Díleá
Próiseas fiseolaíoch in ainmhithe ina mbristear síos ábhair choimpléascacha bia ag einsímí ina gcomhábhair níos simplí (cosúil le monaishiúicrídí, aimíonaigéid, aigéid shailleacha is ábhair eile) ar féidir leis an gcolainn iad a ionsú is a úsáid sna cealla. In ainmhithe áirithe (cosúil le prótasóin is porifera), díleá iomlán incheallach a bhíonn i gceist. Tógann cill amháin an bia isteach, díleánn é, agus eisfhearann an fuíoll. Braitheann an-chuid ainmhithe ar dhíleá eachtarcheallach go hiomlán (na veirteabraigh is na hartrapóid, mar shampla). Sa chás seo táltar sreabháin atá lán d'einsímí isteach i gcuas chonair an díleá, agus tarlaíonn díleá ansin. In ainmhithe eile (cosúil le céileantráití is moilisc dhébhlaoscacha) tarlaíonn díleá taobh istigh is amuigh de na cealla.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Díleá". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 212.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |