Foraois chlochraithe
Toradh ar phróiseas iontaisithe ar adhmad ina malartaítear an t-adhmad le silice, calcadóine nó ópal de ghnáth, trí inshíothlú uisce atá saibhir i mianraí. Uaireanta, caomhnaítear mionstruchtúr an adhmaid go foirfe. Sampla iontach is ea Páirc Náisiúnta na Foraoise Clochraithe i stát Arizona, SAM a bunaíodh sa bhliain 1962.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Foraois chlochraithe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 280.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |