Pogram Chív (1881)

Pograim frith-Ghiúdacha i gCathair Chív in1881

Mhair Pogram Chív na bliana 1881 ar feadh trí lá. Thosaigh sé ar 26 Aibreán (7 Bealtaine), 1881 i gcathair Chív féin agus scaipeadh é go sráidbhailte sa réigiún máguaird. Lean ráigeanna foréigin ann go dtí an geimhreadh. Meastar gurb é pogram Chív an ceann is measa de na pograim a shéid trí Iardheisceart na Rúise Impiriúla i 1881.[1] Lean na pograim ar aghaidh i rith an tsamhraidh, ag scaipeadh ar fud chríoch na hÚcráine (mar atá inniu ann) lena n-áirítear Gobharnóireachtaí Podolia, Volyn, Chernigov, Yekaterinoslav, agus cinn eile nach iad. Go háirithe, ní dhearna údaráis an tsáir aon iarracht é a stopadh. Ina mhionstaidéar Russians, Jews and the Pogroms of 1881-1882, áfach, tháinig John D. Klier, ollamh le Stair na nGiúdach nua-aimseartha i gColáiste na hOllscoile, Londain, a chaith beagnach a shaol acadúil ar fad ag déanamh taighde ar shaol na nGiúdach i gcríoch faoi smacht na Rúise, ar an tuairim, a mhalairt ar fad, gur thug rialtas an tSáir orduithe go gníomhach agus go minic arís agus arís eile do na póilíní, agus don lucht míleata na pograim a chur faoi chois. D'fhoilsigh siad forógraí freisin a chuir cosc ar chíréibeacha frith-Ghiúdacha.[2]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtPogram Chív
Íomhá
Cineálpogrom Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid depograim frith-Ghiúdacha in Impireacht na Rúise Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana1881 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhCív, An Úcráin Cuir in eagar ar Wikidata
  1. Pogrom (Virtual Jewish Encyclopedia
  2. Klier, John D. (2011). Russians, Jews and the Pogroms of 1881-112. p. 26 &foll. ISBN 978-1-107-63415-2
  NODES
Idea 1
idea 1