Nasc hidrigine
Is éard is nasc hidrigine[1] ann ná aomadh idirmhóilíneach idir leictreon leictridhiúltach in adamh amháin agus núicléas leictridhearfach hidrigine in adamh eile. Is iad na naisc hidrigine ina bhfuil adaimh fluairín is láidre, ach is coitianta iad siúd ina bhfuil adaimh ocsaigine. Tá siad seo tábhachtach chun airíonna an uisce a thuiscint. Is féidir go mbeidh naisc hidrigine i bhfeidhm taobh istigh de mhóilín ar leith (mar shampla, bíonn ról mór ag naisc hidrigne inmheánacha mar seo i gcinneadh struchtúr tríthoiseach gach próitéine). Luaitear an nasc hidrigine mar cheann de na naisc thánaisteacha cheimiceacha, mar mhalairt ar na naisc phríomhúla atá níos láidre. Is é nasc van der Waals an dara ceann.[2]
Is cineál speisialta idirghníomhú buan déphol-déphol é nascadh hidrigine a tharlaíonn idir móilíní ina bhfuil adamh hidrigine nasctha le nítrigin, ocsaigin nó fluairín. Is fórsa idirmhóilíneach é nasc hidrigine atá measartha láidir i gcomparáid le cinn eile, fórsa idir:
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““nasc hidrigine” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-09-30.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Nasc hidrigine". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 477.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |