Grover Cleveland
Ba é Stephen Grover Cleveland (18 Márta, 1837 – 24 Meitheamh, 1908) an 22ú agus 24ú uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá. Bhí sé i bhfeidhmeannas ón 4 Márta, 1885 go dtí an 3 Márta, 1889 agus 4 Márta, 1893 go dtí an 3 Márta, 1897.
Ba é Grover Cleveland, in 1892, an t-aon iaruachtarán riamh ar Stáit Aontaithe Mheiriceá ar éirigh leis an ceann is fearr a fháil ar an té a bhuaigh air chun an post a fháil arís.[1]
Gairm
cuir in eagarToghadh Grover Cleveland (Daonlathach) mar Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá i dtosach in 1884. Fuair Benjamin Harrison (Poblachtánach) an ceann is fearr air in 1888 ach ní dheachaigh Cleveland i bhfolach. D’éirigh leis ainmniúchán a fháil arís do thoghchán 1892 agus tháinig sé ar ais chuig an Teach Bán ar feadh ceithre bliana eile.[2]
Bhí sé de cháil ar Ghrover Cleveland go mb’fhear díreach macánta a bhí ann agus thug sé gráin don dream ina pháirtí féin – na Daonlathaigh – a bhí bainteach le gníomhaíocht Tammany Hall. Ba é an leagan amach a bhí acusan go dtugtaí na buntáistí uilig do do dhream féin sa bpolaitíocht sa gcás agus gur agatsa a bhí an chumhacht. Ba é an leagan amach a bhí ag Cleveland gur ar chumas agus ábaltacht a dhéanfaí ceapacháin ag chuile leibhéal. In 1884 in aghaidh fear darbh ainm James G. Blaine a bhí Cleveland sa gcéad toghchán Uachtaránachta a throid sé. Polaiteoir as Stát Maine ab ea Blaine a bhí ina ionadaí ag na Poblachtánaigh. Fuair Blaine agus a lucht tacaíochta amach go raibh páiste ag Grover Cleveland taobh amuigh den chlaí.[2]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Tuairisc (16 Samhain 2022). "‘Tá Meiriceá ag dul i léig’ – fógra déanta ag Donald Trump go bhfuil sé ag seasamh d’uachtaránacht SAM arís" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-11-16.
- ↑ 2.0 2.1 Máirtín Ó Catháin (3 Samhain 2024). "‘Rum, romanism, rebellion’ agus Donald Trump" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-05.
Is síol faoi Mheiriceá é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |