Hormón fáis
Is éard is hormón fáis (HF) [1] ann ná hormón, ar polaipeiptíd é, a thálann maothán tosaigh na faireoige piotútaí i veirteabraigh a bhfuil gialla acu. Spreagann sé fás na colainne trína iarmhairtí ar mheitibileacht próitéiní, carbaihiodráití is lipidí. Bíonn sé sainiúil don speiceas ina ghníomhaíochtaí. Más mínormálta a thál, is féidir go dtarlóidh abhcacht, fathacht, nó anchuma aghaidhe, lámh is cos.[2]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““hormón fáis” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-04-28.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Hormón fáis". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 353.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |