Gaol fola
Deirtear go bhfuil gaol fola[1][2] (nó col fola[3]) ann idir daoine de shliocht duine ar leith amháin, a gcomhshinsear. I ngach sochaí dhaonna bíonn a leithéid de ghaol suntasach agus éagsúil ó ghaolta le daoine eile. Bíonn idirdhealuithe éagsúla suntasacha eile idir gaolta tríd an máthair is tríd an athair, idir garghaolta is gaolta atá fada amach ó chéile, agus idir gaolta den ghlúin chéanna is ó ghlúnta difriúla. I sochaithe beaga neamhthionsclaíocha, is minic gurb iad na gaolta fola príomhbhunús na sochaí. Bíonn difríochtaí móra idir córais, ag brath ar phatrúin cónaithe, dlíthe pósta, nósanna oidhreachta is eile.[4]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): gaol fola” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-09-09.
- ↑ ““consanguinity” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-09-09.
- ↑ Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): col fola” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-09-09.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Cóngas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 168.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |