Seán MacBride (polaiteoir)
Ba pholaiteoir, taidhleoir agus gníomhaí ar son chearta an duine é Seán MacBride (Gaeilge: Seán Mac Giolla Bhríde) a rugadh ar 26 Eanáir 1904 agus a bhásaigh 15 Eanáir 1988. Bronnadh Duais Nobel na Síochána air sa bhliain 1974[1].
Luathshaol
cuir in eagarMac leis an réabhlóidí Seán Mac Giolla Bhríde agus an aisteoir Maud Gonne a bhí ann. Sa Fhrainc a tógadh é agus bhog sé go hÉirinn nuair a bhí sé dhá bhliain déag d'aois.[2]
Níor thosaigh sé amach ar bhealach na síochána. Cuireadh a athair Major John MacBride chun báis tar éis Éirí Amach na Cásca 1916 agus ní raibh sé féin ach 13 bliana d'aois nuair a chuaigh sé isteach san IRA.
Bhí Mac Giolla Bhríde ina phoblachtach diongbháilte, mar bhall d'Óglaigh na hÉireann roimh 1919 (agus 14/15 bliain d'aois aige), d'Óglaigh na hÉireann mar a bhí siad idir 1919 agus 1922 agus de na hÓglaigh frith-Chonartha (an IRA) ó 1922 ar aghaidh.
Rinne sé staidéar ar an dlí sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath i lár na 1920idí, cé nár glaodh air chun Bharra na hÉireann ach sa bhliain 1937.
IRA
cuir in eagarThacaigh sé le hEamon de Valera nuair nach raibh sé sásta leis an deighilt pholaitiúil idir Phoblacht na hÉireann agus Tuaisceart Éireann, cé go raibh sé ina stócach ag an am.
Níos déanaí, bhí MacBride ina bhall sinsearach den IRA agus ina Cheann Foirne air ó 1936 go 1937.
Dlí
cuir in eagarI ndiaidh gur glacadh le Bunreacht na hÉireann i 1937, d'fhág Mac Giolla Bhríde an IRA chun slí bheatha a bhaint amach sa dlí. Is minic a bhí sé ag cosaint poblachtaigh (rud a rinne sé ar feadh a shaoil oibre); chosain sé príosúnaigh de chuid an tIRA a bhí daortha chun báis. Bhí rath air go tapa, leis an toradh gur glaodh chun an Bharra Laistigh air sa bhliain 1943.
Polaitíocht
cuir in eagarTar éis An Dara Cogadh Domhanda, bhí MacBride i measc na ndaoine a bhunaigh Clann na Poblachta sa bhliain 1946. Toghadh chun Dáil Éireann é an bhliain dár gcionn. I ndiaidh olltoghchán 1948, rinneadh an tAire Gnóthaí Seachtracha sa Chéad Chomhrialtas de, sa chéad rialtas idirpháirtí in Éirinn ó 1948 go 1951.
Bhí MacBride cráifeach go smior[3][4] agus i bhfad amach ar an eite dheis i dtaobh cúrsaí shóisialta. Bhí MacBride agus Browne díreach trasna óna chéile go minic.
Thit an Comhrialtas sa bhliain 1951 den chuid is mó mar gheall ar an easaontas idir Mac Giolla Bhríde agus a chomhghleacaí sa pháirtí An Dochtúir Noel Browne maidir leis an Scéim "Máthair is Leanbh".
Atoghadh MacBride chun na Dála i 1951 agus 1954 ach theip air i 1957 agus 1961.
Cearta daonna
cuir in eagarBhí páirt ghníomhach ag MacBride agus an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine á dhréachtú agus á ghlacadh, go mór mór nuair a bhí sé ina uachtarán ar Choiste Airí Chomhairle na hEorpa (1949-50).
Chomh maith lena obair ag an mBarra, lenar lean sé ar aghaidh, bhí Mac Giolla Bhríde i measc na ndaoine a bhunaigh Amnesty International agus ina chathaoirleach idirnáisiúnta air ó 1961 go 1974.
Bhí sé ina ardrúnaí ar Choimisiún Idirnáisiúnta na nDlí-Eolaithe ó 1963 go 1971 agus ina Chathaoirleach (1968-74) agus ina Uachtarán (1974-85) ar an mBiúró Idirnáisiúnta um Shíocháin.
Coimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh na Namaibe ab ea é, idir 1973 agus 1977.
Sa bhliain 1974, bronnadh Duais Nobel na Síochána ar MacBride mar gheall ar an dea-obair a rinne sé ar son cearta daonna thar na blianta. Bronnadh Duais Leinín Idirnáisiúnta um Shíocháin air sa bhliain 1977.
Ina theannta sin, dhréachtaigh sé Prionsabail Mhic Giolla Bhríde, maidir leis an bhfostaíocht chothrom i dTuaisceart Éireann. Bhí sé go mór i bhfách leis an Ochtú Leasú ar an mBunreacht agus chuir sé in éadan an colscaradh a thabhairt isteach.
Lean sé ar aghaidh ag dlíodóireacht go dtí deireadh a shaoil beagnach agus phléadáil sé go leor cásanna tábhachtacha.
D'éag MacBride ina theach Caisleán Reabóige, Cluain Sceach, ar an 15 Eanáir 1988.
Cásanna tábhachtacha
cuir in eagarRe Ó Laighléis (1957), O'Donovan v AG (1961), Deaton v AG (1962), Ryan v AG (1964), The State (Quinn) v Ryan (1964), McGee v AG (1973), The State (Healy) v Donoghue (1976), The State (Lynch) v Cooney (1982), The State (Trimbole) v Governor of Mountjoy Prison (1985) agus Russell v Fanning (1988).
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "The Nobel Peace Prize 1974" (en-US). NobelPrize.org. Dáta rochtana: 2021-01-26.
- ↑ Scoil Dlí, COBÁC (2021). "Seán MacBride" (ga). Facebook. Dáta rochtana: 2021-01-26.
- ↑ John Bowman (13 Samhain 1999). "At the disposal of the archbishop" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2024-03-09.
- ↑ Elizabeth Keane (2004). "'Coming Out of the Cave': The First Inter-party Government, the Council of Europe and NATO, Irish Studies in International Affairs, Iml 15, ch 167-190". Dáta rochtana: 2024.