Acrainm is ea na litreacha LADT, a sheasann do "Leispiach, Aerach, Déghnéasach agus Trasinscneach" (LGBT i mBéarla). Scáth-théarma is ea é do dhaoine nach heitrighnéasaigh agus cisinscnigh iad.

An bhratach tuar ceatha

Ós rud é go bhfuil féiniúlachtaí gnéis agus inscne ann nach dtagann faoi scáth na dtéarmaí san acrainm, is minic a bhaintear úsáid as leaganacha breisithe ar nós LADT+ freisin,[1][2] acrainm lena n-aithnítear agus lena n-áirítear féiniúlachtaí mionlaigh eile nach bhfuil leispiach, aerach, déghnéasach agus trasinscneach amháin. Úsáidtear roghanna eile freisin, mar shampla LADTA, LADTI, LADTAIAP etc.  Úsáideann daoine agus eagraíochtaí an t-acrainm is mó atá ag teacht, dar leo, lena gcuid ball, a gcuid dearcthaí agus a gcuid cuspóirí.[3]

Is í an bhratach tuar ceatha siombail an phobail LADT, cruthaithe ag Gilbert Baker sa bhliain 1978.[4]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. "Stór Focal: Téarmaí LADTA+" (ga-IE). PEIG.ie (2021-04-14). Dáta rochtana: 2021-12-30.
  2. Union of Students in Ireland (USI) (2018-03-21). "An Chéad Fhoclóir LADTA Béarla-Gaeilge Seolta | Union of Students in Ireland" (en-US). Dáta rochtana: 2021-12-30.
  3. INTO Irish National Teachers Organisation (2022). "Bród". Dáta rochtana: 2022.
  4. "MoMA Acquires the Rainbow Flag".
  NODES
Idea 2
idea 2