Is éard atá i gceist le modal toirte[1] ná míneas chóimheas an athrú brú a fheidhmítear ar bhloc ábhair ar leith don athrú codánach iarmharach i dtoirt an bhloic. Úsáidtear an tsiombail K don mhodal seo, agus tomhaistear in aonaid Pa (pascal) é. Tugtar an modal comhbhrúite air freisin. Is tairiseach é d'ábhar ar leith. Mar shampla, maidir le gloine, K = 0.37 × 1011 Pa. De réir mar a mhéadaíonn K, is deacra an t-ábhar a chomhbhrú agus is doichte é i gcomhbhrú. Sainmhínítear inchomhbhrúiteacht ábhair mar 1/K.[2]

Bosca Sonraí Méid FisiciúilModal toirte
Foirmle
Cuir in eagar ar Wikidata
  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): modal toirte” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-05-04.
  2. Hussey, Matt (2011). "Modal toirte". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 464.
  NODES
Done 1