Is éard is rabhlógcasfhocal ann ná abairt nó caint atá deacair a rá, mar shampla ón nGaeilge - d'ith damh dubh ubh amh ar neamh.

  • Ná bac le mac an bhacaigh is ní bhacfaidh mac an bhacaigh leat!
  • Seacht sicín ina seasamh sa sneachta lá seaca.
  • Rug Liam Rua ar luch ramhar liath.
  • Cearc uisce san uisce ag slubáil is ag slabáil, Cé a déarfadh naoi n-uaire é gan anáil a tharraingt? Foinse: Gugalaí Gug (Tadhg Mac Dhonnagáin agus John Ryan, 2005)
  • Bhí bean ag Joe

Is bhí banjo ag Joe Is bhí banjo ag bhean Joe B'fhearr go deo Joe ar an mbanjo Ná bean Joe ar an mbanjo go deo.

  • Tá neascóid ar ioscaid an easpaig, agus tá imní ar an easpag faoin neascóid atá ar a ioscaid.
  • Arsa Doug beag bog, “Rug gob beag bog gog beag bog. (le Peadar Ó Donnabháin)
  • An bhfaca tú an bacach?

Nó an bhfaca tú a mhac? Ní fhaca mé an bacach, Ná ní fhaca mé a mhac, Dá bhfeicfinnse an bacach, Nó dá bhfeicfinnse a mhac, Ní bhacfainn leis an mbacach, Ná ní bhacfainn lena mhac.

  • Is minic a chuaigh fear buille thar an fhear tuille go dána, ach is gearr a bheadh fear tuille ag tabhairt fear buille le fána!
  • Chuaigh cúig uain Eoin go ciúin chun cuain.
  • Tá sicín ina seasamh sa sneachta lá seaca.
  • Ní thuigfidh mise fear as Toraigh is ní thuigfidh fear as Toraigh mé.

Cluiche as Gaillimh (Rí na nÉan)

cuir in eagar

Ansin deir sé casfhocal crua mar seo:

Chuaigh mo chatsa go tigh chait Gharsail. Ghaibh cat Gharsail ar mo chatsa. Cár chóra do mo chatsa gabháil ar chat Gharsail, Ná do chat Gharsail gabháil ar mo chatsa? An té a n-éirionn leis é sin a rá gan botúin ná gáire a dhéanamh, is dó a thugtar an ríocht.

Ó Spraoi le Chéile - 2009 - Coiste Cúram Leanaí Chathair agus Chontae na Gaillimhe

Samplaí ó Ghaeilge na hAlban

cuir in eagar

Ó Deascán Ábhair Thraidisiúnta ó Oirthear Rois le Seosamh Watson

Caoraich Bail' a' Bhealaidh 'g ith' bealaidh aig beulaibh Bail' a' Bhealaidh.

[Caoirigh Bhail' a' Bhealaidh ag ithe giolcaí sléibhe os comhair Bhail' a' Bhealaidh.]

Cha robh reith' ruadh riamh reamhar. [Ní raibh reithe rua riamh ramhar.] Cf. Cha robh reithe leathann liath riabh reamhar.

Rabhlóga eile

cuir in eagar

Maureen Doohan, Tír Chonaill a bhailigh, ó Spraoi le Chéile - 2009 - Coiste Cúram Leanaí Chathair agus Chontae na Gaillimhe

Dhá ghé ghlas ghliobach ag gearradh geamhair go gobach. Faoitín fánach fostaithe ag faoileán feallmhar falsa. Beab bheag bhinn ag bleán bainne na bó brice. Chuaigh ceannaí cneasta cliste thar chlaí crua cloch. Fástar fataí fada feoite go fairsing le feamainn Grabaire gearr gránna ag griogadh gréasaí greannmhar gortach. Abair ab-ab is ná buail do dhá chab ar a chéile. Bean bhán bhinn ag baint bainne bó bleachtáin. Bleitheach breá bríomhar ag ól buicéad bláthaí. Fear falsa feargach ag faire na farraige fuaire. Bhí cleas críonna cleasach ag cleasaí crua cliste. Cearc cheart le cuircín dearg ag cartadh coirce go cíocrach. Bean bhuí bhracach bhacach bhratógach bhalcánta í Bríd. Clog beag bog ag bogadh a bheag nó a mhór. Cearc bhreac bhrocach, droimcham eireaballach: Rug Liam Rua ar luch ramhar liath Seacht sicín ina seasamh sa sneachta lá seaca. Béar breac bradach ag rith trasna páirce agus bior bog beag blonaige ina bhéal aige. Blocán beag bog ar bhacóg ag balcaire bruíonach. Clog beag bog ag bogadh a bheag nó a mhór. Cearc bhreac bhrocach, dhroimcham eireaballach. Ní péint dhearg a rinne dearg an deargadaol Fear fial flaithiúil é Flaithrí Ó Flannaile. Gas glas i ngob gearr gé gheal ghlan. Olann oiriúnach óllannach a d’fheilfeadh don obair sin. Rug rón liath ar roc leathan rua. Sionnach sleamhain slíochtha ag seilg sicín séimh socair sochma

Féach freisin

cuir in eagar
  NODES
chat 8
Idea 1
idea 1