Meat Loaf (amhránaí)
Amhránaí agus ceannródaí an rac-cheoil a bhí i Meat Loaf[1] nó Marvin Lee Aday (a rugadh i nDallas, Texas ar 27 Meán Fómhair 1947 – 20 Eanáir 2022, Nashville).[2] Bhí glór iontach ag Meat Loaf .agus an-teacht i láthair ann ar an stáitse (bhuel, de réir mar ba mhian leis, ní raibh sé iontaofa agus saol casta aige).
Amhránaí
cuir in eagarDhíol Meat loaf 100 milliún albam le linn a ghairme agus bhí sé gníomhach thar thréimhse seasca bliain. Ghlac sé páirt i mbreis agus 65 scannán,Fight Club, Focus, Rocky Horror Picture Show agus Wayne's World ina measc.[3]
Tá Bat Out of Hell (1977) fós i measc na ndeich albam is mó ar díoladh cóip díobh riamh.
Ar camchuairt in Éirinn
cuir in eagarSa bhliain 1989, chuaigh Meat Loaf ar camchuairt in Eirinn agus cuireadh fáilte is fiche roimhe.[4]
Tháinig Meat Loaf ar ais in 1990 don Trip To Tipp' agus Féile 1990.[5]
Bhí Meat Loaf ar an Late Late Show cúola uair agus chruthaigh sé go seoigh ar fad ar sheó Pat Kenny sa bhliain 1998.[6][7]
Sláinte agus bás
cuir in eagarBhí bail sheasmhach ar Meat Loaf sa bhliain 2016 tar éis dó titim as a sheasamh le linn ceolchoirme i gCeanada.[8] Thit Meat Loaf de phleist ar stáitse ach lean a chuid amhránaíochta ar aghaidh. Fuarthas amach go raibh Meat Loaf ag beolbheachtú i rith na ceolchoirme.[9][10] Tháinig ceoltóirí agus na seirbhísí sláinte i gcabhair air agus tugadh ag an ospidéal é.
Bhí Meat Loaf i bhfad amach ar an eite dheis. Bhí sé an-mhór le Donald J. Trump ar feadh tamaill,[11] agus gafa le teoiricí comhcheilge gan bhunús. Dúirt Meat Loaf, mar gheall ar Covid, "if I die, I die - I'm not going to be controlled". Ach bhuail Covid Meat Loaf agus neamh-vacsaínithe,[12] fuair sé bás de bharr an víris chorónaigh.[13]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ nó Meatloaf uaireanta
- ↑ Richie Ó hEadhra (Ceoltóir leis an mbanna Rís). ar RnaG (2022). "Tús Áite: Meatloaf ar shlí na fírinne" (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2023-01-20.
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-01-21). "Meatloaf, 74, básaithe" (as ga).
- ↑ Ronan Casey (2021-02-02). "Meat Loaf, a flying wheelchair, and the greatest story ever told" (en). loudersound. Dáta rochtana: 2023-01-20.
- ↑ "Meat Loaf collapses on stage singing 'I’d Do Anything for Love'" (as en) .
- ↑ "MEAT LOAF AND IRELAND" (en). The Blackpool Sentinel (2022-01-21). Dáta rochtana: 2023-01-20.
- ↑ Siobhán O'Connor / PressReader.com (2022). "Imelda 'so sad' at loss of good pal". www.pressreader.com. Dáta rochtana: 2023-01-20.
- ↑ Nuacht RTÉ (2016-06-17). "'Bail sheasmhach' ar Meatloaf" (as ga).
- ↑ Euronews (2016). "Meat Loaf collapses on stage singing 'I’d Do Anything for Love'" (as en).
- ↑ "Shock moment Meat Loaf collapses on stage for the FOURTH time 3yrs before he died" (en-gb). The Sun (2022-01-21). Dáta rochtana: 2022-01-24.
- ↑ "Meat Loaf’s off-on friendship with the Trumps as ex-president insists ‘we loved him’" (en). The Independent (2022-01-21). Dáta rochtana: 2023-01-20.
- ↑ Keith Griffith (2022-01-22). "Meat Loaf mocked over his stance on mandates following his death". Mail Online. Dáta rochtana: 2023-01-20.
- ↑ "Meat Loaf died after ‘catching Covid’ aged 74, reports claim" (en-gb). The Sun (2022-01-21). Dáta rochtana: 2022-01-24.