Stair Dhoire
Téann stair Dhoire siar níos faide ná 1,000 bliain.
Bunaidh agus luathstair na cathrach
cuir in eagarTá fianaise ann go raibh cónaí ar dhaoine sa chomharsanacht na mílte bliain ó shin agus tá iarsmaí seandálaíochta ar fud na háite. Ón gcrann darach a thagann an t-ainm Doire. agus is é bunbhrí leis ná coill darach, dairchoill.
I miotaseolaíocht agus béaloideas na nGael, deirtear gur thóg an Dagda an ráth Grianán Ailigh (atá suite ar Shliabh an Ghrianáin), dia agus rí mór le rá na dTuath Dé Danann, a throid in éadan na bhFomhórach sa dara Cath Maighe Tuireadh.
Sa séú haois bhunaigh Colm Cille (521-597) mainistir ansin, agus tugadh Doire Cholm Cille ar an áit in ómós dó.
Bhí an-rath ar an mainistir faoi cheannas chlann Mhic Lochlainn sna meánaoiseanna agus is cosúil nár ionsaigh na Lochlannaigh riamh í. Chaith na Normannaigh seal gearr sa chathair ach tháinig na Gaeil i gceannas arís go gasta. Thóg na Dochartaigh caisleán ansin timpeall na bliana 1500.
An 16ú agus an 17ú haois
cuir in eagarGhabh arm Sasanach seilbh ar an gcathair agus ar an mainistir ag tús na seachtú haoise déag. Bhí an-tábhacht leis an ngarastún a bhunaigh na Sasanaigh i nDoire le linn an chogaidh in éadan Aodh Uí Néill, ó bhí siad ábalta seilbh a choinneáil uirthi le linn d'arm na nGael a bheith buacach ar fud Chúige Uladh go dtí 1601.
Scrios Cathaoir Ó Dochartaigh an choilíneacht Shasanach áfach sa bhliain 1608, cé go raibh sé ag troid ar son na Sasanach in aghaidh Uí Néill. Ba ansin a cuireadh Plandáil Uladh ar bun.
Tógadh an chathair as an nua agus tugadh 'Londonderry' mar ainm uirthi mar gur comhlachtaí ó Londain a bhí i mbun na plandála. D'fhás an chathair go han-mhall agus ní raibh ach 2,000 duine ina gcónaí ansin timpeall na bliana 1680.
Rinne an Rí Séamus II iarracht an chathair a ghabháil sa bhliain 1689 ach bhí an lucht cosanta ábalta seasamh ina choinne go dtí gur tháinig an cabhlach chun fortachta orthu. Bíonn aontachtóirí agus dílseoirí na cathrach ag comóradh léigear Dhoire ar an 12 Lúnasa gach bliain.
Doire san 18ú agus san 19ú hAois
cuir in eagarD'fhás Doire go mór sa naoú haois déag mar gheall ar an tionsclaíocht. Bhí monarchana léinte agus línéadaigh sa chathair agus sna bailte máguaird.
An 20ú haois
cuir in eagarTar éis Chríochdheighilt na hÉireann tháinig meath ar an gcathair agus bhí dífhostaíocht an-ard ann, go háirithe i measc na gCaitliceach a bhí ina dtromlach sa chathair.
I ndeireadh na seascaidí, thosaigh feachtas ar son cearta vótála agus tithíochta sa chathair. Bhí na Caitlicigh in áit na leathphingine sa chathair ag an am. Bhog an tromlach na ndaoine in achan teaghlach thar lear mar ní raibh aon obair ná tithe ar fáil acu abhus agus an cleas is mó a bhí ag na haontachtaithe a bhí i gceannas ná, cé go raibh tromlach náisiúnaíoch sa chathair, b’éigean iad a chur faoi smacht agus rinne siad sin fríd an chlaonroinnt.[2]
“Cé go raibh tromlach 75 faoin chéad ag Náisiúnaithe Caitliceacha, 75 de na comhairleoirí, b’aontachtaithe Protastúnacha iad. Agus nuair a bhí smacht acu ar an chomhairle, bhí smacht acu ar ghnóthaí tithíochta agus chinn siad nach dtógfaí tithe úra ar thaobh na Cathrach rud a chiallaigh go mbeadh dhá toghcheantar acu go brách. Ní raibh Méara Caitliceach ar Dhoire ó 1921 go dtí 1972.”[2]
De réir a chéile, bhí teannas ag dul i méid ar fud an tuaiscirt agus náisiúnaithe ag iarraidh cearta sibhialta a bhaint amach. D’fhreagair an Stát agus lucht a tacaíochta leis an láimh láidir. Ach d'eascair feachtas fuilteach as an iarracht sin.
Na Trioblóidí
cuir in eagarAr an 12ú mí Lúnasa 1969, bhí scaifte ógánach ag bacán ag bun Shráid Liam nó William Street ag déanamh agóide in éadan mhórshiúl na bprintíseach a dhéanadh ceiliúradh bliantúil ar bhua na bProtastúnach le linn Imshuí Dhoire i 1689 ach a aithníodh mar mhasla ag pobal Caitliceach Dhoire. Thosaigh an dá dhream ag stróiceadh mionnaí móra ar a cheile ach d’éirigh sé níos measa agus d’imigh sé go hiomlán as smacht.[2]
Mhair Cath Thaobh an Bhogaigh ar feadh thrí lá agus thrí oíche agus "gach duine sa phobal diongbháilte nach mbeadh an bua ag an RUC a raibh oiread sin fuatha acu dóibh nó ag na Paisleyites a bhí ag cuidiú leo". Agus fórsaí an stáit traochta, don chéad uair ó tháinig an chríochdheighilt isteach, imscaradh saighdiúirí Shasana ar shráideanna na Sé Chontae agus tháinig ciúnas bhagarthach go malltriallach ar Dhoire. Cois Feabhail - agus i mBéal Feirste agus in áiteanna eile - cuireadh fáilte chroíúil roimh Arm na Breataine cionn is gur léirigh siad gur chaill an RUC an troid. “Bhí daoine ag moladh dúinne gan aon fháilte a chur roimh na Sasanaigh,” is cuimhin le Gearóid Ó hEára. “Roimh i bhfad, bhí na saighdiúir ag cur isteach orainn, ár stopadh agus ár gcur in éadan an bhalla lenár gcuardach".[2]
“Bhí difir idir muidinne agus muintir Bhéal Feirste cuir i gcás, mar ní raibh traidisiún láidir poblachtachais i nDoire. Tháinig muidinne ó theaghlaigh Chaitliceacha, náisiúnaíocha choimhéadacha ar chuid mhór bealaí".[2]
Dúnadh ceantair iomlána sa chathair agus bhí círéibeacha fuilteacha ann ón mbliain 1969 i leith. Rinne Arm na Breataine ionradh ar Thaobh an Bhogaigh, an príomhcheantar Caitliceach, sa bhliain 1972. Ach lean feachtas buamála agus maraithe ar aghaidh ar feadh breis is fiche bliain eile.
An 21ú haois
cuir in eagarDe réir a chéile rinneadh iarracht caighdeán tithíochta na cathrach a fheabhsú agus na cearta céanna a chinntiú do gach duine, agus tá an chathair ag bláthú ó shin.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "Beannchar/Banagher" (ga). logainm.ie. Dáta rochtana: 2024-07-25.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 Robert McMillen (Samhain 2012). "Agallamh le Gearóid Ó hEára" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2024-07-25.