Rise of the Planet of the Apes
Scannán ficsean eolaíochta is ea Rise of the Planet of the Apes. Rupert Wyatt a stiúir an scannán, agus Rick Jaffa agus Amanda Silver a scríobh é. Is athbhútáil de chuid na sraithe Planet of the Apes é, agus is é an seachtú scannán sa tsraith é. Ba le James Franco, Freida Pinto, John Lithgow, Brian Cox, Tom Felton, agus Andy Serkis na príomhpháirteanna. Sa scannán, téann Caesar (Serkis), an simpeansaí ghéinmhodhnaithe a thóg William Rodman (Franco), ó ghéibheann ag treorú arm na n-ápaí in aghaidh an chine dhaonna.
Buneolas | |
---|---|
Stiúrthóir | Rupert Wyatt |
Príomhcharachtair | |
Léiriú | Peter Chernin, Rick Jaffa agus Amanda Silver |
Script | Rick Jaffa agus Amanda Silver |
Ceol | Patrick Doyle |
Grianghrafadóireacht | Andrew Lesnie |
Eagarthóireacht scannáin | Conrad Buff IV agus Mark Goldblatt |
Feisteas | Renée April |
Comhlacht léiriúcháin | 20th Century Fox, RatPac-Dune Entertainment agus Ingenious Media |
Dáileoir | InterCom, Netflix agus Disney+ |
Mionsonraí | |
Tír bhunaidh | Stáit Aontaithe Mheiriceá |
Céadléiriú | 11 Lúnasa 2011 |
Fad ama | 105 min |
Bunteanga | Béarla |
Suíomh scannánaíochta | Vancouver, San Francisco, Oʻahu, Mammoth Studios (en) , British Columbia Institute of Technology (en) , Stanley Park (en) agus Griffith Park (en) |
Dath | daite |
Formáid | 2.35:1 |
Buiséad | 93,000,000 $ |
Tuilleamh | 481,800,873 $ (domhanda) 176,760,185 $ (Stáit Aontaithe Mheiriceá) |
Cur síos | |
Bunaithe ar | La Planète des singes |
Seánra | scannán ficsin eolaíochta, scannán aicsin, scannán drámaíochta, scannán diostóipeach agus scannán bunaithe ar úrscéal |
Rátáil MPAA | PG-13 |
Príomhábhar | eipidéim |
Suíomh scéalaíochta | San Francisco |
Liosta na ngradam agus na n-ainmniúchán | |
Ainmnithe do | |
Gradam a fuarthas | |
Suíomh gréasáin oifigiúil | apeswillrise.com |
| |
Thosaigh forbairt Rise of the Planet of the Apes in 2006 nuair scríobh Jaffa agus Silver an script agus dhíol siad le 20th Century Fox, léiritheoir agus dáileoir an bhunscannáin, é. Bhí táirgeadh ag streachailt go dtí 2009, nuair d'fhostaigh an stiúideo Franco, Serkis, agus Wyatt. Thosaigh príomhghrianghrafadóireacht i Iúil 2010 agus chríochnaigh sé i mí Mhéan Fómhair. Scannánaigh páirteanna den scannán in Vancouver, San Francisco, agus Oʻahu, Haváí. Chruthaigh Weta Digital na hápaí.