Fachtóir VIII
Ceann de shraith einsímí a bhíonn sa bhfuil is ea Fachtóir VIII, a rialaíonn an próiseas téachta.
Substaint cheimiceach | próitéin |
---|---|
Tacsón ina n-aimsítear é | |
UniProt | P00451 |
Ní bhíonn Fachtóir VIII i láthair i ndaoine a mbíonn haemaifilia clasaiceach orthu, agus ní bhíonn a bhfuil siúd in ann téachtadh. Déantar iad a chóireáil le hinstealladh infhéitheach d'fhachtóir VIII, a scaradh ó fhuil úr. Bíonn priacal go n-aistreofar ionfhabhtuithe cosúil le SEIF ó fhuil an deontóra san instealladh seo.
Tá haemaifilia eile ann a tharlaíonn go hannamh ina mbíonn fachtóir eile as láthair, fachtóir IX, agus déantar cóireáil air cosúil le hinstealladh fachtóir IX.
Cúram in Éirinn
cuir in eagarSeans go leigheasfar haemaifiliaigh le géinteiripe amach anseo, ionas gur féidir lena gcolainneacha a bhfachtóir VIII féin a dhéanamh.[1][2]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Fachtóir VIII". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 251.
- ↑ "First person with haemophilia in Ireland treated with gene therapy" (en-GB). Irish Haemophilia Society (2020-03-05). Dáta rochtana: 2021-04-17.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol a bhaineann le sláinte é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |