Roparz Hemon
Údar agus scoláire Briotánach ab ea Louis-Paul Némo (18 Samhain 1900 – 29 Meitheamh 1978), nó Roparz Hemon mar is fearr aithne air. Bhí sé ina údar ar lear mór foclóirí, graiméar, dánta agus gearrscéalta. Bhunaigh sé freisin Gwalarn, iris liteartha i mBriotáinis inar fhoilsigh go leor údar óg a gcéad scríbhinní le linn na 1920idí agus na 1930idí.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (fr) Louis Paul Némo 18 Samhain 1900 Brest, An Fhrainc |
Bás | 29 Meitheamh 1978 77 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire |
Áit adhlactha | Brest |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Scoil Lycée Ollscoil Leeds lycée Saint-Louis Dámh na nEalaíon Pháras |
Céim acadúil | agrégation |
Gníomhaíocht | |
Gairm | foclóirí, file, Easparantóir, scríbhneoir |
Fostóir | Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath (1947–) Radio Rennes Bretagne (1940–1944) Scoil Lycée (1925–1939) |
Ainm cleite | Pendaran |
Teangacha | Esperanto agus an Bhriotáinis |
Ghlac sé/sí páirt i | |
1940 | WWII Axis collaboration in France (en) |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Eile | |
Máthair | Julie Foricher |
Ciontaíodh i | indignité nationale (en) (1946) |
Saol agus saothair
cuir in eagarBhí Hemon in Arm na Fraince ag tús an Dara Cogadh Domhanda, áit ar ghortaigh na Gearmánaigh é agus ar thóg na Gearmánaigh ina phríosúnach é.
Ar ais i mBrest i Lúnasa 1940, thosaigh sé ag foilsiú Gwalarn arís. I mí na Samhna, ceapadh é mar stiúrthóir clár ag Radio Roazhon-Breizh, craolachán seachtainiúil sa Bhriotáinis a bhunaigh an Propagandastaffel. Ó 1941 i leith, stiúraigh sé an foilseachán seachtainiúil Arvor. I mí Dheireadh Fómhair 1942, cheap Leo Weisgerber Hemon chun cuidiú le bunú “Institiúid Cheilteach na Briotáine”. Chuir Hemon seirbhísí eile ar fáil do na Gearmánaigh, cosúil le cuidiú le comhaid a thiomsú i gcoinne préfet Ripert.
Ag an Saoradh, theith Hemon go dtí an Ghearmáin, áit ar cuireadh i bpríosún é. Tar éis bliana príosúin, chuir stát na Fraince pianbhreith deich mbliana de "dégradation nationale" air as an gcion "Indignité nationale". Shocraigh sé mar sin dul ar deoraíocht go hÉirinn. D'oibrigh sé ann d'Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.[1] Ní rachadh sé ar ais go dtí an Bhriotáin choíche. Ina ainneoin sin ar fad, níor stop sé ag obair ar son na Briotáinise riamh, agus scríobh sé A Historical Morphology and Syntax of Breton i 1975 mar shampla. Chruthaigh sé an iris Ar Bed Keltiek a bhí cosúil le Kannadig Gwalarn nó Arvor. Fuair sé bás in 1978. Cuireadh é i mBrest.
Ionsaí ar a cháil
cuir in eagarMar thoradh ar an gcáil a bhí ar Hemon mar scoláire, ainmníodh institiúidí sa Bhriotáin ina dhiaidh. Sa bhliain 2000, d'éirigh conspóid níos measa ná sin, nuair a rinneadh taighde agus poiblíocht ar ról Hemon mar chomhoibritheoir le linn na Forghabhála. Nochtadh freisin cuid de na ráitis a rinne sé le linn an chogaidh, go háirithe na tuairimí frith-Fhrancacha a cuireadh in iúl in Ni hon unan. Mar thoradh air sin, b'éigean don scoil Briotáinise, nó Diwan in Le Relecq-Kerhuon, agus lárionad cultúrtha Guingamp, a bhí ainmnithe i ndiaidh Hemon, a n-ainmneacha a athrú.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ “Hemon, Roparz”. DIAS.