Rian a dhéanann patrún na mullach ar bharra na méar is na n-ordóg. Go déanach sa 19ú céad thaispeáin Francis Galton go bhfanann patrún na mbuaiceanna ar bharr na méire buan i rith saol duine, agus nach ionann an patrún seo d'aon bheirt. Tá an fíoras deiridh seo á chruthú arís is arís eile thar na blianta, agus mar sin tá teicníocht an mhéarloirg in úsáid ag póilíní le fada mar bhealach chun coirpigh a shainaithint. Tá córais rangaithe méarlorg in úsáid is á bhforbairt ó dheireadh an 19ú céad, bunaithe ar phatrún na mullach, a méid is a láthair ar an méar, líon na mullach i lúba, i rinsí bíse, agus táscairí eile. Sa phróiseas caighdeánach chun méarloirg a fháil, glantar na méara is na hordóga agus brúitear na barra i ndiaidh a chéile anuas ar dhromchla gloine, clúdaithe le dúch. Rolltar iad ansin ar chárta caighdeánaithe chun rian soiléir de bharr iomlán gach méire a fháil, ionas gur féidir na mullaigh a chomhaireamh is a leanúint. Tá an méarlorg géiniteach ann, bealach ionannaithe atá bunaithe ar an tuiscint nach bhfuil an patrún céanna DNA ag aon bheirt. Stóráiltear próifílí DNA i gcórais ríomhaire agus úsáidtear iad go minic anois chun coirpigh is daoine eile a ionannú.[1]

Méarlorg
  1. Hussey, Matt (2011). "Méarlorg". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 445.
  NODES
Done 1