ian dearfach an caitian a ghluaiseann i dtreo na catóide diúltaí i leictrealú. Baintear miotail (a dhéanann caitiain) ón anóid, agus deasctar iad ar an gcatóid i leictrealú.[2]

Catóid
  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): catóid” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-04-30.
  2. Hussey, Matt (2011). "Catóid". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 122.
  NODES
chat 1
Idea 1
idea 1
languages 1
mac 1
os 2