Diplodocus
Dineasár leathuisciúil le muineál fada ab ea Diplodocus.[1] Bhí sé suas le 28 m ar fhad, le heireaball an-fhada, cosúil le lasc, san áireamh. Planditeach, ag ithe mórthimpeall ar chorcacha is locha. Ceathairchosach, na géaga cosúil le colúin, na géaga cúil níos faide ná na géaga tosaigh. Ar eolas i Meiriceá Thuaidh ón tréimhse Iúrasach uachtarach.[2] Mhair sé ann le Dineasáir eile ar nós Apatosaurus, Steigeasár agus Allosaurus.
Sonraí | |
---|---|
Príomhfhoinse bia | luibhiteoir |
Fad | 32 m agus 26 m |
Mais | 113 t |
Tréimhse ama | |
Tacsanomaíocht | |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Reptilia |
Ord | Saurischia |
Fine | Diplodocidae |
Fofhine | Diplodocinae |
Géineas | Diplodocus Marsh, 1878 |
Méid | |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Pádraig Ó Mianáin, eag.: “diplodocus — Aistriúchán Gaeilge ar diplodocus (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2023-06-14.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Diplodocus". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 214.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol ainmhí é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |