Rumi
Tá clú agus cáil ar fud an domhain ar Rumi, nó Jalāl ad-Dīn Muhammad Rūmī (30 Meán Fómhair 1207 - 17 Nollaig 1273) mar fhile agus mar dhiagaire de chuid Ioslam. Bhí Rumi (mar a thugtar air go hiondúil) i measc na bhfilí is tábhachtaí i stair litríochta de chuid na Peirse (an Iaráin inniu). Ba fhealsamh agus mhisteach Súfaíoch é chomh maith. D'fhág Rumi a rian ar dhaoine a sháraíonn na teorainneacha idir reiligiúin agus cultúir.[1]
Ainm sa teanga dhúchais | (fa) جلالالدین مُحمَّد بلخی |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 30 Meán Fómhair 1207 (Féilire Ghréagóra) Vakhsh (Khwarazmian Empire) |
Bás | 17 Nollaig 1273 (Féilire Ghréagóra) 66 bliana d'aois Konya (Sabhdánacht Rum) |
Áit adhlactha | Mevlâna Museum (en) Yeşil Türbe (en) |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Ioslam agus Sufaisteachas |
Teanga dhúchais | an Pheirsis |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Islamic philosophy (en) agus Sufaisteachas |
Gairm | file, duine léannta, fealsamh, scríbhneoir, ulema, misteach |
Mac/iníon léinn de chuid | Baha ud-Din Walad agus Burhanuddin Tirmizi |
Mac/iníon léinn | Pervâne agus Husam al-Din Chalabi (en) |
Faoi thionchar | |
Ainm cleite | خاموش |
Teangacha | An Pheirsis, an Araibis, Sean-Tuircis na hAnatóile agus Gréigis na Meánaoise |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Teaghlach | |
Céile | Gawhar Khatun |
Páiste | Sultan Walad |
Athair | Baha ud-Din Walad |
Tugtar an t-ainm "Mevlana" ("Máistir") ar Rumi freisin.
Saol
cuir in eagarRugadh Rumi sa bhliain 1207 i mBalkh, Khorasan, ar a dtugtar an Afganastáin sa lá atá inniu ann.
Bhí an-mheas ar Rumi mar scoláire ar an dlí Ioslamach (de chuid na gluaiseachta Hanafi, atá i measc na gceithre traidisiún dlí atá ag na Sunnaígh), mar a bhí a athair Bahā ud-Dīn Walad (timpeall 1150-1231) roimhe.[2]
Bhuail Rumi leis an misteach Shams-e Tabrizi sa bhliain 1244, an toisc chinntitheach ina shaol iomlán. dúirt Shams le Rumi go raibh duine ar bith a bheith ábalta labhairt go díreach le Dia.
Bhí Rumi ansin i gceannas ar Madrasa[3] i Konya[4] (sa Tuirc inniu). Bhí sé ina shaineolaí ar an Sharia (dlí Ioslamach).
Chreid Rumi go paiseanta i dtaca le húsáid an cheoil, filíochta agus damhsa, mar cosán chun teacht go Dia. Ní dócha gur cheap Rumi féin gur tháinig na gnéithe éagsúla dá shaol salach ar a chéile; ina ionad sin, is é an chiall a bhainfeadh sé astu ná go raibh gnéithe éagsúla de chreideamh an ghrá i gceist.
Tionchar
cuir in eagarD'éag Rumi sa bhliain 1273 (6 Jumada al-Thani, 672AH) i Konya (sa Tuirc faoi láthair), Tá tuama Rumi suite i Konya.
I ndiaidh a bháis, chuir a lucht leanúna an tOrd Mevlevi ar bun (tugtar na "Deirbhísigh Ghuairneánacha" orthu go coitianta.
Rumi as Gaeilge
cuir in eagarD'fhoilsigh Gabriel Rosenstock "Guthanna Beannaithe an Domhain" Iml 1, 2, agus a 3, Cnuasach filíochta ó cheithre hairde na cruinne, Rumi ina measc.[5][6][7]
Tá suim ar leith ag Gearóid Mac Lochlainn i Rumi.[8] Sa bhliain 2006 bhí sé ag ullmhú aistriúchán ar fhilíocht an fhile Dervish, a gcluineann Gearóid a macallaí i Meánoirthear an lae inniu. Tá ceangal ag filíocht Ghearóid le saothar Rumi. Tá an spioradáltacht, an ceol agus an damhsa, fite fuaite i bhfilíocht na beirte.[9]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- Prof. Dr. ErkanTurkmen, The Essence of Rumi's Masnevi, Including his life and works. ISBN 975-95630-0-2. Revised and corrected edition: October 2004. Eris Booksellers, Hamidiye Mah. Abdulezelpasa Cad. No. 3/A. Selcuklu. Konya, Turkiye.
- ↑ Scoil Dlí, COBÁ¢. "Rumi" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-12-17.
- ↑ rud ar tharraing William Dalrymple aird air agus é ag scríobh sa Guardian sa bhliain 2005 (2005-11-05). "William Dalrymple: What goes round... Rumi" (en). the Guardian. Dáta rochtana: 2020-12-17.
- ↑ "Madrasa" (as en) (2020-12-09). Wikipedia.
- ↑ "Konya" (as en) (2020-12-14). Wikipedia.
- ↑ Gabriel Rosenstock (2012). "Guthanna beannaithe 3" (ga). Issuu. Dáta rochtana: 2020-12-17.
- ↑ "Guthanna Beannaithe an Domhain Gabriel Rosenstock". www.coisceim.ie. Dáta rochtana: 2020-12-17.
- ↑ "Guthanna Beannaithe an Domhain Imleabhar 3" (en-GB). Litríocht (2012-05-29). Dáta rochtana: 2020-12-17.
- ↑ Róisín Armstrong. "Gearóid Mac Lochlainn" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-12-17.
- ↑ "Criss-Cross Mo Chara | CIC". www.cic.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-12-09. Dáta rochtana: 2020-12-17.