Tharla Cogadh na dTrosc,[1] an Íoslainn in aghaidh na Ríochta Aontaithe, idir 1958-1976. Bhí ná tíortha "ag troid" mar gheall ar chearta iascaireachta. Bhí báid ghunna Íoslannacha ar taobh amháin, agus trálaeir Shasanacha agus an Cabhlach Ríoga ar an taobh eile, cat is luch in aghaidh a chéile.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCogadh na dTrosc
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 69° N, 0° E / 69°N,0°E / 69; 0
Cineáltrade conflict (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse1 Meán Fómhair 1958 - 1 Meitheamh 1976
SuíomhMuir na hIorua, An Iorua
Muir na Graonlainne
an Bheilg, An Bheilg
Denmark Strait (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
Cúisexclusive economic zone (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Is cúis lecommercial fishing (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Ball de NATO, bhí an lámh in uachtar ag an Íoslainn le linn na géarchéime ar fad, agus bua iomlán aici faoi dheireadh in 1976.[2]

Na Briotanaigh ag trálaeireacht i gcomhair trosc, agus na hÍoslannaigh ag déanamh scrios ar na líonta
limistéar eisiach eacnamaíochta na hÍoslainne
Bhuail an HMS Scylla agus an ICGV Óðinn in aghaidh a chéile, 7 Meitheamh 1973

Imeachtaí

cuir in eagar

De réir a chéile, idir 1958-1976, tháinig méadú ar limistéar eisiach eacnamaíochta (crios eisiaimh) na hÍoslainne.

De ghnáth, bhí na Briotanaigh ag trálaeireacht i gcomhair trosc, agus na hÍoslannaigh ag déanamh scrios ar na líonta. Tháinig ardú suntasach ar leibhéal an chiaptha i dtrí thréimhse: 1958–1961, 1972–73 agus 1975–76, nó an Chéad, an Dara agus an Tríú Cogadh faoi seach.

Rinneadh ionsaí ar Ambasáid na Ríochta Aontaithe i Réicivíc ar an 24 Bealtaine 1973. Ar an 7 Meitheamh 1973, bhuail an HMS Scylla agus an ICGV Óðinn in aghaidh a chéile. Ar an 29 Lúnasa 1973, maraíodh Halldór Hallfreðsson, innealtóir de chuid an chabhlaigh Íoslannaigh. Ar an 8 Samhain 1973, cuireadh deireadh le “Dara Cogadh na dTrosc”.

Bhí an lá faoi dheireadh ag an Íoslainn in 1976. B'éigean do ECAT idirghabháil a dhéanamh. Bhí tionchar ollmhór ag an tír beag i lár an Atlantaigh i suíomh straitéiseach le linn an Chogaidh Fhuar.

Féach freisin

cuir in eagar
  1. i mBéarla, Cod Wars between Iceland and the United Kingdom of Great Britain
  2. "The Cod Wars explained: The conflict between Iceland and Britain" (en). Imperial War Museums. Dáta rochtana: 2024-08-29.
  3. "Ólafur Jóhannesson" (as en) (2024-08-15). Wikipedia. 
  NODES
Idea 1
idea 1
iOS 3
languages 1
mac 1
os 22