Dublinbikes
Scéim poiblí rothar ar cíos atá in obráid i mBaile Átha Cliath ón mbliain 2009 is ea Dublinbikes. Ag am an seolta, bhí 450 rothar d’fhir agus do mhná araon, arna déanadh sa Fhrainc iad,[1] ag an scéim, a raibh urraíocht déanta uirthi ag JCDecaux, agus bhí 40 ionad rothar aici.[2] Faoi 2011 mhéadaigh an méid sin go 550 rothar agus 44 ionad, agus in 2013 fógraíodh go gcuirfear borradh mór faoin scéim agus go gcuirfear 950 rothar breise agus 58 n-ionad cíosa leis.[3] Ba é Baile Átha Cliath an 17ú cathair a chuir a leithéid de scéim i bhfeidhm,[2][4] agus bhí sé amach uirthi sula i bhfad go raibh sé i measc na gcinn ab rathúla ar domhan.[5] Tá laghdú suntasach ar an dul ar cinn ag an scéim le blianta beaga anuas, áfach, agus níl ach 2 as 14 de na céimeanna a rabhthas ag súil leo chun chur leis na scéime curtha i gcríoch go deo. Faoi láthair, tá an scéim ag cailliúint €376,000 sa bhliain, rud a fhágann go bhfuil forleathnú Dublinbikes curtha ar coimeád.][6][7]
Sonraí | |
---|---|
Cineál | bicycle-sharing system (en) |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 2009 |
Urraitheoir | JCDecaux |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú | |
Suíomh gréasáin | dublinbikes.ie |
Stair
cuir in eagarD'fhógair Comhairle Bhaile Átha Cliath an scéim in 2006 nuair a fuair JCDecaux 72 spás fógraíochta saor in aisce timpeall Bhaile Átha Cliathi i mbearta 15 mbliana mar chúiteamh ar chonradh go maoineodh an chuideachta fógraíochta an tionscadal.[1]Chuir cáinteoirí ina leith nach margadh maith a bhí ann nuair a chuirtear i gcomparáid leis an scéim i gCóbanhávan, abair, áit inar íoc cuideachtaí as an ndeis lógó corparáide a shocrú ar na rothair.[8] Socraíodh 450 seastán rothair i ngrúpaí de deich nó fiche i ndaichead ionad ar fud Bhaile Átha Cliath i mí na Meithimh 2009.[1] Chuaigh An Taisce i gcoinne na scéime, agus iad ag cur ina leith gurbh mhí-úsáid reachtaíochta ó thaobh údaráis áitiúil de chun forbairt príobháideach a éascú a bhí i gceist.[9]
Seoladh scéim Dublinbikes ar an 13 Meán Fómhair 2009 nuair a chuaigh timpeall 150 gnáthrothaí ag rothaíocht i sála John Tierney, Bainisteoir Cathrach Bhaile Átha Cliath, agus Aindrias Montague, comhairleoir a bhí ar an aistear thar cion Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath.[2]
Fógraíodh ar an 18 Meitheamh 2014 go mbeadh Coca-Cola Zero mar pháirtnéir cumarsáide ag Dublinbikes go ceann trí bliana. Ag deireadh mhí Iúil 2014 athraíodh ainm na scéime go Coca-Cola Zero Dublinbikes agus cuireadh branda Coca-Cola Zero ar gach uile rothar as infheistíocht a dhéanamh sa scéim.[10]
Dul chun cinn
cuir in eagarD'éirigh go han-mhaith leis an scéim, i bhfad ní ba mhó ná mar a rabhthas ag súil leis. Laistigh den chéad sé uaire a bhí an scéim in obráid, d’úsáid thart ar 1,000 duine na rothair, agus sa tréimhse bheag ama céana bhí síntiús chun iad a úsáid curtha isteach ag míle duine breis leis sin.[4] Chuaigh timpeall 11,000 duine isteach sa scéim laistigh den chéad coicís, rud a d’fhág nach raibh aon chártaí rannpháirtíochta fágtha i soláthar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath - faic - toisc nach raibh ag an gComhairle mar sprioc le haghaidh na scéime ach go mbeadh 5,000 ag dul leis an scéim faoi dheireadh na chéad bliana.[11] Bhí iarratas curtha isteach sa scéim ag breis is 25,000 duine faoi mhí an Mhártal 2010.[12] I ndiaidh an seolta, dúirt an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, John Gormley, gur léirigh an t-ardéileamh a bhí ar an tseirbhís an bealach nua ina bhfuiltear ag díriú ar an rothaíocht mar ghníomh "príomhshrutha" in Éirinn.[4]
Laistigh den chéad deich mí ina raibh an scéim i bhfeidhm, tuairiscíodh go raibh breis is 37,000 úsáideoirí, gur úsáideadh na rothair ar bhreis is 828,000 aistear, nach tharla aon timpistí, nach ndearnadh aon loitiméireacht ar na rothair, agus nár chailleadh ach rothar amháin (agus d’aimsíodh an cheann sin, leis).[13]
Ar an 10 Bealtaine 2010 (i ndiaidh an seolta), vótáil comhairleoirí cathrach Bhaile Átha Cliath go gcuirfear suas níos mó mórchlár fógraíochta chun cuir leis na híocaíochtaí, a raibh breis is 30,000 duine ann agus suibscríobh acu (bhíothas ag súil ar 1,500 suibscríobhaí a bheith ann faoin tréimhse seo den tionscadal).[16] Fógraíodh ar 14 Lúnasa 2010 gur úsáideadh an scéim le haghaidh turais den mhilliúnú huair.[17] Faoi mhí na Bealtaine 2011, d’úsáideadh na rothair ar bhreis is dhá mhilliún aistear agus bhí an scéim tar éis leathnú ionas go raibh 550 rothar agus 44 ionad aici.[18] In 2013, fógraíodh go gcuirfear borradh mór faoin scéim agus go gcuirfear 950 rothar breise agus 58 ionad cíosa léi.[5]
Síntúisóirí | ||
Dáta | Fadtéarma | Iomlán líon aistir (carnach) |
18 Aibreán 2010[19] | 21,134 | 556,497 |
Bealtaine 2011[20] | 33,643 | 2,003,105 |
20 Aibreán 2012[21] | 3,500,000 | |
12 Eanáir 2013[22] | 4,674,277 | |
27 Samhain 2013[23] | 36.636 | 6,037,199 |
13 Meán Fómhair 2014[24] | 46,695 | 7,951,866 |
30 Aibreán 2015[25] | 54,808 | 10,568,398 |
Costais don úsáideoir
cuir in eagarChun seirbhísí an chórais a úsáid, caithfidh an t-úsáideoir suibscríbhinn a ghlacadh, a cheadaíonn dó rothair a thógáil aon uair gur mhian leis, gan teorainn. Is féidir gurb é atá i gceist i suibscríbhinn ná Cárta Cíosa Fadtéarma ar €25, nó ticéad 3-lá ar €5. Praghsáil i bhfeidhm 6 Nollaig 2013.[26] Bíonn ar úsáideoirí a údarú go dtógfadh Dublinbikes €150 óna gcárta creidmheasa mura dtabharfar ar ais an rothar.[4] Tá an chéad leath-uair de gach uile aistear saor in aisce, tar éis sin bíonn táille sheirbhíse i gceist. Féach thíos le haghaidh struchtúr na praghsanna:
Tréimhse ama | 30 nóiméad | 1 uair | 2 uair | 3 huaire | 4 huaire |
An Ráta | Saor in aisce | €0.50 | €1.50 | €3.50 | €6.50 |
Tar éis 4 huaire, cosnaíonn gach leathuair bhreise €2. Ó thaobh na praiticiúla de, is beag nach bhfuil an córas saor in aisce ó tharlaíonn sé nach mhaireann 95% de na haistir níos mó ná 30 nóiméad.[15]
Ní ghlactar leis ach amháin le Cártaí slis agus UAP (nó cártaí eile EMV ), agus ní glactar le cártaí nach bhfuil iontu mar gléas ach stiall mhaighnéadach
Seirbhís
cuir in eagarTáirgeann an chuideachta rothair Fhrancach Mercier na rothair láidre san Ungáir agus coimeádann JCDecaux baill orthu. Rothair 3 ghiair atá i gceist, a bhfuil giaranna Shimano Nexus orthu gur féidir iad a athrú suas nó síos trí giarluamhán a casadh timpeall atá socraithe ar an hanla deis. Gintear cumhacht leictreach i ndineamó sa roth tosaigh le haghaidh na soilse LED siar-reatha atá socraithe ag tús agus ag cúl na rothar. Tá boinn Schwalbe Maratón orthu. I measc na gcomhpáirteanna eile, cuimsítear córas glasála, inchoigeartaithe cúlchiste diallaitstuáilte agus inchoigeartaithe,bascaed rothair, cicsheastán agus cloigín.
Tá teirminéal uathoibríoch agus seastáin le haghaidh timpeall 20 rothar ar fáil ag gach uile ionad. Ag tús na scéime, bhí ceithre theirminéal déag a raibh gléas cárta creidmheasa iontu lenarbh fhéidir ticéad 3 lá a cheannach ann.
Ionaid
cuir in eagarAg am an tseolta in 2009 bhí 40 ionad agus 450 rothar.[29] Cuireadh síneadh beag leis chun críche in 2011, a d’fhág go raibh 4 ionad nua agus 100 rothar bhreise curtha leis.[30] I mí Aibreáin 2013 fógraíodh seift chun an líonra a mhéadú go mbeadh 102 ionad ann agus go méadófar an líon rothar ó 550 go 1500.[31]
Ainm | Uimh. an Ionaid | Méid spás (rothar) | Dáta seolta | Láthair |
Sráid na Bearú | 70 | 40 | 22 Aibreán 2014[32] | 53.34164°N 6.23622°W |
Sráid Benson | 90 | 40 | 21 Feabhra 2014 | 53.34404°N 6.23347°W |
Plás Blackhall | 88 | 30 | 8 Bealtaine 2014 | 53.34879°N 6.28165°W |
Sráid Bhaile Coimín | 2 | 20 | 13 Meán Fómhair 2009[24] | 53.35680°N 6.26818°W |
Sráid Bolton | 3 | 20 | 13 Meán Fómhair 2009[24] | 53.35108°N 6.26983°W |
Bóthar Ghort an tSrutháin | 84 | 30 | 26 Bealtaine 2014 | 53.33902°N 6.30018°W |
Sráid Chathail Brugha | 24 | 20 | 13 Meán Fómhair 2009[24] | 53.35208°N 6.26056°W |
Sráid Charlemont | 5 | 40 | 13 Meán Fómhair 2009[24] | 53.33069°N 6.25996°W |
Sráid Chatham | 1 | 29 | 13 Meán Fómhair 2009[24] | 53.34090°N 6.26233°W |
Plás Theampall Chríost | 6 | 20 | 13 Meán Fómhair 2009[24] | 53.34341°N 6.27003°W |
Cé na Cathrach | 99 | 30 | 27 Márta 2014 | 53.34666°N 6.24616°W |
Sráid Chluain Meala | 54 | 33 | 27 Samhain 2013 | 53.33609°N 6.26239°W |
Ard-Mhúsaem, Beairicí Uí Choileáin | 87 | 38 | 5 Lúnasa 2014 | 53.34750°N 6.28522°W |
An Ionad Comhdhála | 65 | 40 | 28 Samhain 2013 | 53.34739°N 6.23864°W |
An Teach Custaim | 23 | 30 | 13 Meán Fómhair 2009 | 53.34822°N 6.25400°W |
Cé Theach an Chustaim | 8 | 30 | 13 Meán Fómhair 2009 | 53.34804°N 6.24791°W |
Cúirt an Dáma | á thógáil | |||
Sráid an Dáma | 10 | 16 | 13 Meán Fómhair 2009 | 53.34400°N 6.26652°W |
Sráid na Danmhairge Mhór | 59 | 20 | 3 Márta 2014 | 53.35559°N 6.26113°W |
Plás Deverell | 45 | 30 | 27 Samhain 2013 | 53.35144°N 6.25523°W |
Ardán Phort an Iarla | 11 | 30 | 13 Meán Fómhair 2009 | 53.33447°N 6.25837°W |
Sráid Eccles | 12 | 20 | 13 Meán Fómhair 2009 | 53.35918°N 6.26932°W |
Sráid Eccles Thoir | 79 | 27 | 8 Bealtaine 2014 | 53.35810°N 6.26560°W |
Bóthar Emmet | á thógáil | |||
Sráid an Chiste | 9 | 24 | 13 Meán Fómhair 2009 | 53.34304°N 6.26356°W |
Siúlán an Mháil | 48 | 40 | 27 Samhain 2013 | 53.34796°N 6.24801°W |
Sráid na bhFíníní | 63 | 35 | 27 Samhain 2013 | 53.34148°N 6.24660°W |
Cearnóg Mhic Liam Thoir | 89 | 40 | 15 Aibreán 2014 | 53.33520°N 6.25092°W |
Cearnóg Mhic Liam Iarthar | 13 | 30 | 13 Meán Fómhair 2009 | 53.33588°N 6.25270°W |
Sráid San Proinsias | 73 | 30 | 22 Aibreán 2014[32] | 53.34210°N 6.27523°W |
Sráid Fhreidric Theas | Á thógáil | |||
Sráid Fownes Uachtarach | 14 | 30 | 13 Meán Fómhair 2009 | 53.34455°N 6.26359°W |
Duga Sheoirse | á thógáil | |||
Cé Sheoirse | 16 | 20 | 13 Meán Fómhair 2009 | 53.34747°N 6.25232°W |
Lána Órga | 17 | 20 | 13 Meán Fómhair 2009 | 53.34076°N 6.26752°W |
Duga na Canálach Móire | 69 | 40 | 21 Feabhra 2014 | 53.34283°N 6.23842°W |
Sráid Grantham | 18 | 30 | 13 Meán Fómhair 2009 | 53.33407°N 6.26547°W |
Sráid Grattan | 57 | 23 | 27 Samhain 2013 | 53.33959°N 6.24369°W |
Sráid na Gréigise | 4 | 20 | 13 Meán Fómhair 2009 | 53.34687°N 6.27303°W |
Sráid na nGildeanna | 49 | 40 | 11 Lúnasa 2014 | 53.34797°N 6.24091°W |
Cé Hanover | 68 | 40 | 21 Feabhra 2014 | 53.34410°N 6.23708°W |
Ardán Fhearchair | 41 | 20 | 6 Eanáir 2011[33] | 53.33257°N 6.25783°W |
Plás Hardwicke | 61 | 25 | 15 Aibreán 2014 | 53.35708°N 6.26315°W |
Sráid Hardwicke | 15 | 16 | 13 Meán Fómhair 2009 | 53.35563°N 6.26432°W |
Sráid Haiste | 55 | 36 | 29 Lúnasa 2014 | 53.33404°N 6.26076°W |
Plás Hoirbeaird | 19 | 30 | 13 Meán Fómhair 2009 | 53.33474°N 6.24514°W |
Sráid Hoirbeaird | 47 | 40 | 3 Samhain 2014 | 53.33576°N 6.24553°W |
Droichead Heuston (Thuaidh) | 92 | 40 | 5 Lúnasa 2014 | 53.34784°N 6.29241°W |
Droichead Heuston (Deisceartach) | 100 | 25 | 5 Lúnasa 2014 | 53.34710°N 6.29203°W |
Stáisiún Heuston (Carrchlós) | 94 | 40 | 5 Lúnasa 2014 | 53.34699°N 6.29779°W |
Stáisiún Heuston (Lárnach) | 93 | 40 | 5 Lúnasa 2014 | 53.34662°N 6.29688°W |
An tSráid Ard | 7 | 29 | 13 Meán Fómhair 2009 | 53.34344°N 6.27462°W |
Sráid San Shéamais | 75 | 40 | 25 Lúnasa 2014 | 53.34346°N 6.28738°W |
Sráid San Shéamais Thoir | 20 | 30 | 13 Meán Fómhair 2009 | 53.33652°N 6.24800°W |
Sráid Jervis | 40 | 21 | 13 Meán Fómhair 2009 | 53.34825°N 6.26649°W |
Sráid Eoin Thiar | 72 | 31 | 8 Bealtaine 2014 | 53.34310°N 6.27716°W |
Sráid Chaoimhín | 71 | 40 | 5 Lúnasa 2014 | 53.33778°N 6.26774°W |
Príosún Chill Mhaighneann | 97 | 40 | 29 Lúnasa 2014 | 53.34211°N 6.31001°W |
Lána Chill Mhaighneann | á thógáil | |||
Sráid an Rí Thuaidh | 101 | 30 | 3 Meitheamh 2014 | 53.35029°N 6.27347°W |
Sráid Laighean Theas | 21 | 30 | 13 Meán Fómhair 2009 | 53.34212°N 6.25435°W |
Sráid an Aoil | 62 | 40 | 30 Eanáir 2014 | 53.34604°N 6.24363°W |
Sráid an Mhargaidh Theas | 76 | 38 | 10 Iúil 2014 | 53.34237°N 6.28767°W |
Ospidéal an Mater | 78 | 40 | 23 Iúil 2014 | 53.36009°N 6.26482°W |
Cearnóg Mhuirfean Thoir | 25 | 30 | 13 Meán Fómhair 2009 | 53.33908°N 6.24696°W |
Cearnóg MhuirfeanThiar | 26 | 20 | 13 Meán Fómhair 2009 | 53.33994°N 6.25169°W |
Sráid Molesworth | 27 | 20 | 13 Meán Fómhair 2009 | 53.34122°N 6.25753°W |
Cnocán an Bhrúnaigh | 82 | 22 | 26 Bealtaine 2014 | 53.34166°N 6.29718°W |
Cearnóg MhuirfeanThiar | 28 | 30 | 13 Meán Fómhair 2009 | 53.35638°N 6.25859°W |
Sráid an Mhóta Íochtarach | 56 | 40 | 27 Samhain 2013 | 53.33788°N 6.24160°W |
An Bhanc Ceannais Nua | 66 | 40 | 17 Eanáir 2014 | 53.34715°N 6.23419°W |
Teach Newman | 53 | 40 | 7 Aibreán 2014 | 53.33705°N 6.26007°W |
An Cuarbhóthar Thuaidh | 60 | 30 | 26 Márta 2014 | 53.35965°N 6.26049°W |
Sráid Oliver Bond | 74 | 30 | 8 Bealtaine 2014 | 53.34393°N 6.28051°W |
Cé Urumhan Uachtarach | 29 | 29 | 13 Meán Fómhair 2009 | 53.34608°N 6.26827°W |
Sráid Gheata na Páirce | 86 | 38 | 5 Lúnasa 2014 | 53.34799°N 6.29188°W |
Cearnóg Parnell Thuaidh | 30 | 20 | 13 Meán Fómhair 2009 | 53.35373°N 6.26533°W |
Sráid Pharnell | 31 | 20 | 13 Meán Fómhair 2009 | 53.35079°N 6.26554°W |
Sráid an Phiarsaigh | 32 | 30 | 13 Meán Fómhair 2009 | 53.34430°N 6.25063°W |
Sráid an Phrionsa / Sráid Uí Chonaill | 33 | 23 | 13 Meán Fómhair 2009 | 53.34900°N 6.26049°W |
Calafort Phortobello | 34 | 30 | 13 Meán Fómhair 2009 | 53.33037°N 6.26510°W |
Bóthar Phortobello | 43 | 30 | 9 Márta 2011[34] | 53.33002°N 6.26817°W |
An tOspidéal Ríoga | 95 | 40 | 29 Lúnasa 2014 | 53.34388°N 6.29706°W |
Sráid Sandwith | 64 | 40 | 24 Eanáir 2014 | 53.34524°N 6.24753°W |
Sir Patricks Dun's | 58 | 40 | 7 Aibreán 2014 | 53.33926°N 6.24077°W |
Margadh na Feirme | 35 | 30 | 13 Meán Fómhair 2009 | 53.34742°N 6.27822°W |
Margadh na Feirme Thuaidh | 42 | 30 | 6 Eanáir 2011[33] | 53.34963°N 6.27780°W |
Bóthar an Duga Theas | 91 | 30 | 22 Aibreán 2014 | 53.34185°N 6.23128°W |
Ospidéal San Séamas (Lárnach) | 81 | 40 | 26 Bealtaine 2014 | 53.33997°N 6.29562°W |
Ospidéal San Séamas (Luas) | 80 | 40 | 10 Iúil 2014 | 53.34136°N 6.29293°W |
Sráid na Trá Mhór | 46 | 35 | 27 Samhain 2013 | 53.34713°N 6.26384°W |
Faiche Stiabhna Thoir | 36 | 40 | 13 Meán Fómhair 2009 | 53.33783°N 6.25611°W |
Faiche Stiabhna Dheas | 37 | 30 | 13 Meán Fómhair 2009 | 53.33749°N 6.26169°W |
Sráid Thalbóid | 38 | 40 | 13 Meán Fómhair 2009 | 53.35106°N 6.25266°W |
An tIosta | 67 | 40 | 17 Eanáir 2014 | 53.34685°N 6.23076°W |
Sráid Chnoc na Lobhar | 22 | 20 | 13 Meán Fómhair 2009 | 53.34593°N 6.25455°W |
Sráid Sherrard Uachtarach | 44 | 30 | 9 Márta 2011[34] | 53.35841°N 6.26049°W |
Bealach an Iarthair | 102 | 40 | 10 Iúil 2014 | 53.35494°N 6.26940°W |
Ardán Wilton | 39 | 20 | 13 Meán Fómhair 2009 | 53.33230°N 6.25271°W |
Sráid Wolfe Tone | 77 | 29 | 3 Meitheamh 2014 | 53.34886°N 6.26741°W |
Sráid Eabhrac (Thoir) | 52 | 32 | 27 Samhain 2013 | 53.33874°N 6.26206°W |
Sráid Eabhrac (Iarthar) | 51 | 40 | 27 Samhain 2013 | 53.33931°N 6.26477°W |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 1.2 Rosita Boland (13 June 2009). "Dublin's long-awaited wheel deal on track for September roll-out". The Irish Times. Retrieved 10 March 2010.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 "2,000 join Dublin bicycle scheme". Raidió Teilifís Éireann. 13 September 2009. Retrieved 10 March 2010.
- ↑ Olivia Kelly (11 May 2013). "Deal agreed to increase Dublin bicycles service". The Irish Times. Retrieved 11 May 2013.
- ↑ 4.0 4.1 "Gormley hails Dublin bike scheme" Curtha i gcartlann 2013-01-03 at Archive.today. The Irish Times. 13 September 2009. Retrieved 10 March 2010.
- ↑ Maria Daly (4 August 2011). "What's the secret of the Dublin bike hire scheme's success?". The Guardian. Retrieved 11 May 2013.
- ↑ http://www.dublininquirer.com/2016/02/24/as-the-dublinbikes-scheme-stalls-is-it-time-for-a-new-funding-plan/
- ↑ https://lovindublin.com/news/dublin-bikes-funding-has-hit-a-wall
- ↑ Colin Coyle and Ruadhan MacEoin (24 August 2008). "Dubliners taken for a ride". The Sunday Times. London. Archived from the original on 5 June 2011. Retrieved 10 March 2010.
- ↑ "Advert sites to fund bike scheme approved". The Irish Times. 7 July 2010.
- ↑ http://www.dublinbikes.ie/Magazine/News/Coca-Cola-Zero-partners-with-dublinbikes
- ↑ Dick O'Brien (4 October 2009). "Bike rental scheme overwhelmed by applications". The Sunday Business Post. Retrieved 10 March2010.
- ↑ Eilish O'Regan (8 March 2010). "Set the wheels in motion to extend your life cycle". Irish Independent. Retrieved 10 March2010.
- ↑ "More than 37,000 use bike scheme". The Irish Times. 9 August 2010. Retrieved 10 August 2010.