Déagóir Afrai-Mheiriceánach ab ea Emmet Till (25 Iúil 194128 Lúnasa 1955)[1][2] a dúnmharaíodh go barbartha i Mississippi le linn an ré Dlíthe Jim Crow.[3]

Infotaula de personaEmmett Till

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en-us) Emmett Louis Till Cuir in eagar ar Wikidata
25 Iúil 1941
Chicago (Stáit Aontaithe Mheiriceá)
Bás28 Lúnasa 1955
14 bliana d'aois
Drew, Mississippi Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisLinseáil (Tráma mhaol)
Áit adhlacthaReilig Burr Oak Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Grúpa eitneachMeiriceánaigh Afracacha
Gníomhaíocht
Gairmdalta Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Teaghlach
AthairLouis Till  agus Mamie Till
Croineolaíocht
28 Lúnasa 1955linseáil Emmett Till Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas


Goodreads character: 28735 Find a Grave: 12300 Cuir in eagar ar Wikidata

Dúnmharú

cuir in eagar
 
Cuimhneachán

Rugadh Emmett Till in Chicago na bliana 1941. Maraíodh a athair i dtreo dheireadh an Dara Cogadh Domhanda. Ba iad a mháthair Mamie agus a sheanmháthair Alma a thóg é. D’éalaigh Mamie agus Alma as Mississippi ciníoch na bhfichidí mar chuid den ‘Great Migration’. Chuireadar fúthu in Chicago.

 
an siopa grósaera sa bhliain 2005

I samhradh na bliana 1955 agus gan Till ach ceithre bliana déaga, cinntear go rachadh sé ar cuairt leis féin chuig daoine muinteartha i Mississippi, óir go raibh na Dlíthe Jim Crow in ard a réime sa Stát ag an am sin.[3]

Ansin tarlaíonn eachtra chinniúnach agus Till i siopa mar a bhfuil bean phósta agus óg (21), Carolyn Bryant (Bennett), ag tindeáil air. Níl a fhios againn céard a tharla i ndáiríre ach bhraith Bryant 'maslaithe'. B'fhéidir gur mhaslaigh Till, 14 ag an am. í gan fhios dó féin.

Cúpla lá ina dhiaidh sin d’fhuadaigh fear céile Carolyn agus a leasdeartháir Till. Fuarthas corp Till briste brúite in abhainn an Tallachatchie ina dhiaidh sin.

Tórramh agus feachtas

cuir in eagar

Sheoladh an corp ar ais chuig Chicago. D'éiligh máthair Till, Mamie, go mbeadh an chónra oscailte ag tórramh Till. Thug sí cuireadh do ghrianghrafadóir pictiúr a thógaint le go bhfeicfeadh an saol mór an drochíde a tugadh dá mac.

Chuir na himeachtaí seo alltacht ar an bpobal agus suim sa chás. Seans go raibh tionchar acu ar an gcinneadh dúnmharú a chur i leith an bheirt fhear, Roy Bryant (fear céile Carolyn) agus a dheartháir, J.W. Milam,. Ach fuarthas neamhchiontach i ngach cúis iad. Dá bharr sin, bhailigh an feachtas cearta sibhialta neart, ag cur i gcoinne an chiníochais, atá go rábach, ó dheas fós.

Sa bhliain 2023, maireann Carolyn Bryant Donham (in aois 88 di) i gcónaí.[4]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. "Editorial: Emmett Till, and Mamie Till Mobley, still await justice". Chicago Tribune. Dáta rochtana: 2023-01-27.
  2. Breandán M Mac Gearailt (27 Eanáir 2023). "Saothar cumhachtach tráthúil faoi chiníochas thréimhse Jim Crow" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-01-27.
  3. 3.0 3.1 "Jim Crow laws" (as en) (2023-01-25). Wikipedia. 
  4. Associated Press in Greenwood Mississippi (2022-08-09). "Emmett Till: woman whose accusation led to lynching will not be charged" (en). the Guardian. Dáta rochtana: 2023-01-27.
  NODES
chat 1
Idea 1
idea 1