Muileann na Buaise
Baile suite i gContae Aontroma
Is é Muileann na Buaise[1] baile ar chósta thuaidh Chontae Aontroma. Is ann atá Sheandrioglann Mhuileann na Buaise, atá níos sine ná drioglann dlíthiúil eile ar bith ar domhain. Tá 1300 duine ina gcónaí i Muileann na Buaise, atá 95 ciliméadar ó Bhéal Feirste, 10 ciliméadar ó Bhaile an Chaistil, agus 15 ciliméadar ó Chúil Raithlin (i gContae Dhoire). Is Protastúnaigh Aontachtacha iad formhór mhuintir Mhuileann na Buaise. Tá an baile i gComhairle na Maoile.
Muileann na Buaise | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | an Ríocht Aontaithe | |||
Comhthír na Ríochta Aontaithe | Tuaisceart Éireann | |||
Contae i dTuaisceart na hÉireann | Contae Aontroma | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Cód poist | BT57 | |||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Glaochód | 028 | |||
Logainm.ie | 62110 |
Comhchathracha
cuir in eagar- Louisville, Kentucky, Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia
a bhaineann le: Bushmills.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
- ↑ “Muileann na Buaise/Bushmills | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.