Glenn Theodore Seaborg
eolaí Meiriceánach
Ceimicí núicléach a rugadh in Ishpeming, Missouri ab ea Glenn Theodore Seaborg (1912-1999). Ar an bhfoireann a d'fhionn na dúile trasúránacha plútóiniam (1940), aimeiriciam is ciúiriam (1944). Tríd an dá dhúil dheireanacha a imbhualadh le halfacháithníní, chruthaigh sé beircéiliam is calafoirniam i 1950. Bhuaigh sé Duais Nobel na Ceimice le Edwin McMillan i 1951. Cathaoirleach Choimisiún um Fhuinneamh Adamhach na Stát Aontaithe 1961-1971. Ainmníodh an dúil nua shaorga seaboirgiam as i 1994.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Glenn Theodore Seaborg". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 587.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |