I réimse na teangeolaíochta, is éard is lomaistriúchán ann ná focalfrása a fuarthas ar iasacht ó theanga eile trí aistriúchán “focal ar fhocal” nó “fréamh ar fhréamh”. Nuair a úsáidtear é mar bhriathar, ciallaíonn “lomaistriú” focal nó frása a fháil ar iasacht ó theanga eile agus a chomhpháirteanna á n-aistriú, ionas go gcruthófar léacsaeim nua sa sprioctheanga.

Uaireanta bíonn níos mó fianaise ag teastáil chun lomaistriúchán a idirdhealú ó fhocal iasachta neamh-aistrithe toisc, i gcásanna áirithe, go bhféadfadh frása den chineál céanna teacht chun cinn go neamhspleách sa dá theanga. Is é is dóichí ná go mbeidh sé seo amhlaidh nuair a bhíonn gramadach an lomaistriúcháin a bheartaítear an-éagsúil le gramadach na teanga iasachtaí, nó nuair a bhíonn íomhánna nach bhfuil chomh soiléir céanna sa lomaistriúchán.

Ní ionann lomaistriú agus péireáil fóna-shéimeantaice. Cé go mbíonn aistriúchán séimeantach san áireamh le lomaistriú, ní péireáil foghraíochta atá i gceist (.i. fuaim an fhocail a fuarthas ar iasacht a choinneáil trí é a phéireáil le focal nó le moirféim atá ann cheana sa sprioctheanga).

Cineálacha

cuir in eagar

Rangaítear lomaistriúcháin ina gcúig ghrúpa, de réir córais amháin:[1]

  • an lomaistriúchán frásaíochta; is é sin nath cainte a aistrítear focal ar fhocal. Mar shampla, tagann “it goes without saying“ i mBéarla go díreach ó ”ça va sans dire” sa bhFraincis,[2] nó frásaí Gaeilge ar nós “Tá sé faoin aimsir” (Tá sé tinn) nó “Is píosa cáca é” (Tá sé an-éasca), a thagann focal ar fhocal ón Bhéarla.
  • an lomaistriúchán comhréireach; .i. struchtúir chomhréireacha sa teanga foinse a aithris sa sprioctheanga, ag teacht salach ar a gciall. Mar shampla, sa Spáinnis, is é declarar culpable an téarma dlí a chiallaíonn “a fháil ciontach” (go litriúil, “a fhógairt ciontach”). Ach cloistear an frása encontrar culpable níos mó anois in úsáid neamhfhoirmiúil faoi anáil an Bhéarla; tagann sé ó “find” i mBéarla, cé nach ionann réimse séimeantach na mbriathra sa dá theanga.[3]. Tá go leor samplaí den sórt seo i nGaeilge freisin; m.sh. “focal a bhreathnú suas i bhfoclóir” (focal a chuardach).
  • an t-aistriúchán iasachta; .i. focal a aistriú moirféim ar mhoirféim nó comhpháirt ar chomhpháirt. Is lomaistriúchán iasachta é an focal Sualannaise tonåring — tagann an dá mhoirféim ton agus åring ón fhocal teenager i mBéarla: femton (cúig déag) agus åring (bliain d'aois). Ar an gcaoi chéanna, tagann an focal Gaeilge taoschnó go díreach ón Bhéarla doughnut.
  • an lomaistriúchán séimeantach, le bríonna breise den fhocal foinseach á aistriú chuig an bhfocal leis an mbunbhrí céanna sa sprioctheanga. Tugtar iasacht shéimeantach air seo freisin. Mar shampla, ainmníodh an luch ríomhaire i mBéarla mar gheall ar a chosúlacht leis an ainmhí, agus úsáidtear an meafar céanna i go leor teangacha eile, an Ghaeilge san áireamh ar ndóigh.
  • an lomaistriúchán moirfeolaíoch, agus infhilleadh an fhocail á aistriú.

Níl an téarmaíocht seo uilíoch. Tugann roinnt údar aistriúchán moirféim-ar-mhoirféim ar lomaistriúchán moirfeolaíoch.[4]

Tá lomaistriúchán fóineolaíoch ann freisin, ina ndéantar fuaimniú an fhocail a aithris sa teanga eile.[5] Mar shampla, tugtar 雷达 (pinyin léi dá) ar radar sa tSínis, a fhuaimnítear cosúil leis an mBéarla.

Cumasc iasachta

cuir in eagar

Aistríonn cumasc iasachta (nó páirt-lomaistriúcháin) cuid de chomhfhocal gan na codanna eile a aistriú.[6] Mar shampla, is páirt-lomaistriúchán é Saorview, ainm sheirbhís teilifíse dhigiteach na hÉireann, ar Freeview, seirbhís dhigiteach na Ríochta Aontaithe, ag aistriú an chéad leath den fhocal ó Bhéarla go Gaeilge ach ag fágáil an dara leath gan athrú. Samplaí eile is ea: “liverwurst” (< Gearmáinis Leberwurst), “apple strudel” (< Gearmáinis Apfelstrudel).

Aistriúchán iasachta: margadh na míol

cuir in eagar

Is aistriúchán iasachta de fhrása sa bhFraincis marché aux puces (margadh le dreancaidí) é an frása coitianta Béarla flea market (Gaeilge: margadh na míol[7]). I measc na leaganacha náisiúnta eile, tá:

  1. May Smith, The Influence of French on Eighteenth-century Literary Russian, pp. 29–30.
  2. Foreign Words. Fowler, H. W. 1908. The King's English
  3. If my Calqueulations are Correct, Paul Weston
  4. Claude Gilliot, "The Authorship of the Qur'ān" in Gabriel Said Reynolds, The Qur'an in its Historical Context, p. 97
  5. Specialised Dictionaries for Learners edited by Pedro Antonio Fuertes Olivera, p. 187
  6. Philip Durkin, The Oxford Guide to Etymology, sec. 5.1.4
  7. Pádraig Ó Mianáin, eag.: “flea market — Aistriúchán Gaeilge ar flea market (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2022-10-26.
  NODES
Idea 1
idea 1