Dara Poblacht na Spáinne

Ba í Dara Poblacht na Spáinne an rialtas a bhí ann sa Spáinn idir 14 Aibreán, 1931, nuair a theith Rí Alfonso XIII as an dtír, agus 1 Aibreán, 1939, nuair a ghéill fórsaí deireanacha na bPoblachtánach go fórsaí Franco (na Náisiúnaigh) nuair a tháinig Cogadh Cathartha na Spáinne chun críche.[1]

Bosca Geografaíocht PholaitiúilDara Poblacht na Spáinne
Bratach Armas
Bratach Armas

AintiúnHimno de Riego Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«Plus ultra» Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 40° 12′ N, 3° 30′ O / 40.2°N,3.5°W / 40.2; -3.5

PríomhchathairMaidrid agus Barcelona Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Teanga oifigiúilan Spáinnis Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síAn Spáinn Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú14 Aibreán 1931
Díscaoileadh1 Aibreán 1939
Á leanúint agJunta de Defensa Nacional (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eachtra thábhachtach
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht reachtachComhdháil Deputies Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
Airgeadrapeseta Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
An rialtas, M.F. 1936ː i lár, Julio Just Gimeno agus Manuel Azaña
An rialtasː Bealtaine 1936

Bunreacht 1931

cuir in eagar

Glacadh le Bunreacht nua ar an 9 Nollaig, 1931. Don chéad uair, tugadh féinrialú do réigiúin na Spáinne. D'athraíodh siombail na tíre (an t-amhrán Himno de Riego mar amhrán náisiúnta).

An Rialtas go dtí 1936

cuir in eagar

Fuair an PSOE[2] an vóta is mó sa toghchán, chomh maith le páirtithe eile ón taobh clé. Bhí Manuel Azaña, ceannaire an pháirtí Acción Republicana,[3] mar cheannaire ar an rialtas go dtí 1933, i gcomhrialtas leis an PSOE agus na páirtithe eile ar an taobh clé.

Ar an 19 Samhain 1933, d'fhógair an rialtas olltoghchán. Bhuaigh páirtithe na heite deise an toghchan.

Bhí Éirí Amach mór sa bhliain 1934,[4] agus cuireadh na mianadóirí in Asturias faoi chois tar éis tamaill.

Olltoghchán 1936

cuir in eagar

Reáchtáladh olltoghchán sa bhliain 1936, agus bhuaigh an Fronta Pobail[5] (na Sóisialaigh srl) 4,654,116 vóta (263 suíochán) i gcoinne 4,503,524 (156) do na Náisiúnaigh (ar an taobh dheis). Toghadh Manuel Azaña mar uachtarán.

Ar an 17 Iúil d'éirigh an t-arm amach in aghaidh an rialtais. Thosaigh an t-éirí amach i Maracó na Spáinne, ach go luath scaip sé ar fud na tíre.

 
Manuel Azaña (cóta dubh, i lár) ar an líne thosaighi mBarcelona, 1937

Deireadh na Poblachta

cuir in eagar

Ar 2 Feabhra 1939, cothrom 3 bliana a mbua toghchánaíochta beagnach, ag an bhFronta Pobail, d'éirigh Azaña as Uachtaránacht ar an Dara Poblacht.[6] In oifig, 1931-1939, bhí sé deacair dó an teoiric a chur ag obair go praiticiúil.

 
Manuel Azaña, 1933

Féach freisin

cuir in eagar
  1. Séamas de Barra (Feabhra 2017). "'An Spáinn i gcoinne na Spáinne'. Caibidil 6 de leabhar le Pio Moa, Feasta]". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-03-08. Dáta rochtana: 2021-10-03.
  2. "Spanish Socialist Workers' Party" (as en) (2021-10-02). Wikipedia. 
  3. "Republican Action (Spain)" (as en) (2021-03-23). Wikipedia. 
  4. "Revolution of 1934" (as en) (2021-09-30). Wikipedia. 
  5. "Popular Front (Spain)" (as en) (2021-08-16). Wikipedia. 
  6. Séamas de Barra (Samhain 2016). "An Coirnéal Segismundo Casado López, agus bua Francisco Franco i gCogadh Cathartha na Spáinne (1936–1939). Feasta 69 (11), lch 14-17.". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-07-16. Dáta rochtana: 2021.
  NODES
chat 1
Idea 1
idea 1