Gallaigh
Ciníocha Ceilteacha ba ea na Gallaigh a bhí ina gcónaí sa Ghaill le linn na hIarannaoise agus sa tréimhse Rómhánach (a bheag nó a mhór ón 5ú haois RC go dtí an 5ú haois AD). Labhair siad an Ghaillis, teanga Ceilteach de chuid na Mór-Roinne.
Cineál | grúpa eitneach stairiúil |
---|---|
Ball de | Na Ceiltigh |
Eapainm | An Ghaill |
Tíreolaíocht | |
Ó dhúchas | an Fhrainc |
Le leanúint | cultúr Gall-Rómhánach |
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Tháinig na Gallaigh chun cinn timpeall an 5ú haois RC mar shealbhóirí traidisiún de chuid chultúr La Tène taobh lastuaidh de na hAlpa (iad scaipthe ar fud na tailte idir an tSéin, an Réin Láir agus an Eilbe Uachtarach). Faoin 4ú haois RC, bhog siad fud fad na Fraince, na Beilge, na Spáinne, na Portaingéile, na hEilvéise, na Gearmáine Theas, na hOstaire, Phoblacht na Seice agus na Slóvaice mar atá anois ann, de thairbhe an smachta a bhí acu ar na bealaí trádála a bhain le habhainn na Róine, na Séine, na Réine, agus na Danóibe, agus go tapa leathnaigh siad isteach i dTuaisceart na hIodáile, na Balcáin, an Trasalváin agus na Galáite.
Níor aontaíodh an Ghaill riamh faoi rialtóir nó rialtas amháin, ach bhí na treibheanna Gallacha in ann a gcuid fórsaí a aontú in oibríochtaí míleata ar scála mór. Bhí siad in ard a réime san 3ú haois luath RC. Chuir Poblacht na Róimhe, a bhí ag teacht chun cinn, ag deireadh an Chéad Chogaidh Púnaigh níos mó brú ar na críocha a bhí faoi thionchair na nGallach; D'fhógair Cath Telamon, sa bhliain 225 RC, meath de réir a chéile ar chumhacht na nGallach thar an 2ú haois, sular cuireadh an Ghaill faoi smacht sa deireadh i gCogaí na nGallach sna 50ú RC. Tar éis seo, rinneadh an Ghaill ina cúige den Impireacht Rómhánach, agus comhshamhlaíodh na Gaill i dtromlach na lonnaitheoirí Laidineacha (áitritheoirí Rómhánacha), ag cailliúint a bhféiniúlachtaí treibhe faoi dheireadh an 1ú haois AD.
Cultúr
cuir in eagarTeanga
cuir in eagarBa í an Ghallais a bpríomhtheanga go dtí gur tháinig an Laidin ina háit.
Féach freisin
cuir in eagarIs síol na staire é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Is síol faoin eitneacht nó grúpa eitneach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |